Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

foghla (11)

 
Tharasbarr cuthach a bhuail é nuair a chonaic sé fear na foghla ag ardú an chlaí
+
Fadó dhá ndéanadh beathach foghail, thabharfaí amach an measadóir leis an bhfoghail a mheas agus an méid a mheasfadh sé ina hómós, chaithfeadh fear na foghla a íoc
TUILLEADH (5) ▼
Fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach; 'sé fálú an ghoirt (an ghairdín) é théis na foghla — an rud ba chóir duit a dhéanamh roimh ré, é a dhéanamh nuair a bheadh an millteanas déanta
Níl sé ag dul ag cuartaíocht chor ar bith anois ann ó héiríodh roimhe ag teacht abhaile as. Fál ar an ngort théis na foghla. Ní bhfaighidh sé aon fhios go deo cé a d'éirigh roimhe
Bíodh cluais bhodhar ag fear na foghla; cluas bhodhar ag fear na foghla — is mór adéarfar leis, agus a chaithfeas sé a ligean thairis, má bhíonn an millteanas déanta aige féin ná ag a chuid beathach
D'ith sí agus liobair sí mé ach níor dhúirt mé fhéin tada. Cluais bhodhar ag fear na foghla ar ndóigh!
Céard a d'fhéadfainn a rá? Nach raibh a iothlainn ar fad millte acu. 'Sé an rud is lú d'fhear na foghla cluais bhodhar a bheith aige
 
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionsaigh N. é. Dar mo choinsias, tá a bhfuil d'fhataí ag P. i mbarr an bhaile foghlaithe millte. Beithígh N. a rinne é. Leag siad an claí teorann
 
'Sé fálú an ghairdín é théis na foghla(ch) — fál ar an ngort i ndiaidh na foghlach srl. (fc. foghail)
 
dlúth 1
Bhí sé sin de dhlúth agus d'inneach iontu go tóin. B'uafás é a seanathair M. M. Fuair sé gamhainín le M. G., baintreach a bhí sa teach a bhfuil T. Ó C. anois ann, fuair sé é istigh i ngarraí fataí leis thuas i mbarr an bhaile uair. Ba bheag a bhí foghlaithe ag an ngamhainín. D'fhága sé ansin é agus tháinig sé anuas go teach de mhaoil a mhainge go bhfuair sé láí agus píce agus téad. Chreidim gur rún a bhí aige a chrochadh leis an téid, dhá gcinneadh sé air leis an láí agus leis an bpíce. Cén bhrí ach chuaigh sé suas agus anuas thar teach na baintrí gan caidéis ar bith a chur uirthi. Ghiorraigh sé leis an ngamhainín ar aon chor agus d'fheann sé é, agus d'ardaigh sé leis anuas an craiceann. Ag teacht anuas thar teach na baintrí dhó, d'fhuagair sé uirthi: 'Gabh suas agus cuir do ghamhain,' adeir sé. 'Thug mise an craiceann liom in ómós foghla'
 
Gheobhaidh sí sin dualgas an tslisne uaimse fós in ómós na foghla sin. Cuirfidh mise cuid is mó ná sin as di feicfidh tú féin