Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gaol (35)

+
dáimh
Tá dáimh ghaoil aca len a chéile
TUILLEADH (17) ▼
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt aca le chéile má's gaol nó cleamhnas é. Marach go bhfuil ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
Nach bhfuil dáimh ghaoil aca le chéile. Tuige nach mbeadh riu. Col seisearachaí iad
Tá dáimh aice sin le 'chuile dhuine sa tír má's fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "Uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aice sin é
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fighte fuaighte le 'chuile dhuine sa tír, de réir gaol a's cleamhnais. Ní maith dhuit aon-cheo a rádh le aonduine as a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag 'chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má theighimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin ambáireach, nach mórán maitheasa dhom a rádh go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
Níl gaol ná dáimh agam leo = gaol ar bith ná cleamhnas ach oiread
Is fada amach ó mo chaolán-sa a gearradh é: níl gaol ná dáimh agam leis
Bíonn sí ag brughadh gaoil i gcomhnaí orra, faoi rádh agus gur daoine móra iad, ach dheamhan gaol ná dáimh ann
Is mó an ghairm atá aice sin do'n té nach bhfuil gaol ná dáimh aice leis, ná len a muintir féin. Ach nuair a theastóchas rud eicínt uaithe, ní bhíonn aon-leisce uirre an gaol a mhaoidheachtáil mo léan!
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agad leis, ná a raibh de ghaolta ariamh agad. Níl aon-duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóchainn ceachtar aca lá an anshógha. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhuighinn féin
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh aca le chéile. Tá dhá Dhomhnall i gCúig' Uladh. Ní hé an duine céadna atá muid a rádh chor ar bith
Níl gaol dáimhe na dúthchais ann = níl gaol ná páirt ann; níl cosamhlacht ar bith aca le chéile
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ann. Is beag an baoghal. Cá mbeadh sé?
Ní cheapfadh aonduine beo go mbeadh gaol dáimhe ná dúthchais ag an mbeirt le chéile. Tá P. lághach sprideamhail, ach maidir leis an gceann eile, is cneagaire críochnuighthe é
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúthchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhuis de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aonduine ariamh ar an mbaile sin, nach mbeadh anam duine air = cosamhlacht
Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos inGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach poilitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoi'n tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rádh nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh in a dheidh sin
Níl aon-mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúthchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an Government ná dream ar bith eile indon tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéanaidh na daoine fhéin é
+
diabhal 2
Níl aon-ghaol ag an diabhal le duine bocht (sean-fhocal) = is mó an cathú a fhéadfas an diabhal a chur ar an duine saibhir; ní bhíonn tada ag an duine bocht le caitheamh, ná ní bhíonn a shúil le rud ar bith
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé fánach ag daoine dona a bheith ag comórtas leo sin. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal adeir siad, leis an duine bocht
Níl a fhios nach mar is dona is fhearr agus is deacair a rádh nach h-ea. Má bhíonn duine bocht féin, dheamhan 's móide gur fearr dhó beirthe é. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht. Aithníonn an buachaill sin a dhuine féin freisin
Má tá caitheamh agus fáil ag duine, tá a cheart aige. Is beag len a chois a bhíos ag an gcuid is mó de na daoine ar chaoi ar bith. Is iomdha bó mhór ar fud an tsaoil, agus bráigill aca, agus gan é ach ag cur chathaí orra, agus ag cur an diabhail ag siocadh leo. Ní bhíonn aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht, tá a fhios agad
 
díol 2
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agad gurb shin iad an chuid eile dhíot fhéin
 
