Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
luach
aisíoc, cúitiú, comaoin, saothair.
a.
+
Tabharfaidh mise luach do ghnaithe dhuit — nuair a bheadh gasúir nó duine ag déanamh ábhailleachta déarfaí seo le cur i gcéill dó, go gcaithfeadh sé éirí as nó go mbeadh rud ar a shon aige (go mbuailfí é cuirim i gcás)
Tabharfaidh mise luach do chuid ealaíne dhuit
TUILLEADH (2) ▼
Luach do chuid ábhailleachta
Luach do shaothair srl.
·
Níor chaith sé focal aranta le aon fhear ariamh agus go dtuga Dia a luach anois dó! — guí glóire sna flaithis tar éis bháis duine
Ba mhaith an chomharsa é agus tabharfaidh Dia a luach anois dó
b.
comaoin nó íocaíocht as ucht oibre.
+
Tá sé ag fáil luach a shláinte — tuarastal ar a chuid oibre
Ní fhaigheann sé luach a shláinte chor ar bith
TUILLEADH (1) ▼
"Gheobhaidh Rebelmen luach a sláinte" (Raiftearaí) (sláinte anseo = saothar, obair ar shon tuarastail. Tá sé ar a shláinte = ar a pháí; Ag díol nó ag reic mo shláinte; In mo spailpín fánach a tógadh mise; ag seasamh ar mo shláinte = i dtuileamaí mo chuid oibre fhéin pé ar bith cén tuarastal a shroichfeadh dom dá barr)
c.
an méid airgid a íochtar ar rud. Níl an leagan: "Cén luach é", "cén luach atá sé" "cén luach a thug tú air" sa gcaint. Price adeirtear. Níl earra luachmhar sa gcaint ach oiread. Earra éadalach adéarfaí.
+
Sin é a luach gan pínn chuige ná uaidh
M'anam gur maith a thug tú luach air
TUILLEADH (3) ▼
Dhíol tú faoina luach é
Thug tú a luach go maith air; thug tú a luach go binn air
Thug tú a dhá luach air: a thrí luach srl.

Féach freisin

iarr

luach in iontrálacha eile (50+)

 
Lig de do chuid aisfhreagraí anois nó tabharfaidh mise luach do chuid aisfhreagraí dhuit
 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
 
Diabhal a leithide de fhramsóg de bhean a chonaic tú in do shaol ariamh. Níl luach leithphínne ag cur imní uirthi ach damhsaí agus rabhaiteáil. Ní san aeraíl a chaill sí ar chuma ar bith é
 
Fágfaidh muid coróin ar (ag) luach an bhéiréiste. Cár chuir tú an chuid eile den airgead?
 
fág
Fág seo isteach go n-óla muid cupla pionta ó chas Dia a luach chugainn
 
Gheobhaidh tú na físeachaí agus na pínneachaí corra má chloiseann t'athair thú ar an gcaint sin. Feicfidh tú fhéin air go dtabharfaidh sé siúd luach do chuid gráiscínteacht duit
 
Gheobhaidh tú luach do chuid cabaíola má chloisimse aon cheo i do dhiaidh aríst
 
ceal 1
Ní bhíonn déanamh ar bith cheal poitín aige, ó éireos aon bhlas leis chor ar bith. Tá sé chomh dúlaí ann, agus go gcuirfeadh sé an léine a bheadh ar a chraiceann i ngeall lena luach a dhéanamh amach.
 
Beidh tú ar siúl go dtuga mise luach do chuid clabaireachta duit ó fhada go dtí é.
 
cleite
Dheamhan luach leithphínne de mhaith a rinne a deartháir ariamh di, agus más fíor di fhéin ina dhiaidh sin, 'sé an cleite is fhearr ina hata é.
 
Dar mo choinsias, ní comaoin dó a dhul ag caint ar an airgead atá ormsa agus a liachtaí uair roimhe seo nach raibh luach cloch mhine aige ach léar (de réir) mar a bhínnse ag tabhairt dó. Ach is beag an lua atá aige breathnú siar air sin anois, ó thálta (tharla) rud a bheith aige fhéin.
 
cíos
Ab é Seán riu! Dheamhan luach a bhéilí ag Seán ní áirím cíos agus cabhlach a íoc. 'Sí bean na Gaillimhe atá ag íoc an chíosa, más beag mór an cíos atá air.
 
Tabharfaidh mise luach a chuid cóipíse dhó go gairid, feicfidh tú fhéin air. Tá mé thar bharr mo chéile ag an diabhlánach.
 
baile
Cér chás dom é dhá mbeadh luach brioscaí fhéin agam, ach dheamhan cianóg rua a bhí ag gabháil liom, agus mo sheaneire ocrais orm. Agus deirimse leat gur deacair an seanfhocal a shárú: fear gan airgead i mbaile mór is olc an lón dó goile géar.
+
Má chomhaireann tú suas chuile shórt anois, dheamhan a raibh mé as bealach leis chor ar bith. Cér mhór dhom fhéin luach mo shláinte a fháil.
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhúnfadh sé a shúile ar dhuine agus feiceadh sé an t-anó air, ach tá an bealach eile leis mar sin fhéin. Tá sé ag baint a dhá luach amach ar chuile mhíle ní dhá bhfuil istigh ina shiopa.
 
Ar chuala tú ariamh é: is mairg a bheadh go holc agus go bocht ina dhiaidh. Chaith sé a shaol ag déanamh créatúlachta ar bith a d'fhéadfadh sé, agus dheamhan luach a bhéilí aige anois.
 
