feothan, feochan
—ainmfhocal, fireann
—is iomaí leagan ar an bhfocal: feothan (/f′ōn/, /f′ōhəɴ/) thríd Chois Fharraige agus an chuid is mó de Chonamara. Ach mar sin fhéin lá fearthainne agus feochain adeirtear, agus tine fheochain (Camas, Ros Muc srl.) cé go gciallaíonn feochan freisin withering srl. Tá feo, feochan, agus feothan in Árainn. Feochan amháin a chuala mé ar an Achréidh, agus 'sé an focal is coitianta ar ghaoth mhóir nó ar stoirm ann é. Tugtar feochan nó feochan gaoithe amantaí i gCois Fharraige ar ghionnóid (deannóid) nó ar dheoladh bheag gaoithe a bheadh ag ardú agus goimh ag teacht inti. Ach níl ann ach leagan eile ar beochan .i. freshening
—
gála maith; stoirm; gaoth dheannachtach; stolladh maith gaoithe; farra mór; leathghála ar an bhfarraige srl.
a.
+–
Tá an oíche glanta amach chun feothain (chun feochain, Achréidh) — cuma ghála nó stoirme ag teacht air
Tá an bháisteach stoptha agus é glanta amach chun feothain ar fad. Diabhal a fhios agam nach séideadh ina stoirm a dhéanfadh sé. Níl aon dea-ghotha air
TUILLEADH (8) ▼
Ardóidh sé ina fheothan — tiocfaidh gála
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan; tiocfaidh gaoth mhór agus fearthainn. Imeoidh an solas de na réalta, den ghréin agus den ghealaigh" — as dán diaga a thosaíos: "Trí scóir a bhí an Naomh Joseph"
D'ardaigh sé chun feothain as sin go maidin. Bhí daoine ina suí ag ceapadh go mbeadh tithe ag fuadach
Tá linn mura dteaga sé chun feothain agus chun gaoithe móire
"Trí ghaoth gála; trí ghála feothan; trí fheothan gaoth mhór" (nó stoirm); trí ghaoth mhór (stoirm) haraicéin (hurricane) — comhairtear an ghaoth mhór i gcónaí níos láidre ná feothan .i. "Oíche na Gaoithe Móire" (1839)
Ní raibh baol ar bith ar na hoícheantaí eile a bheith chomh dona léithe muran ag dul chun feothain atá sí. Tá an ghealach an-scanraithe agus í caite ar cúl a cinn siar aduaidh
Bhí feochan ar an bhfarraige inné. Curachaí a bhí thiar in Árainn Mhóir, d'fhéach sé iad a theacht aniar
Is minic le na glaschuanta sin feothan a bheith orthu. 'Siad na cuaifeachaí sin is measa
+–
Lá fearthainne agus feothain a bhí ann — lá doininne agus gála; bhí gála agus báisteach ann i gcuideacht
M'anam nach bhfuil sé chomh hantlásach agus go gcorróidh sé amach lá fearthainne agus feothain. Tá na boinn le tine aige faoi seo cheapfainn
TUILLEADH (3) ▼
Fanadh fear istigh lá fearthainne agus feothain. Is iomaí lá thairis aige. Dheamhan maith san obair, má bhíonn duine as a shláinte
D'fhéadfá lá fearthainne agus feothain a thabhairt air. Ní ligfeadh an lá céanna luch as poll ná diabhal as ifreann. Ba daor a cheannaigh mise an lá sin
Ar ndóigh ní lá fearthainne ná feothain é le go bhfanadh sé istigh ag buachailleacht na splaince inniu. Scáth an brádáinín báistí sin. Séard a dhéanfadh sé maith dhó! Is trua ghéar nach raibh sé suas le mo linnse (nuair a bhí mise in m'óige)
b.
