→
leatrom
leatroma (4)
→
feadhnóg
Nuair a scaoil mé an feadhnach (feadhnóg; feadhnac; cleitheog) tháinig leatroma san ualach agus chuaigh an tsrathair agus a raibh ann anuas droim ar ais. B'fhada go dtáinig mé isteach ar an bpéire a scaoileadh in éindí
+
→
leatrom
Tá leatroma (t lom i gcónaí) sa mallach feamainne, sa gcliabh srl. — bíonn níos mó eire nó meáchain i leataobh leis ná sa taobh eile agus is minic a cuirtear lámh nó cloch sa taobh éadrom leis an dá thaobh a thabhairt meá ar mheá
TUILLEADH (1) ▼
Fulaing an leatroma dhom — déarfadh duine seo nuair a bheadh ualaigh iomarca meáchain aige ar leataobh agus go dteastódh uaidh tuilleadh a chur ar an taobh eile leis an ualach a thabhairt cothrom. Dá mbeadh duine eile i láthair déarfadh sé leis an leath trom a fhulaingt (fhuilingt) nó a lámh a chur faoin taobh trom i riocht agus nach n-iompódh an eire nó trealmha nó an t-ualach droim ar ais
→
fulaing
Bhí leatroma sna cléibh ar an asal agus d'iarr mé air an leathchliabh thoir a fhulaingt nó go ndírínn an cliabh eile, agus sin a thomhais ort céard a rinne sé: reacht gáire a chur as fhéin agus imeacht leis