furú, forra
—ainmfhocal, uaillbhreas
—furú is mó adeirtear
1.
uaillbhreas.
+–
Furú! Amach anseo! — déarfadh gasúir é agus iad ag spraoi, go háirid agus iad ag únfairt nó ag rith
Furú anseo thrí na driseachaí!
TUILLEADH (2) ▼
Cuirfidh mé geall má rithimse nach dtiocfaidh tusa suas liom. Furú!
Furú! Feicim thú! — nuair a bhraitheas an gasúr a bhíos ag tóraíocht gasúr a bhíos i bhfolach san "bhfolach bhíog"
2.
mífhoighid agus deifir in éindí; an-deifir nó an-driopás; anbhá; "galra ráithe"; uafás; súnás.
+–
Ní bheidh aon fhorra ar aon duine ag rá rud nó go mbeidh sé ar meisce. Sceithfidh sé a mbeidh ina bholg ansin.
Is faoi atá an forra pósta. Shílfeá go mbeadh a dhóthain breithe aige air
TUILLEADH (4) ▼
Furú Jude — leasainm atá ar dhaoine san áit seo. Bhíodh bís deifre i gcónaí ar dhuine acu
Bhí an-fhurú air inniu ag dul chun an phortaigh. Dhá mba lá maitheasa é, is beag den fhurú a bheadh air, deirimse leat
Diabhal mé gur aréir ag an dó dhéag a chlog a bhí an furú ar fad air. Shílfeá go mba lá earraigh aige é! Ar ndóigh is cóir adeir siad, gur tráthnóna a níos an tóin an tochras
Cén sórt furú atá air seo suas? Níl breith bonn báis aige go mbeidh sé thuas ag tolladh sna clochair sin. M'anam muise nach lena fhoghail ann é! Bheadh an oiread talúna deargtha ag fear roimh a bhricfeasta agus atá deargtha aige ann le coicís
·
Chuaigh sé soir agus furú faoi. M'anam muise go n-airíonn sé síol nua eicínt thoir agus an oiread sin furú a bheith air. Is beag an furú a bheadh air, mo léan, ag dul amach ag a gharraí
Ní chuireann sé cuma curtha ar bith orthu (fataí) le furú. Bhí sé chomh maith dhuit muic a ligean sa ngarraí leis. Scrábálaí salach, ós sin é a ainm
Féach freisin
→
forra
furú in iontrálacha eile (13)
→
aibigh
Bíonn an oiread furú agus uafáis air agus go mbainfeadh sé an t-arbhar chul (shul) dhá mbeadh leathaibiú air — an oiread deifre agus faitís nach mbeadh aon bhreith aige ar é a bhaint aríst.
Thug sé amach é agus gan é baileach dearg aige. Ní raibh sé ach cródhearg (dath na fola mórán) agus thosaigh sé ar an bpointe ag múnlú an chrú. Ar ndóigh ní fhéadfadh an crú sin gan a bheith fabhtach, ach ba chuma sa tubaiste leis siúd ó bhí furú air cén chaoi a raibh sé ach comharthaíocht an chrú a bheith air chor ar bith
→
deis
Seas ar an taobh seo agus píceáil amach ar do dheis í. Nach feasach duit gur in aghaidh deise atá tú ag píceáil anois. Shoraidh dhíot nach nglacann go réidh thú féin, agus gan furú mar sin a bheith ort. Is iomaí oíche ag an teampall orainn
+
→
diaidh
Mise i mbannaí go bhfuil an furú ina dhiaidh. Is dual dó sin mar bhí sé i ndiaidh a athar féin
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé an t-athair ariamh ag siúl de réir a choise, ach ag bogshodarnaíl i gcónaí. Dhá suíodh sé síos, bheadh sé dhá shníomh agus dhá lúbadh féin go mbeadh sé ina sheasamh aríst. Dheamhan ab é an oiread sin oibre a bhíodh de bharr a chuid furú ina dhiaidh sin
→
drithlín
Tá drithlíní fola i chuile áit ort. Is geall le stalla t'éadan. Breá nach ndearna tú réiteach leat féin, agus thú féin a bhearradh ceart. An iomarca furú!
→
díle 1
Nach orthu atá an díle oibre. Deir tú liom gur chaith tú dhá lá agus dhá oíche ag obair as éadan. Ba mhór an seasamh agat é. Dar Dia, ní dhéanfainn é ar éadáil Shasana fré chéile, hé brí céard a gheobhainn ar a shon. Furú cogaidh is ciontach leis sin. Á, a Thiarna nach orthu atá an súnás ag marú daoine. Sin é an fáth an obair sin fré chéile
→
téigh
Shílfeá go bhfuil an t-an-fhurú ort bail ó Dhia ort. Cá'il do dheifir ag dul? Breá nach suífeá síos agus do reasta a ligean mar a dhéanfadh fear