fuagairt (40)
→
fáir
Dhá mbeinn ag fuagairt go maidin air, ní thabharfadh sé fáir ná freagra orm. Lig sé air fhéin nár chuala sé beag ná mór mé. Mo léan géar, sé a chuala!
+
→
bruach
Má tá sé ar bhruach na huaighe, is maith greadánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as an seomra inné é, ag fuagairt orthub na claíochaí i mbarr an bhaile a bhiorú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saol ag déanamh an imní dhó fós!
TUILLEADH (1) ▼
Nach mbíonn sé amach ar bhruach na Samhna shula dtosaíonn sé ag fuagairt faoistin. Tá moill mhór fós air.
Bhí achrann ar an mbaile seo thiar inné. P. a chuaigh ag fuagairt foghla do N. agus d'ionsaigh N. é. Dar mo choinsias, tá a bhfuil d'fhataí ag P. i mbarr an bhaile foghlaithe millte. Beithígh N. a rinne é. Leag siad an claí teorann
+
→
fuagair
Chuirfidh sé na diabhail den Chruaich ag fuagairt ar an asal an áit a raibh sé ag dul sa gcoirce — ag béiciúch air; ag rá leis gan a dhul ann
TUILLEADH (19) ▼
Chaith sé an lá ag fuagairt ar na fir an áit nach raibh siad ag déanamh aon bhuille
B'fhearr daoibh fuagairt air breathnú i ndiaidh a chuid beathach nó go ndéana siad foghail
Chuaigh mise suas aige cheana ag fuagairt foghlach dó agus mhaithfeá dó Dhia gan a bheith ag éisteacht leis, leis an bhfeannadh a thug sé dhom
Tá sé seo thuas ag fuagairt siar ansin — ag béiciúch; ag bollaireacht
Lig de do chuid fuagairt anois má tá do leas ar Dhia
Bhí mé ag fuagairt ort ó mhaidin, ach níor chuala tú mé
Bíonn sé go hacht is go háirid ag fuagairt do de Valera ag glaoch dó: ag cheering
Cén dream a bhfuil tusa ag fuagairt dóibh?
Bhí fear thíos ar an aonach inniu ag fuagairt seanéadaigh — ag glaoch amach go raibh seanéadach le díol aige
"B'fhearr liom i nGaillimh ag díol scuaba, Agus ag fuagairt dhá cheann ar an bpínn … " (leathrann)
Téann siad thart ag fuagairt móna (le díol) chuile ré solais i nGaillimh
Bhí ceannaí ag dul thart anseo síos ag fuagairt bhuicéid inniu
Chuaigh beirt as sin thoir thart anseo aréir ag fuagairt show sa mbóithrín seo thoir san oíche amárach. Beidh monkeys ann
Má chuireann tú crainnte ar an taobh sin den teach sáróidh siad thú ag fuagairt gaoithe
Bíonn na mulláin sin ag fuagairt le athrú uaire — nuair a bhíos an uair ar thí athraithe, bíonn torann ag na mulláin sin
Tá an teach sin an-chrochta agus fuagairt an ghála ann thar cionn
Tá an Banra (cora sa gcladach) ag fuagairt. Níor fhuagair sé ariamh ach le báisteach
Uair bhreá atá air. Tá an eas ag fuagairt anocht — torann aici
Ab í an abhainn atá ag fuagairt. Is diabhlaí an fhuaim atá aici. Dheamhan a fhios agam an le triomach nó le gairfean a fhuagraíos sí, ná cuid d'fhios
→
faltanas
Tháinig sé isteach anseo ag fuagairt foghlach, agus chreidim go mba bheag leis a bhfuair sé de shásamh. Diabhal blas a rinne sé ach breith ar an gclog agus a bhriseadh as faltanas
→
feall 1
Níl feall go héag ach gur ligeadh leis é. Ba dona an dream sibh. Breá nár bhac sibh é? Dhá mba fear aitheantais a dhéanfadh é, mo choinsias is maith gasta a bheadh triúr agus ceathrar agaibh ag fuagairt air