+–
Tá sé ina fheothan mhór (/ɴ′ōn/) — tá sé ina ghála, ina stoirm
Ní fhágfaidh sé déas choirce gan scoireadh. Tá sé ina fheothan mhór
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan puth a bhí ann go dtí an seacht a chlog. Shílfeá gur ghéaraigh sí (an ghaoth) ansin. Ach idir an naoi agus an deich bhí sé ina fheothan mhór. D'aireofá an teach dhá shníomh
+–
Ba in í Oíche an Fheothain Mhóir — oíche an ghála mhóir; oíche na Stoirme
Oíche an Fheothain Mhóir ceathair nó cúig de bhlianta ó shin, ba in í an oíche thar oícheantaí an domhain a raibh sé anseo. Bhí sé líonraithe, mar tá an-fhuagairt ar ghála ag na teach seo
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta, má mhaireann di is gearr go mbeidh sí ina hoíche an fheothain mhóir
Ghabhfadh sé sin chun farraige lá an fheothain mhóir. Níl tada in ann a choinneáil istigh
An gcuimhníonn tú ar an lá fadó a rabhamar ag teacht as G. agus dhá bhicycle againn. Fuadaíodh thusa suas bóthar na bhF. Ba in é lá an fheothain mhóir ar chaoi ar bith
c.
+–
Sin scal fheothain (scaltrachaí feothain: Cois Fharraige) sin tine fheothain (Camas) — scaltracha a chaitheas sé le linn gairfin, nó ag tuaradh gairfin agus glas aimsire. Ní bhíonn toirneach ar bith leo
Gheobhaidh tú tuilleadh breacaimsire. Tá sé ag caitheamh scaltrachaí feothain anocht
TUILLEADH (2) ▼
An bhfaca tú an tine sin? Tine fheothain í. Níl aon dea-uair fós air
B'fhéidir gur ag athrú na haimsire atá na léasáin sin. Ach m'anam go sílim nach ngabhfaidh sé ar dhea-uair go ceann scaithimh eile. Tá "seo" scaltrachaí feothain dhá chaitheamh aige
d.
+–
Cluasa feothain atá agatsa — duine a mbeadh cluais bhodhar aige, nó b'fhéidir nach mbeadh sí bodhar chor ar bith ach nach bhfeilfeadh dó rud áirid a chloisteáil, agus go ligfeadh sé chun neamhaird é
Tarraing an cuaille de chluais sin agat. Cluasa feothan atá ort. Nach neamhairdiúil an chaoi a bhfuil tú!
TUILLEADH (1) ▼
An bhfuil tú ag éisteacht a chluasa feothain? Cogram seo i leith!
feothan in iontrálacha eile (10)
+
"Tiocfaidh stoirm, tiocfaidh feothan, tiocfaidh gaoth mhór agus tiocfaidh fearthainn; Imeoidh an solas as na réalta, as an ngréin agus as an ngealaigh …" As dán diaga — Trí Scóir a bhí an Naomh Joseph)
TUILLEADH (1) ▼
Ní fheicfidh tú amuigh é lá fearthainne ná feothain — lá báistí na gála (fc. feothan)
→
forbhás
Tá dhá bhríce ar forbhás sa simléar ó oíche an fheothain mhóir. Titfidh siad ar dhuine eicínt
Oíche an Fheothain Mhóir anuraidh, meas tú nach raibh an balla sin thiar ag brónfháscadh. Tá sé scoilte go talamh ar aon chor
→
foithnín
Níor fhága an feothan mór siúd anuraidh foithnín ar an teach aige. Nocht sí isteach go caolach é — a dhath tuí dhín
Is deannachtach go deo an oíche í anois. Shílfeá go bhfuil scaltrachaí feothain ann freisin. Is suarach an t-ionadh agus chomh gártha agus atá sí
Is mór an feothan gaoithe é, diaráiste leat a Dhia agus a Mhuire! Ní fhágfaidh sí scraith ar an teach. Croith an t-uisce coisricthe i mbéal na gaoithe
→
droim
Nach diabhlaí an feothan a bhí aréir ann agus gur cuireadh aníos an snáth siúd thar dhroim na duirlinge, agus ionann is suas go dtí claí na corraí … Anois céard adeir tú!
→
téigh ar
Shíl mé nach rachadh sé ar na séideogaí seo aríst go ceann tamaill. Ach bhí saighneáin ann ar ball, agus tá sé ag caitheamh corrscail feothain. Tabharfaidh sé an ghealach seo uaidh anois. Cáid go mbeidh sí caite. Níor cheart di mórán achair a bheith uirthi anois. Ní raibh ann ach tóinghealach trí nó ceathair d'oícheantaí ó shin nuair a d'éirigh mé ag breathnú ar an mbó