Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlíodóir
/d′l′ī:dōr′/
fear dlí; aighne; fear a bhfuil smeareolas nó tóir ar an dlí aige.
+
'Sé M. D. an dlíodóir is fearr acu ar fad. Má chinneann cúis air sin, tá sí ina diabhal ar fad
Togha dlíodóir é, ach leanann sé duine an-daor. Ach is fiú é. Bíonn a shásamh ag duine ina dhiaidh sin
TUILLEADH (3) ▼
Chaith na dlíodóirí an lá ag scoilteadh cainte agus gan a fhios ag aon duine cé faoi a raibh siad lena liagáistí a bhí acu
Níl aon dlíodóir istigh i nG. is fhearr ná é sin, ainneoin nár chaith sé lá ariamh ag an scoil
Nach cumasach an dlíodóir é i gcónaí! Beidh sé ag plé leis an dlí nó go bhfága an dlí a chosa nite

Féach freisin

dlíodóir in iontrálacha eile (9)

 
'Sé Baile an Daighin é má dhéanann siad rud mar sin: a chuid féin a bhaint den duine bocht. Ní fhéadfaidís a dhéanamh. Nó dhá bhféadadh, is cneámhairí ar na hailt na dlíodóirí. Ar ndóigh ní dadaí eile iad
 
Bainfidh ceann eicínt acu amach é, má théann siad chun dlí, ach i ndeireadh na scríbe, is cuma eatarthu é. Is beag is fiú an áit nuair a bheas na dlíodóirí réidh leis
 
dlí
Ní ceird ar bith a bheith ag dlí. Ní ghnóthaíonn air sin ach dlíodóirí agus breitheannaí (breithiúin)
 
dligh
Deir siad pínn ar bith airgid dhá bhfuil dlite ag S. M. — go ndéana Dia grásta air — go bhfuil dlíodóirí dhá éileamh anois, agus ar an gcóir chéanna, pínn ar bith dhá bhfuil dlite ag aon duine air, go bhfuil siad ag iarraidh fairnéis faoi roimh a leithide seo de lá. Dheamhan a fhios agam féin nach é Lá Fhéile Peadar is Pól é. Tá an áit le cantáil uileag más fíor. Is dochreidte an scéal nach bhfanfadh na hiníonachaí ann, ach tá sé ráite nach bhfuil aon luí acu leis, théis (tar éis) gur áit bhreá é
 
Sin é an áit a bhfuil an dlíodóireacht ar siúl sna hoifigí sin. Tá suas le dháréag dlíodóirí ann ar fad
+
Is diabhlaí doghrainneach a bhí sé ag dul dom aréir. Bhí a fhios agam nuair a bhain sé amach sa tsáraíocht nach gcuirfeadh an diabhal ina shost é. Cén bhrí ach an chaoi a raibh sé ag iarraidh údair ar chuile shórt dhá raibh mé a rá. Bhí sé fánach agamsa údar a thabhairt dó, agus dhá dtugainn féin, ní bheadh aon mheas aige orthu. Sin é an chuid is measa den tsáraíocht i gcónaí. Ach ní fear ar bith é siúd le dhul ag sáraíocht leis ar aon nós. Leanfaidh sé chuile mhíle focal go bhfeicfidh sé an bhféadfaidh sé brabach a fháil ar thada. Dlíodóir ceart é
TUILLEADH (1) ▼
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
 
dóigh 1
Is dona an dóigh dhó a dhul ag turnae (aturnae) faoin scéal mura bhfuil fianaisí (fianaise) aige thairis sin air. Tá sé breá go leor a bheith ag caint anseo ar leic an teallaigh, ach níl sé chomh réidh sin ceart a bhaint den bhreitheamh ná de na dlíodóirí a bhíos ansiúd. Chabálfaidís thú ar iontú an tsoip
 
Beirt dearthár a bhí ann agus deirfiúr. Bhí an deirfiúr pósta agus triúr clainne aici. Níor phós ceachtar de na dearthárachaí ariamh. Séard a rinneadh leis an uachta, cheithre leith droimscoilte a dhéanamh di, cuid ag chaon dhuine de na deartháracha, cuid ag an deirfiúr, agus cuid eile ag a clann eatarthu. Deirimse leat go mba bheag é cuid an duine di nuair a bhí sí roinnte amach agus a ailp féin bainte ag chuile dhuine aisti. Ara ag na dlíodóirí a bhí an ceann ramhar di — deile