líon (50+)
Ag líonadh feadhnach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. 'Tá fire agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid mónasa,' adeir sé. 'Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orthu muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé'
→
fear
D'fhearfadh rud den tsórt sin ar dhuine ina dhiaidh sin. Ná bíodh duine ar bith ag caitheamh i ndiaidh maith a dhéanamh ar strainséara. Níl a fhios agat cén uair a thiocfá ina líon aríst
Bhí mise amuigh ansin thiar lá agus bhuail mé cuisle eistrí gan aireachtáil. Thug mé scríb fúthu agus thóg mé na céadta acu leis an líon. Bhí báid eile fúm is tarm agus gan a fhios acu a raibh siad ann chor ar bith. Dheamhan fios muise ná ag an bhfear fobhairne a bhí liom sa mbád sílim. Thiocfá ar chuisle mar sin scaití
Tá fudairnéis déanta acu de na daoine lena gcuid páipéir. Cén ghnaithe atá againne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad chomh géar sin uathu, breá nach dtagann fear uathu fhéin timpeall agus a líonadh?
+
→
cab
Ná líon níos mó é nó cuirfidh tú thar maoil é. Nach bhfeiceann tú go bhfuil sé cab ar chab le béal an tobáin
TUILLEADH (2) ▼
'Sé ar líon sé é (an cliabh) cab ar chab leis an bhfiacail. Níor chuir sé maoil ar bith air. Baol ar an leadaí siúd aon anró a chur air fhéin ag iompar chléibh.
Tá an fánán aníos líonta (le clocha) aníos cab ar chab le ucht an aird. Is beag an caitheamh le fána a bheas ann ach iad siúd a bheith réidh leis.
→
calm
Tá tú i ndeireadh cailm, déarfainn. Feicim an seol mór ag líonadh — tá an calm caite, arae feicim soinneán gaoithe ag teacht faoin seol mór
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphínn fhéin. Tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní, adeirtear.
→
comaoin
Séard dúirt an bhean a bhí ag caint nár chomaoin dóibh tada a rá le na C. (sloinne), agus chomh minic is a líon siad a mboilg. Ach ní bhíonn aon chuimhne ar an arán a itear
+
→
bannaí 1
Dhá nglacadh an bainc mo bhannaíse, thiocfainn i mbannaí ort is fáilte, ach dheamhan glacadh, mar níl líon léith thíos in m'ainmse. 'Sé ainm an tseanfhir atá thíos le chuile mhíle sórt fós.
TUILLEADH (1) ▼
Níor chomaoin dhó a bheith coiriúint ar J. P. Nuair nach raibh líon léith le n-ithe aige, ná síol a chuirfeadh sé i dtalamh, chuaigh J. Ph. i mbannaí air thiar sa mbainc faoi chúig phunt fhichead, agus chuile dhuine eile théis cinniúint air.
+
→
bealaigh
Bhí cosamar beag (.i. feamainne) isteach ar maidin ach níor bhain mé léithe chor ar bith mar 'sí an fheamainn bhealaithe ghiortach sin a bhí ann, agus mhearódh sí thú ag iarraidh í a líonadh.
TUILLEADH (2) ▼
Ní féidir na fleascannaí bealaithe sin a líonadh i mbord chor ar bith. Cléibhín nár mhór do dhuine ina n-éadan (fleascannaí — cineál feamainne atá leathan tanaí ar dhéanamh cláir)
Is doiligh an cunús bealaithe sin a líonadh. Dhéanfadh sí mionbhas idir do lámha.
+
→
beart
'Tiomsaíonn brobh beart, agus líontar sac le póiríní' — i leaba a chéile a déantar na caisleáin; cnuasaítear saibhreas maoin is brá gill, nó déantar obair, nó cuirtear cúrsa ar bith chun críche, beagán ar bheagán; mura mbí tíobhas na pínne ann, ní bhéarfar choíchin ar an scilling; ná fág tada ag an deachmadh nó dul amú.
TUILLEADH (2) ▼
Is fiú greim a choinneáil ar an bpínn fhéin, arae is beag an rud a dhéananns leas. Ar chuala tú ariamh é: tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní.
Dhéanfadh duine a shaibhreas le leithphínneachaí fhéin dhá mbeadh a ndíol acub aige. Mar adeireadh M. Ph., tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní.
→
cuilín
Tá mo chuid tae ó mhaith. Bhí an diabhlánach sin ar siúl lena chuid ábhaillí gur líon sé le cuilíní lócháin é. Chuirfinnse ó shéideadh é dhá mbeadh an tapa ionam coinneáil leis.
