Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

glas (50+)

 
Cuirfidh mé isteach sa gcró é, agus dúnfaidh mé air, faitíos na heirimisce. Is fhearr glas ná amhras
 
Agus le farasbarr siúráilteacht a dhéanamh chuir mé glas ar an doras. Diabhal mé gur goideadh iad ina dhiaidh sin! to make assurance doubly sure
 
fág
Nuair a d'fhiafraigh mise dhó (dhe) cé mar tháinig Contae na Mí leis, "Is glas iad na cnoic i bhfad uainn", adeir sé. Fágann sin nach bhfuil aon tsástaíocht air ann
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
 
Caothachaí — sin áiteachaí boga san eanach agus lonradh glas orthu (L. Ó F. — Achréidh)
 
cleite
"Dhá mba páipéar é an talamh glas, cleitiúchaí na n-éan a bheith ina bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith ina gcléir: dúshlán a n-iomlán; An drullán is lú de phianta ifrinn a chur i gcéill" (Pádraig adúirt le Oisín)
+
baile
"Is deas an baile an baile seo; Is deas an baile a mbímse; Is deas an baile chuile bhaile; Ach Cladhnach glas na bhFaochan" (ceathrú d'amhrán)
TUILLEADH (1) ▼
Is glas iad na cnoic i bhfad ó bhaile; is glas iad na cnoic i bhfad uainn, ach ní féarmhar; bíonn adharca móra ar na beithígh i bhfad ó bhaile.
 
Coraice dhubh an gheimhridh a bhí ann, agus caitheadh na créatúir amach as an teach, agus fáisceadh glas air ina n-aghaidh. Dheamhan créatúlacht a chonaic tú ariamh mar é, agus gan teach ná áras acub ná áit a gcuirfidís thartub an oíche.
 
Go sábhála Dia sinn, ní crochaillí cearta iad sin chor ar bith. Tá siad chomh righin chomh géar agus uisce glas thríothub.
 
beo 1
B'fhearr liom beo i dtalamh ná ag breathnú air. Scrúdfadh sé na clocha glasa — scrúdfadh sin.
 
Má chaitheann sé siúd airgead, i nDomhnach, ní le boigréis ar bith é. Is cruaichte é ná na clocha glasa.
 
Dhá mbeadh aon bhrabach airgid orm dheamhan baol ar bith go ligfinn amach folamh sibh, ach cén neart atá agam air. Is cruaichte na clocha glasa ná na lámha folmha, adeir siad — dhá mbeadh aon phínn le spáráil agam, nó dhá mbeadh aon phínn ar m'fháltas, thabharfainn rud eicínt dhaoibh srl.
 
breá
"Nach trua mé anois ag scaradh leat teacht na huaire breá; Nuair a bheas an chuach ag gairiúint, agus an duilliúr glas ag fás" (As Bríd Ní Ghadhra)
 
Nach groí an rud é sin fhéin anois! An bhfeiceann tú an garraí sin chomh lom le croí do bhoise in áiteachaí, agus bréinleach chomh glas le geamhar in áiteachaí eile.
 
Is cruaichte í ná na clocha glasa, théis a bhfuil de bhruithshléacht uirthi. An mbeadh a fhios agat tuige a mbíonn daoine chomh caillte sin?
 
Buaileadh síos ar fad é ó tháinig an uair ghlas. Sílim go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh. Ach tá Dia láidir ina dhiaidh sin!
+
Ní bhíonn aon bhualadh éisc ghlais ar na glaschuanta sin. Sa tseanfharraige is mó a chothaíonns siad.
TUILLEADH (3) ▼
Sa bhfómhar a bhíonns an bualadh ar an iasc glas.
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas agus go gcaithfinn tharam iad gan stró ar bith dhá mbeadh líon cléite agam.
Tá bualadh ar iasc glas ansin amuigh má tá aon líon curtha ann. An bhfeiceann tú an stadhan éan atá ann!
 
buinne 2
An bhfeiceann tú an gort sin thiar ag J. Ph. Tá an buinne glas fós ann. Dar mo chúis tá, théis goirt na tíre ruadhóite ag dúchan le mí.
 
airigh
Aireoidh na daoine an t-iasc glas a bheith ídithe, ach bhain muid solamar maith dhe an fhad is a sheas sé (iasc glas = ronnaigh, bolmáin, mangaigh srl. a bhuaileanns an cladach agus na glaschuanta ina gcluichí sa bhfómhar)
 
amhras
Is fearr glas ná amhras (seanfhocal) — is fhearr rud a chur faoi ghlas nó i dtaisce, i riocht is nach bhféadfar é a ghoid, ná é a fhágáil go sleamchúiseach go dtarlaítear chun bealaigh é agus ansin a beith san amhras ar dhuine eicínt. Déarfaí freisin é le duine a thógfaí in amhras gurb é a rinne rud eicínt as an mbealach.
 
Uisce glas a chuir sí amach.
 
