gaol (50+)
Tá an oiread coimhthís aige liom agus a bheadh aige leis an té is faide uaidh sa tír. Dheamhan a gceapfá go mbeadh gaol ar bith aige liom agus chomh dorcha agus a bhíonns sé liom.
+
→
baile
"Chaoinfeadh mná na mbailte sibh, a gcaraid is a ngaoil; An fhad is chuaigh a gcharacter go raibh a n-anam ag na Naoimh" (as Amhrán na Trá Báine)
TUILLEADH (1) ▼
"B'fhearr liom sa mbaile in aice mo ghaolta; Ag síordhéanamh grinn, agus ag bréagadh ban óg; Ná a comhrá leatsa a chailleach na bruíne; A bhíonns in do shuí san oíche, agus do chodladh sa ló" (as amhrán — Cnoc Leitir Móir)
→
buanach
"Dá dteagadh (dtagadh) troid ná bruíon ná achrann ann; 'Sé a dhéanfadh réiteach eatarthub; A chúnódh leis an lagar agus nach séanfadh a ghaol; Agus go mba buanach an mac Séamas ar chéibh Ros an Mhíl" (As I Ros an Mhíl atá an Preabaire — Féilim Mhac Dhubhghaill)
+
→
amach
Gaol i bhfad amach liom é — tá sé fada amach i ngaol agam
TUILLEADH (20) ▼
Uisce fuar mo chreach nó gaol i bhfad amach (leathfhocal)
Is beag an mhaith do dhuine an gaol i bhfad amach.
Má tá aon ghaol ann anois, is gaol i bhfad amach é.
Dheamhan mórán somhaoine d'aon duine gaol i bhfad amach.
Tá gaolta i bhfad amach aige suas faoi Mhaigh Cuillinn nó faoi Ghnó Mhór.
Tá gaol i bhfad amach agam le Séamas.
Tá siad i ngaol ag a chéile — ach is gaol i bhfad amach anois é — gaol scaipthe
Shíl mé nach raibh an gaol chomh fada sin amach — chomh scaipthe sin
Tá smearachán eicínt gaoil agam leis — ach is fada amach é.
Tá sé fada go maith amach uaim i ngaol, ach an méid sin fhéin, bíonn sé dhá bhrú orm uair ar bith a chastar liom é.
Bhíodh na seandaoine ag comhaireamh gaoil eicínt leob ach is fada amach é anois.
Is beag an éadáil dhomsa gaolta i bhfad amach ná a gcuid carthanais
Is beag an mhaith gaolta i bhfad amach lá an anó.
Níl gotha ar bith againne ar ghaolta i bhfad amach — níl aon tsúil againn go dtiocfaidh siad go dtí muid, go mbrughfaidh siad orainn, níl muid dhá n-iarraidh
Chuile eallach aige siúd ach gaol i bhfad amach.
Ní luar liom an cat mara ná gaolta i bhfad amach a bheith ag brú orm chuile lá san aer.
Tá mé scriosta bánaithe ag gaolta i bhfad amach ag ithe a bhfuil in mo theach
Ní chreidfinn go n-abródh an té is faide amach uaim sa tír liom é, ní áirím eisean a bhfuil gaol gar aige liom.
Ní raibh sé i bhfad amach i ngaol uaim, agus ainneoin sin, níor labhair mé focal cainte ariamh leis.
Is gearr amach i ngaol chor ar bith uaim é, agus dheamhan thairis sin de theanntás a rinne mé ariamh leis ina dhiaidh sin.