→
fál
M’anam más leis a dhul ag fuagairt foghlach go gcaithfidh sé deis a chur ar a chuid fálta thar mar atá orthu
Ar fhuarsceird atá an teach aige agus tá fuagairt na gaoithe ceart ann. Nach diabhlaí nach síos sa ngleann ar an bhfoscadh a rinne siad é
→
daba
Dhéanfadh sé dúchan an tsaoil, ach ní bhíonn cuma curtha ar fhata ar bith ina dhiaidh. Bhí sé dhá lá ar páí agam sa ngarraí sin thiar anuraidh, agus b'éigean dom a bheith ag fuagairt air chuile mhionóid, na dabaí móra righne siúd atá sa gcúl láir a mhionú. Dheamhan an láí fhéin a chuirfeadh sé thríob
Is dea-dhíolaí é anois le gairid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí anseo thoir roimhe chuile uair dhá dtéadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
→
deachma
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
→
diaidh
Cuirfidh mise ó bhreathnú i ndiaidh do ghualann thú má théim síos chomh fada leat. Scread mhaidne ort a ghiolla na buinní, is beag a mhillfí ort nuair a chuirfeá sna gaiseití é. Is beag a bhéarfadh air fuagairt orainn anois scáth aicearra a dhéanamh thrí phóicín de thalamh bán. Dhá mbeadh cosán trína chuid cuir mar atá thríd an gcur s'againn féin, bheadh údar clamhsáin aige.
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
→
Domhnach
Ar chuala tú fear Chonamara ag imeacht ar na cnocáin ansin siar ag fuagairt Bean Domhnaigh i ndiaidh na bó. Diabhal easna dhíom féin agus d'A. nár lean siar é, agus chuaigh muid isteach sa gcarracán mór agus thosaigh muid féin ag fuagairt Bean Domhnaigh. Tá an-mhacalla — an-fhuaim — ansin, agus ní raibh áit ar bith siar ansin nach gcloisfeá Bean Domhnaigh
→
doscúch
San am sin bhíodh na bossanna an-doscúch le na fir oibre, ach d'imigh an saol sin. Is beag an baol go bhfeicfidh tú boss ag maíochtáil ná ag fuagairt ar lucht na hoibre anois. Is maith an scéal nach bhféadann siad. B'olc an t-eallach iad nuair a bhí an power acu
Ní fhaca mé a mhacasamhail i gcaitheamh an tsaoil ariamh, tá sé chomh díbheirgeach sin. Chuaigh sicín linn soir anuraidh sa ngarraí gleannach siúd aige taobh thoir daoinne (dínne, d leathan). Dheamhan a raibh a fhios againne céard ba cor di, ná go raibh sí ar a chuid chor ar bith. Is uair sna naoi n-aird a thaobhaíodh aon chearc linn é, mar ní thugann muid d'fhaisean dóibh a dhul ann ach a gcoinneáil ruaigthe taobh siar i gcónaí. Bhí mé ag gearradh cuid muc ar an tsráid théis am dinnéir agus níor airigh mé ariamh a dheirfiúr m'anama thú, gur caitheadh an sicín anoir thar an gclaí le m'ais agus í dícheannta. Nár fhága mé seo mura raibh. Chuir sé féin a chloigeann thar an gclaí. 'Coinneoidh mise feoil libhse,' adeir sé 'mura gcoinní sibhse a (bhur) gcuid cearc uaimse.' Nár dhíbheirgeach an mhaise dhó sin é. Ní chásóinn chor ar bith í, dhá mbeadh millteanas le déanamh aici, ach ní raibh. Shílfeá go bhféadfadh sé a fuagairt agus a rogha rud a dhéanamh léithe dhá mbeireadh sé aríst uirthi. Dheamhan fuagairt muis, ach an cloigeann a bhaint anuas ón dúid di