Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deaid, deaide, deaidín
ainm-fhocal
deaide is mó adeirtear
Deaide agus Mama is mó a thugas clann ar a n-athair agus a máthair i gcomhnaí, is cuma cé'n aois a bhéas ag an gcloinn sin. Is annamh athair ná máthair aca nó go mbeidh an tsean-lánúin imithe ar chaoi ar bith. An uair sin fhéin, is minice deaide agus mama aca ná athair agus máthair, cé go labhróchaidís ar a máthair corr-uair agus í beo féin. Ní bhíonn caint ar dheaideó ná ar mhaimeó cho minic sin
ainm-muirne nó teantáis ar athair mar bhíos dad, dada, nó daddy nó papa i mBéarla.
+
Cá'il do dheaide (nó cá'il deaide? Is minic adeirtear an focal sin agus mama agus deaideo agus mamó gan aon-alt)
Níl duine ar bith istigh ach deaide agus mama
TUILLEADH (10) ▼
Bhí deaide (mo dheaide) agus mé féin ann
Is gearr go mbeidh tú cho mór le do dheaide bail ó Dhia ort!
'Siad súile do dheaide atá agad. Ó, is le muintir Ch. atá tú ag dul
Ná bac le deaidín anois. Tá tú as do Dheaidín go ceann scathamh eile = páiste a bheadh ag iarraidh a athar, agus go mbeadh sé imighthe
Is le deaide mé. Is mé mac bán dheaide = gasúr ag caint nó ag aithléigheamh ar an rud adéarfaí leis
Cé leis thú? Le mama nó le deaide?
Teirigh anonn go dtí deaide (do dheaide) anois
Sin í capall dheaide
Is olc an peata de dheaide atá aige sin!
Is cam a bhreathnóchadh an bodach is deaide dhi uirre dhá dtugadh sí isteach an cleiteachán sin aige
·
An bhfuil do dheaide mór le dhul ar an bportach indiu? = caint fhachnaoideach faoi athair gasúir (ní sean-athair)
Gabh suas agus tabhair anuas chugam an píopa a choinnigh do dheaide mór orm indé.
·
Bhí aithne mhaith agamsa muise ar Pheadar Dheaid, agus ba ghnaoidheamhail an fear é freisin

Féach freisin