Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

croí (50+)

+
Bhí faitíos mo chroí orm go n-ionsófá é
TUILLEADH (2) ▼
Tá faitíos a chroí air anois go dtabharfaí uain d'aon duine eile air fhéin
Murar thug sé sin aon ugach dó faoin inín, tá faitíos mo chroí orm dó nach bhfaighidh sé bean ar bith
 
'Sé T. an té is measa liom ar an bhfeadhain acu. 'Sé agus dhá mbeadh an oiread eile ann. Tá an croí mór aige. Dheamhan fear ariamh a rug ar scilling is lú scrupall inti ná é
 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó ligfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maíochtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl ina dhiaidh sin
 
fear
Fearfaidh mise do chomaoin ort fós. Ná bíodh faitíos ort. Ní hé deireadh an tsaoil é a dhuine chroí! — cúiteoidh mé do chomaoin leat; ní hé amháin go gcúiteoidh mé do chomaoin leat, ach cuirfidh mé ina cheann, agus is fhearrde thú é uaidh sin amach
 
fios
Tá a fhios ag do chroí istigh nach bhfuil aon phínn airgid agamsa ach an oiread is atá sé agat fhéin you realize full well yourself
+
fliuch 1
Ní dheachaigh aon fhliuchadh fuisce ar mo chroí (ar mo bhéal) le deich mbliana — braon ar bith
TUILLEADH (4) ▼
Níl fliuchadh ar a croí. Tá na beithígh ar fad imithe amach aici — níl deoir ar bith bhainne aici
Ní dheachaigh an oiread sin óil de fhliuchadh ar mo chroí cheana le bliain mhór fhada
"Dhá mhéad a cuid bua (bó), ní raibh fliuchadh ar a croí (de bhainne); Ach puisín go suaimhneach ag cumhdach an tí" As Na Ba Ciara agus Bána
Níl an oiread bainne againn anois agus a d'fhliuchfadh do chroí (do bhéal)
 
fliuch 2
Sláinte an bhradáin: croí tirim agus gob fliuch
 
Sin é an fear fobhairne atá ag de Valera sna bólaí seo. Tá sé chomh dílis dó sin anois, agus diabhal aithne air nach íocaíocht a fhaigheas sé ar a shon. Do dhúshlán aon cheo a rá faoi de Valera os a chomhair. Spréachfadh sé a dheartháir mo chroí. Spréachfadh a mh'anam, agus thabharfadh sé fút garbh é
 
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneoidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
 
'Sé croí na féile é a mhic ó! Níor rug aon fhear ar scilling i gcaitheamh an tsaoil ariamh is frasaí a chaithfeadh í ná é
 
Bhí cuid agus maoin aige ach d'fhága frasaíl a mhná gan bonn bán é. Bhí an croí mór aici. Rómhór a bhí sé.
 
fág i
Ní fhágfadh sé siúd súil in do cheann a dheartháir mo chroí
+
fág
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheartháir ó mo chroí thú, ní raibh mo chois istigh agam nuair a d'áitigh sí mé. Más thíos a frítheadh mé thuas a fágadh mé ar chaoi ar bith. Ach d'airigh sé gur ina theach fhéin a bhí sé. Níor mhór dhó!
 
Ara a dheartháir mo chroí thú, dhá bhfeictheá é! Ag gearradh fáinní agus dhá shníomh fhéin, agus ag iarraidh fear ar bith dhá raibh ann amach ar fair play. Ara ag magadh faoi a bhí muid
 
féar
Mura dtograí tú a gceannacht (gamhna), fág i do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirim dom fhéin iad — tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach anseo, nó go ndéanfaidh mé farasbarr buntáiste orthu
 
A dheartháir mo chroí thú, tá cantáil ar a chuid scéalta anois. Dheamhan lá san aer nach dtagann duine eicínt de lucht na Gaeilge sin thiar chuige ag piocadh as. Tá sé ina ridire acub le tobac agus airgead.
+
bannaí 1
Más é a bhí i mbannaí ar Mhícheáilín, caithfidh sé díol a dhéanamh anois agus sin é fhéin an drochdhíolaí. Dheamhan níos measa sa tír. Ní bheadh aon rún aige scaradh le pínn ar bith dhá bhféadadh a chroí é.
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit a bhean chroí! Ní fhéadfá a dhul i mbannaí ar an leanbh sa gcliabhán anois, mar tá na daoine níos seanóraí agus níos aicisí ná a bhíodar fadó. — ní fhéadfá bheith cinnte, nach ndéanfadh an leanbh sa gcliabhán dochar agus díobháil.
 
"Is deas a chuir m'athair fúm, capall ag iarraidh mná; leagadh faoi bhealach í, agus briseadh a croí ina lár" (as amhrán)
 
Tá sé fánach agat a bheith ag trácht ar Ghaeilge le muintir na háite seo, a dheartháir mo chroí thú, tá an Béarla chomh bealaithe isteach iontub anois agus nach bhfuil i ndán dóibh scaradh leis go mbaintear na teangachaí amach astub.
 
beo 1
Ní bhfaigheadh Críostaí an bhéil bheo ina chlaonta a leithide de chleas a dhéanamh ar dhílleachta bhocht lag, ach níl scrupall ar bith ina chroí siúd.
 
beo 2
A dheartháirín mo chroí thú, ní beo liom mo bheo chor ar bith ó bánaíodh an teach, agus ó d'imigh na gearrbhodaigh uaim.
 
biorach 1
Ní ligfeadh sé sin an cíonán thairis biorach, a dhuine mo chroí — bíonn mámh is fhearr ná an cíonán aige i gcónaí; tá sé an-bhuailteach; bíonn sé tráthúil leis an mámh bairr i gcónaí
+
bior
Tá mo chroí dóite ag an gceann ar bior sin. Ní fhaca mé go hiomaí aon ghasúr is míshuaimhní ná é.
TUILLEADH (1) ▼
Má éiríonn aon cheo dhó sin agus é ina bhior in aon tsúil, is gearr a mhairfeas an mháthair le duifean croí ina dhiaidh.
 
bocht 1
Má tá sí bocht fhéin, tá croí mór fairsing aici.
 
bocht 2
Is ag na boicht a bhíonns an croí mór i gcónaí.
 
D'áitigh air agus 'sé an bollaire é a mhic ó mo chroí! — thosaigh air ag caint nó ag sciolladóireacht, agus tabhair glaomaire air!
+
"Teachtain ón gceol dom, agus mé breoite lag tuirseach ón oíche; Sea dhearc mé mo stóirín, ar mhóinín lách geanúil ina suí.; A grua mar an rósa, 'sí a bhreoigh agus a mharaigh mo chroí; Agus an té a bhlaisfeadh dhá póigín, 'sé is dóigh liom, bheadh fad ar a shaol" ("Céad slán don Abhainn Mhóir")
TUILLEADH (1) ▼
"Trua géar gan mé in mo smóilín, is deas a leanfainn thríd an ród thú; le cumha i ndiaidh Bláth na hÓige, mar bhreoigh sí mo chroí" ("An Sceilpín Draighneach")
 
breá
Is breá ó Tom Sh. amhrán a chur amach dhá chroí — bíonn croííúlacht agus meanmna ina chuid foinn.
 
broim
Bhí sé le broim a mhic ó mo chroí, faoi nach gcoinneoinn na bainbh uaidh
 
'Sé an broimseálaí é, a mhic ó mo chroí. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air broicneáil bhuailte a thabhairt dhá raibh sa teach faoi nach bhfaigheadh sé cead imeachta.
+
bruach
I nDomhnach, bhí sé sách bocht scaitheamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó cuid dhá chuid talúna a dhíol? Ach dar fia, tá sé bruach ar bhruach leis an té is fhearr ar an mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croí. Is fhearr éirí as ná titim ann, adeir siad.
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheartháir mo chroí, ná samhlaigh obair dhomsa go ceann míosa fós! Nach raibh mé ar bhruach na huaighe go dtí seachtain ó shin!
 
Nach groí an rud é sin fhéin anois! An bhfeiceann tú an garraí sin chomh lom le croí do bhoise in áiteachaí, agus bréinleach chomh glas le geamhar in áiteachaí eile.
 
Tá dhá chroí aige le aeraíl.
+
aer
A mhic ó mo chroí, 'siad atá molta go haer aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí dhá chroí aige sin nuair a bhíodh sé ag imeacht ar aer an tsaoil.
+
Bhí sé ag ligean aiféala air fhéin, ach ní óna chroí é.
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh aon trua istigh ina chroí do chréatúr, ba mhór í a aiféala fúm, ach níl
B'fhada amach óna chroí an aiféala sin — ní ón gcroí a tháinig a chuid aiféala; ní aiféala dháiríre a bhí air
 
Is mór an t-ionadh go ligfeadh an croí dhó an oiread sin fhéin a chaitheamh le boige shíne.