Bhí sé ag cur uisce glas aníos — aníos as a bholg nó as béal a chléibh
 
'Sí anocht Oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon lá ariamh sa saol nach in é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís
 
Thug an bhó ghlas foighdeán faoi bhó T. Sh. agus shíl sí a cur soir thar an gclaí, murach gur éirigh Dia liom a bheith ann
+
folamh 1
"Ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha folamh"
TUILLEADH (1) ▼
"An rud is tréine ná an lán mhara, a bheith ag iarraidh féile ar lámha folamh"; ní cruaichte na clocha glasa ná na lámha folamh! — an té nach bhfuil aon cheo aige ní thig leis aon cheo a thabhairt uaidh
 
foth
Cuir isteach an t-asal sin agus cuir glais agus athghlas air, nó dheamhan a chos a bheas ar foth ná ar féar amárach.
 
fuadar
Nach ort atá an fuadar ag dul ag baint choirce. Tá breith mhaith air agus gan é as craoibh fós againn. Bainfidh tú glas é
 
"Ionsóidh mé amach faoi na tíortha chomh giobach le caora glas; agus mura bhfaighe mé bean ar an gcaoi sin, tréigfidh mé an saol ar fad" (seanamhrán)
 
Ag iarraidh ruda isteach air siúd! Is cruaichte (crua) é ná na clocha glasa
 
Rugadar isteach ar a chéile — lámh in íochtar, lámh in uachtar agus lámh uaisle na coraíocht. Rinneadar ardán den isleán agus bogán den chruán gur thugadar toibreachaí fíoruisce thrí lár na leacrachaí glasa le neart a gcuid coraíochta. Nuair a bhí an ghrian ag dul faoi tráthnóna, tháinig an spideoigín ar an gcraoibh. 'A mhic na scolóige,' adeir sí, 'níl fear do chaointe ná do shínte le fáil.' Ansin, thug mac na scolóige cor don fhathach agus chuir sé go corrógaí sa leic é. An darna cor, chuir sé go cóngar an uicht agus a mhuiníl é. 'Fóill ort a ghaiscígh,' adeir an fathach. 'Lig m'anam liom agus tabharfaidh mé mo chlaíomh solais agus m'each caol dubh duit a bhéarfadh ar an ngaoith Mhárta a bheadh roimpi agus nach mbéarfadh an ghaoth Márta a bheadh ina diaidh uirthi (cuid de chulaith gaisce na seanscéal)
 
feoigh
Chonaic mise anuraidh leataobh de na sceacha feoite agus an leataobh eile glas. Is fada ar an saol mé agus dheamhan a bhfaca mé a leithide de rud cheana
 
fill
Chaith mé uair leis an nglas sin aréir agus go deimhin má chaith féin, níor bhain mé filleadh ná feacadh as. Is suarach an t-ionadh: cheal a choinneáil aclaithe
 
fuath
Glacfaidh sé fuath don gharraí sin muis. An chéad uair a mbéarfaidh mise istigh air (asal) ann, cuirfidh mé glas sa gcró air agus dheamhan amach a ghabhfas sé go ceann seachtaine, ná greim a gheobhas sé le n-ithe
 
fuar 2
An braon is glaise fhuaire dhá bhfaca tú ariamh is as mo shrónsa a theagas sé. Teagann braon chomh glas chomh fuar aisti le deoir aille.
 
daigh
Daigh ghoile a theacht air siúd go deimhin! Tá coimpléasc aige siúd a leáfadh an chloch ghlas dhá dtugtaí dhó ina bhrúitín í. Is air, mo léan, nach mbeadh an mhairg. Chonaic mise ag ithe fataí fuar beithíoch cheana é
 
Mura ndaingní tú an glas sin, is gearr go mbeidh do dhoras béal in airde, feicfidh tú féin air
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
An bhfeiceann tú an tulán glas sin thoir? Ansin atá deireadh na gcíocraí. Talamh crua é uaidh sin soir
+
deis
An bhfeiceann tú nach bhfuil deis bhainte ar bith ar an nglas sin ón taobh amuigh. Tá glas eile anseo le cur mura mbeidh aon duine sa teach. Is diabhlaí airdeallach iad, ach is cosúil nach mór dóibh sin. Tá an áit seo faoi ghadaís (gadaithe) as éadan
TUILLEADH (1) ▼
Nach aisteach an deis atá air. Ní mian leis duine ná deoraí a ligean isteach faoi chaolachaí an tí. Chuile uair dhá dtéann sé amach, fáisceann sé glas ar an doras. I bhfaitíos atá sé cheapfainn, go gcuirfí aon chaidéis ar an mbean
 
Nach bhfuil scair eangaí ansin agatsa? Cuir le suain í agus deisigh amach í. Tá báire éisc ar ghob an Bh. Feicfidh tú bualadh ar iasc glas, má sheasann an aimsir seo
 
dias
Níl tú ag brath ar a dhul ag baint aon déas as, ná eile. Má théann féin ní bhainfidh tú glas as é
 
Tá ceann beag ag N. agus ní dhéanann sé suaimhneas ar bith ach ag diúgaireacht leis i gcónaí. Dar brí an leabhair, chuirfeadh sé carghas ort ag breathnú air. Dheamhan suim ar bith aici féin ann. Dúirt mise léithe é a thabhairt siar go bhfeicfeadh an dochtúr é. 'Dheamhan dochtúr muis,' adeir sí, 'ná cuid de dhochtúir. Bíodh sé ag diúgaireacht leis ansin agus a chead sin aige. Nuair a thogrós sé stopadh, stopfaidh sé. Níl cheal ar bith air. Daighean páiste sa tír a fuair a aire sin; ach aon mhaith amháin dom é.' Dheamhan cás ar bith aici ann. 'Sí nach bhfuil an scrupall inti. Shílfeá gurb é an chaoi a mbeadh sí gothúil go bhfaigheadh aon duine caidéis don pháiste, agus níl aon duine dhá bhfeicfeadh é nach gcaithfeadh caidéis eicínt a fháil dó. Scrúdfadh a chuid diúgaireachta na clocha glasa — scrúdfadh sin
 
Níor mhór dhuit corrdhlaíóig den olann ghlas a chaitheamh ar an dlúth. Is amhlaidh is deise a bheas sé