Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deaide, deaid, deaidín
ainmfhocal
deaide is mó adeirtear
deaide agus mama is mó a thugas clann ar a n-athair agus a máthair i gcónaí, is cuma cén aois a bheas ag an gclainn sin. Is annamh athairmáthair acu nó go mbeidh an tseanlánúin imithe ar chaoi ar bith. An uair sin fhéin, is minice deaide agus mama acu ná athair agus máthair, cé go labhróidís ar a máthair corruair agus í beo féin. Ní bhíonn caint ar dheaideo ná ar mhaimeo chomh minic sin (fc. deaideo)
ainm muirne nó teanntáis ar athair mar a bhíos dad, dada, nó daddypapa i mBéarla.
+
Cá'il do dheaide (nó cá'il deaide? Is minic adeirtear an focal sin agus mama agus deaideo agus mamó gan aon alt)
Níl duine ar bith istigh ach deaide agus mama
TUILLEADH (10) ▼
Bhí deaide (mo dheaide) agus mé féin ann
Is gearr go mbeidh tú chomh mór le do dheaide bail ó Dhia ort!
'Siad súile do dheaide atá agat. Ó, is le muintir Ch. atá tú ag dul
Ná bac le deaidín anois. Tá tú as do dheaidín go ceann scaithimh eile — páiste a bheadh ag iarraidh a athar, agus go mbeadh sé imithe
Is le deaide mé. Is mé mac bán dheaide — gasúr ag caint nó ag athléamh ar an rud adéarfaí leis
Cé leis thú? Le mama nó le deaide?
Téirigh anonn go dtí deaide (do dheaide) anois
Sin í capall dheaide
Is olc an peata de dheaide atá aige sin!
Is cam a bhreathnódh an bodach is deaide dhi uirthi dhá dtugadh sí isteach an cleiteachán sin aige
·
An bhfuil do dheaide mór le dhul ar an bportach inniu? — caint fhachnaoideach faoi athair gasúir (ní seanathair)
Gabh suas agus tabhair anuas chugam an píopa a choinnigh do dheaide mór orm inné.
·
Bhí aithne mhaith agamsa muise ar Pheadar Dheaid, agus ba ghnaíúil an fear é freisin

Féach freisin