"Lean mise an seanchas agus d'fhiafruigheas cé dhár díobh í; 'Cá bhfuil do ghaolta nó an maireann siad beo; Nó an tú cineál Úa Chonchubhair a bhí againn 'sa tír seo; Mar bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór'; 'Ní mé cineál Úa Chonchubhair a bhí agaibh 'sa tír seo; Má bhí siad an-díonmhar a's in a bhfamily mór; Ach 'sé ainm agus sloinne dhom bainrioghan na bruidhne; Is mé cineál na síofraí as Cnoc Leitir Mhóir' (ceathramhadh as amhrán dár tús "ag gabhail Bealach na h-Olla dhom 'seadh chonnaic mé an t-iongantas")
+
Leas-dearbhráthracha é féin agus T. 'Sé S. a dhearbhráthair dlisteanach. Aon-mháthair amháin a bhí aige féin agus ag S. Is furasta a dhul amú ins an ngaol a stór
TUILLEADH (1) ▼
Sin é anois an gaol dlisteanach atá ann. Cé'n mhaith a dhul dhá shárú ormsa. Nachar tóigeadh mé ag béal an doruis aca. An bhfuil tú ag ceapadh nach bhfuil a fhios agam céard a bhaineas dóibh!
 
dlúth 2
An bhfuil siad cho dlúth sin le chéile. Shíl mise nach raibh gaol ar bith ann, nó má bhí go mbadh gaol scaipthe é. Is fánach an chaoi a mbéarfaí ar theanga ar dhuine in a dheidh sin
+
Ara diabhal a bhféadfá é a thaobhachtáil len a raibh dhá dhlúth-ghaolta féin thar timpeall air. Chuaidh mé isteach ach thug mé cor faoin gcuairt aríst, agus d'fhága mé annsin iad nuair a chonnaic mé a raibh ann
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an mhaith dhomsa dlúth-ghaolta lá an anshógha. Is fada uaim a bhéas siad an lá sin. Má bhíonn rud agad, ar do chomharsa atá agad cumaoin a chur ar an gcéad-iarraidh. Bíonn duine as tuilleamaí gaolta, ach ní bheidh sé as tuilleamaí na comharsan go deo
+
Ní bheadh misneach ar bith agad a dhul soir agus leicín an doichill a bhriseadh ag J. N. Iarrfaidh mise dhuit í. Th'anam ó'n diabhal imigh leat agus fagh buidéal fuisce agus gluaisfidh an cúpla againn siar. Tá smearachán ghaoil aige liomsa. Mara dtugaidh sé aon-ugach duinn, buailfidh muid pléasc ar an gclog nuadh a cheannuigh siad.
TUILLEADH (1) ▼
Fanadh sé as maran leis a dhul ag brughadh ar an doicheall. Meastú an mbeidh fáilte annsiúd roimhe. Ní bheidh muis … Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid gaoil! B'fhearr leo siúd go fada nach mbeadh gaol ar bith acu leis. Nach séanann siad é áit ar bith a bhféadann siad. Gaol mo chreach! Bíodh rud agad! Sin é an gaol a fhoghanfas duit!
 
Is doicheallaighe go mór é roimh a mhuintir fhéin ná roimh an strainséara. Diabhal mé go mbíonn an-chúntanás aige do'n strainséara; ach duine ar bith a theagas ag brughadh aon-smearachán gaoil air, bíodh sé sin ar a shon féin. Níl aige ach a rádh chor ar bith go bhfuil an gaol ann, agus gheobhaidh sé an bóthar amach. An cuimneach leat anuiridh an t-am ar tháinic mac J. Sh. Bh. ann …
 
Máthair Thaidhg agus sean-mháthair Dhomhnaill. Cé'n gaol a bhí ag Tadhg le Domhnall? (Cineál tomhaise)
 
donas 1
Is minic nach mbeadh a fhios ag duine cés fhearr an donas ná an sonas. An té a bhfeicfidh tú an mhaoin aige freisin, bíonn a anshógh fhéin air, agus deir siad nach bhfuil aon-ghaol ag an diabhal leis an duine bocht
 
Ní dheachaidh S. Ph. Mh. le T. má bhí gaol féin aige leis = ní raibh siad ar aon-cháilíocht