→
beo 1
Chinnfeadh ort an gaineamh beo sin a tharlú leat ar bhealach ar bith ach le máilín. Ar an gcaoi sin fhéin, is deacair é a líonadh sa máilín fhéin.
→
bior
Céad slán don uair a mbíodh muid ag sníomhachán chuile oíche! Chruinníodh mná an bhaile isteach — bean ag cardáil, bean ag sníomh, agus bean ag tochras ar an mbior próiste, agus bean eile ag líonadh bórán roilléirí do bhean an tuirne.
+
→
boscaed
Tá mé in mo bhambairne d'uireasa boscaed le na fataí a líonadh sa gcarr.
TUILLEADH (1) ▼
Dhá mbeadh boscaed agam, ba mhór an leas é le na fataí a líonadh i gcléibh an chapaill leis.
→
breá
Sin a thomhais ort, céard a rinne an Curraoineach breá aréir ach an tobac a bhaint as mo phíopa agus é a líonadh suas le smúdar móna agus súí, ach gur chuir sé ruainnín beag tobac ar a bharr le faitíos go mbraithfinn tada.
+
→
bruach
"'Sí an tSionainn Mhór a chuaigh eadrainn, a bhí líonta suas go bruach" (líne as Mná Deasa Locha Riach)
TUILLEADH (5) ▼
Ná líon an cupán go bruach mar is maith liom braon maith bainne a chur ar an tae.
Tá an tobar bruach ar bhruach lena bheith líonta.
Líon an portach aníos bruach ar bhruach leis an darna barr.
Nach diabhaltaí an tuile a bhí thíos i gCill Dara an geimhreadh seo chuaigh thart. Dúirt ceannaitheoir ar an aonach liom gur líon sí isteach sa teach aige agus go raibh sí bruach ar bhruach le posta na leabthan sa seomra a bhí le talamh. Déanann sí mínós i gcónaí sna taltaí íseala sin.
Tá an log siúd anois bruach ar bhruach leis an airdín aige. Chaithfeadh sé nach bhfuil a fhios cé na clocha a chuir sé ann lena líonadh.
+
→
buail ar
Buaileadh an oiread air agus a buailfí ar dhual lín — sin é an chaoi a gcuirtear i gceist gur tugadh an-bhualadh do dhuine
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail mé oiread air agus dhá mba dual lín é, agus chinn orm aon smacht a chur air théis sin.
Má chloisimse go gcainteoidh tú as do bhéal ar an méid sin aríst, buailfidh mé an oiread ort agus a bhuailfí ar dhual lín.
Is óg ab éigean domsa bualadh faoin saol agus mo bheatha a shaothrú. Ní raibh líon léith agam ach dhéan (rinne) Dia rud maith liom ina dhiaidh sin (Achréidh)
→
buail
Tá cosán buailte thríd an bhféar ag clann T. Mh. ag tarraingt soip as Garraí an Lín. Cuirfidh mise ó thaltú ar mo chuid féir iad, feicfidh tú fhéin air, ach feadh is mé dhá bhfeiceáil.
+
→
bualadh
Bhí bualadh chomh mór sin ar an iasc glas agus go gcaithfinn tharam iad gan stró ar bith dhá mbeadh líon cléite agam.
TUILLEADH (1) ▼
Tá bualadh ar iasc glas ansin amuigh má tá aon líon curtha ann. An bhfeiceann tú an stadhan éan atá ann!
→
buille
Níl líon lé agam. Sin é an buille! Níl aon ghair agam a dhul in aon áit d'uireasa díol mo fhreastail.
+
→
buinne 1
Nuair a d'imigh an buinne béil dhi, líon an sáile isteach sna scáiniúchaí a bhí idir na cantaí
TUILLEADH (7) ▼
Líon sé an ghloine go buinne bruach agus shín sé chugam í.
Líon suas go buinne bruach dhom é. 'Sé an bia nua dhomsa bainne buí a fháil.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, agus shílfeá ina dhiaidh sin go raibh siad ag fuasaoid tairt.
An bhfeiceann tú an muigín buí sin thuas? Ba é a leathcheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é agus dheamhan ar thóg sé dhá cheann é, ná a ndearna sé an darna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc agus acmhainn ar phoitín ag an bhfear sin!
Líon suas an pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheas ár ndíol fhéin agus díol na muc bainte as, is maith an poll a bheas ann.
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
Dar príosta, dá mbeadh aon cheo dhá chaillteamas fhéin leis, ba bheag an baol air í a líonadh go buinne bruach.