Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fóideóg
Ainmfhocal: Buineann.
Is éiginnte an chiall atá le fóideóg ná le fódfóidín. Cialluíonn fóideóg go hiondúil, fód mí choimseardha móna, spreab mhíchoimseardha den láighe, toirteógaí beaga etc. Is mó é ná "fód" ná "fóidín". Dar ndóigh is créafóg nó sraith den talamh i gcoitinne a chialluíos "fód" go minic (fc. fód).
a.
·
Baineann sé in a fóideógaí móra í (móin), agus ní thriomódh grian na nInniachaí in a dhiaidh í
b.
+
D'aithin mé ar an bpuinnte gur ag baint fóideógaí chuig (ag) an scéal a bhí sé" = "ag baint fóide nó spreabanna"; ag tosaighe ag tarraint anuas an scéil, nó ag leigint an scéil chugad; "broaching the matter"
Ná bí ag baint fóideógaí chor ar bith anois, ach abair amach a bhfuil le rádh agad. Ní call a theacht ar bhoird chuige chor ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Ní dhéarfaidh sé amach leat é gan frapa gan taca chor ar bith, ach tosóidh sé ag baint fóide ag an scéal. Caithfidh sé an-fhada sul má tharraingeós sé anuas ceart é
Cho luath agus a thosaigh sé ag baint na bhfóideógaí, bhí a fhios agam féin cén froisín a bhí in áirid dom, agus chrap mé liom ar an toirt. Ghlaoidh sé orm cupla uair, ach níor leig mé orm fhéin gur chuala mé beag ná mór é.
Ní raibh mé achar ar bith ag caint leis, nuair a thosaigh sé ag baint fóide faoin "bpump". Ach d'fháisc mé fhéin ag maircíocht ar an "mbicycle" agus d'fhága mé annsin é. Síleann sé fós gurb agamsa atá sé

Féach freisin

fód