→
féirín
Sin í an cailín aimsire a fuair sé: inín Sh. Ch. M'anam muise gur maith an féirín atá ar an urlár anois, má tá gaol ar bith aici lena hathair
Dheamhan thiomanta pínn de a dtiocfaidh sé isteach air ach an oiread liomsa, nach bhfuil gaol ná dáimh agam leo
Chuaigh sé ag comhaireamh gaoil — ag inseacht cén gaol atá ag J. Mh. le M. N. — agus thosaigh muid fhéin ag séideadh faoi, agus ag rá gur mar seo agus mar siúd a bhí sé. Bhí an gaol ina fhudar fadar ar chaoi ar bith
+
Níl aon ghaol ag an diabhal le duine bocht (seanfhocal) — is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rá nach ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan is móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag lena chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomaí bó mhór ar fud an tsaoil, agus brá gill acu, agus gan é ach ag cur chathaithe orthu, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agat
→
diaidh
Coinníodh sé a uachta. Tuige nach gcoinneodh. Níor chuala muide go raibh duine ar bith ag iarraidh a dhul ina diaidh air. Ní bheadh aon ghair ag aon duine a dhul ina diaidh air ar aon nós. Tá siad rófhada amach i ngaol uaidh
+
Leasdeartháracha é féin agus T. 'Sé S. a dheartháir dlisteanach. Aon mháthair amháin a bhí aige féin agus ag S. Is furasta a dhul amú sa ngaol a stór
TUILLEADH (1) ▼
Sin é anois an gaol dlisteanach atá ann. Cén mhaith a dhul dhá shárú ormsa. Nár tógadh mé ag béal an dorais acu. An bhfuil tú ag ceapadh nach bhfuil a fhios agam céard a bhaineas dóibh!
+
→
dlúth 2
Tá siad dlúth i ngaol — gar i ngaol
TUILLEADH (2) ▼
Níl gnaithe agat tada a rá ina measc sin. Aon mhuintir amháin iad, muintir Ard Raithin. Tá siad sin dlúth i ngaol le chéile
An bhfuil siad chomh dlúth sin le chéile. Shíl mise nach raibh gaol ar bith ann, nó má bhí go mba gaol scaipthe é. Is fánach an chaoi a mbéarfaí ar theanga ar dhuine ina dhiaidh sin
Is beag an mhaith dhomsa dlúthghaolta lá an anó. Is fada uaim a bheas siad an lá sin. Má bhíonn rud agat, ar do chomharsa atá agat comaoin a chur ar an gcéad iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
Is doicheallaí go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chuntanós aige don strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brú aon smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rá chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimhneach leat anuraidh an t-am ar tháinig mac J. Sh. Bh. ann …
+
Ní bheadh misneach ar bith agat a dhul soir agus leicín an doichill a bhriseadh ag J. N. Iarrfaidh mise dhuit í. Th'anam ón diabhal, imigh leat agus faigh buidéal fuisce agus gluaisfidh an cúpla againn siar. Tá smearachán ghaoil aige liomsa. Mura dtuga sé aon ugach dúinn, buailfidh muid pléasc ar an gclog nua a cheannaigh siad
TUILLEADH (1) ▼
Fanadh sé as muran leis a dhul ag brú ar an doicheall. Meas tú an mbeidh fáilte ansiúd roimhe. Ní bheidh muis … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid gaoil! B'fhearr leo siúd go fada nach mbeadh gaol ar bith acu leis. Nach séanann siad é áit ar bith a bhféadann siad. Gaol mo chreach! Bíodh rud agat! Sin é an gaol a fhónfas duit!
→
donas 1
Is minic nach mbeadh a fhios ag duine cé is fhearr an donas ná an sonas. An té a bhfeicfidh tú an mhaoin aige freisin, bíonn a anó fhéin air, agus deir siad nach bhfuil aon ghaol ag an diabhal leis an duine bocht
+
→
dáimh
Tá dáimh ghaoil acu lena chéile
TUILLEADH (5) ▼
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt acu le chéile más gaol nó cleamhnas é. Murach go bhfuil, ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
Nach bhfuil dáimh ghaoil acu le chéile. Tuige nach mbeadh riu. Col seisearachaí iad
Tá dáimh aici sin le chuile dhuine sa tír más fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aici sin é
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis