→
                  
                    
                      dúshlán 
                    
                  
                
              
            dúshláin (2)
                  
                    
                      +
                      
                    
                  
                  
                      
                    
                      
                      
                    
                  
                
              
            
                    →
                    dúshlán 
                  
                  
                    Thabharfadh sé siúd dúshlán an tsáirsint féin dhá gcaitheadh sé ina cheann é.  Is air nach mbeadh an mhoill.  Chonaic mé ag tabhairt dúshláin an phóilí rua é ansin thoir lá aonaigh.  D'iarr sé air a dhul abhaile, agus thug sé a dhúshlán é a chur abhaile.  Dheamhan tréas ná a dhath a chuaigh air faoi
                    
                        TUILLEADH (1) ▼
                      
                    
                  
                    Ní bhíonn mórán de bharr an dúshláin scaití ach malaí gearrtha agus dlí agus clampar.  Séard ab fhearr do dhuine, a bhealach a dhéanamh agus gan aird a thabhairt ar leath dá gcuirfidh araoid air.  Ba é an chaoi ba suaimhní é sa deireadh