M'anam má tá siad i gcrích nach aon spré a bhí an t-athair in ann a thabhairt dóibh a d'fhága i gcrích iad, nach é sin. Dheamhan luach a bhéilí a chonaic muide ariamh aige. Ach ba mná piocúla treallúsacha na gearrchailí fhéin, agus níor mhór dhóibh sin, ar shon an leadaí is athair dóibh.
+
beo 1
'Rachaidh mé faoi don té a bheas beo aríst; go bhfaighidh 'Rebelmen' luach a sláinte (Raiftearaí — Na Buachaillí Bána)
TUILLEADH (1) ▼
Bhí chuile phínn beo dhá raibh aige tugtha uaidh aige. Cailleadh é agus gan luach a bhéilí aige.
 
Lig de do chuid bhíogaíola anois nó tabharfaidh mise luach do chuid bhíogaíola dhuit.
 
Tá drochintinn aige siúd, agus tiocfaidh sé sa mbile buaic ort má chuireann tú luach leithphínne as dó.
 
binse
"Gheall tú gine agus punt dom, agus bhí dúil agam cur ina cheann; Culaith ó bhonn go huachtar, agus gúna den síoda bán; Sin agus a theacht ar cuairt agam, gach neoin agus gach maidin bhreá; Le luach mo bhinsín luachra agus a bhfuair mé dhá easonóir." (An Bhinsin Luachra)
 
bocht 2
Tá na boicht scriosta aige ag baint a dhá luach amach ar chuile rud.
 
Ba chóra dhuit a dhul go bun an angair leis agus gan é a thabhairt dó faoina luach. Ach cár fhága tú an bhoigréis? — dhíol sé an rud a bhí aige saor, dar leis an té a bhí ag caint, mar gheall gur airigh an ceannaitheoir an buille bog ann. Bhí aige leagan ar an gceannaitheoir chomh maith in Éirinn agus a d'fhéad sé agus gan an rud a bhí aige a ligean uaidh ar shladmhargadh.
 
Shílfeá gur ag brath ar tosaí ag bollaireacht aríst atá tú, agus dheamhan mise má thosaíonn, go bhfaighe tú luach do chuid bollaireachta anois tharas ariamh.
 
Shílfeá nach mbeadh sé chomh breallach agus atá sé dhá mbeadh luach éadaigh aige.
+
Chuir an béiléiste poll maith i luach an ghamhan sílim — bhearnaigh sé go maith a bhfuair sé ar an ngamhain le ar ghlaoigh sé d'ól i bpáirt leis an gceannaitheoir.
TUILLEADH (1) ▼
Ba seicín (páipéar 10s) sportha é ach a raibh luach an bhéiréiste bainte as.
 
Bhí mé ag ceapadh faoi láthair gur dhíol mé faoina luach iad, ach níl tada dhá aiféala orm anois, arae dhá gcoinnínn ó shin iad, is beag a bheadh dhá mbarr agam anois.
 
Is fhearr dhuit luach an phlúir a chaitheamh chuig an mbrúisc sin sa siopa nó sceanfaidh sé beo beithíoch muid.
 
An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh sna siopaí seo, gheobha sé chuile shórt faoina luach, ach an créatúr bocht atá ag iarraidh airleacain, buailfear thall air sin é. Fear dhá bheathú agus fear dhá mharú, mar adeir an ceann eile.
 
buil
Ní buil leis pósadh, agus ní beo é gan a bheith ag smórthacht (nó smúrthacht) timpeall ar mhná! 'Sé an chaoi a bhfuil sé ag iarraidh an chraicinn agus a luach a bheith aige!"
+
buille
Íosfaidh sibh an rud go maith ach cá bhfaightear a luach? Sin é an buille!
TUILLEADH (2) ▼
Níl neart agam fiachaint (féachaint) le luach leithphínne a dhéanamh nach gcuirfidh duine eicínt as mo bhuille mé. Is mó dhá fhonn atá orm gan tada a dhéanamh anois.
Níl buille bog ar bith ann ag déanamh margaidh, ach ní fhágann sin nach fear gnaíúil é. Chaithfeadh sé luach bó leat dhá mbeadh aon bheann aige ort.
 
ainm
Tá ainm siopa aige ach níl luach leithpínne aige ann
 
aird 2
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
+
airde 1
Níl luach leithphínne faoi chaolach an tí seo nach bhfuil béal in airde má éirímse amach chor ar bith.
TUILLEADH (1) ▼
Lig de do chuid éirí in airde anois nó tabharfaidh mise luach do chuid éirí in airde dhuit, feicfidh tú fhéin.
 
airigh
Ní aireoidh tú agat ná uait cupla scilling agus ní fiú dhuit droch-cháil a chur amach duit fhéin scáth luach deoch — ní chuirfidh cupla scilling (luach deoch) mórán as duit agus tá sé chomh maith dhuit iad a thabhairt uait i riocht is nach dtiocfaidh cáil péisteánaigh amach duit.
+
amach
Is maith an fáth gur fhan mé amach uaidh, mar bhí chuile shórt a dhá luach aige.
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhfaightheá luach na cianóige in aon siopa i nGaillimh gan a íoc amach ar an tairne.
+
amuigh
Tá luach an fhéir amuigh fós.
TUILLEADH (5) ▼
Ní thabharfainnse luach leithphínne as murach a bhfuil amuigh orm ann.
Tá luach an chulaith sin amuigh fós orm agus is gearr go leanfar mé mar gheall uirthi — go gcuirfear tréas orm
Is mór m'fhaitíos gur gearr go leantar muid anois faoi luach an leasú atá amuigh orainn.
Níl luach leithpínne istigh ná amuigh againn nach bhfuil millte acub.
Níor fhága siad luach na cianóige istigh ná amuigh aige nár itheadar nó nár chrapadar leob.
 
Bhainfeadh sé luach na bó amach dhá dtugadh sé chun na cúirte iad.