Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

múineadh (25)

 
An té atá cuntanósach, agus a iompraíos é fhéin go múinte, ní rachaidh aon araoid air in aon áit.
+
Fuair sé a bhealach fhéin rómhór agus sin é a d'fhága gan smacht gan múineadh é.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh aon bhealach múinte le aon duine dhá dtáinig ar a chine ariamh — ba daoine mímhúinte chuile dhuine dhá dhream.
 
Ní feasach mé beo cén chaoi a bhfuil sé chomh múinte agus atá sé, agus gur tógadh é istigh i gceartlár na bratainne sin.
 
aer
Tugann an máistir dual na droinne dhó chuile lá san aer ag an scoil, agus má thugann féin, tá sé ag cinnt air aon bhlas múineadh a chur air
 
Is mairg nach dtabharfadh cead aermála dhó: feicfidh tú fhéin air go múinfidh an saol é agus nach múineadh in aisce é ach an oiread.
 
buille
Hé brí cén comhoide múinte a bhí aige, tá sé in ann buille na sní a thabhairt uaidh i gcónaí — pé ar bith cé mhúin an dea-chaint nó an nathaíocht dó, bíonn brabach cainte i gcónaí aige ar chuile dhuine eile
+
aire
Ba bheag an mhaith aithne a chur air aire a thabhairt dó fhéin, ach tá sé múinte ag an saol anois.
TUILLEADH (1) ▼
B'fhéidir go mbeadh a fhios aige le aire a thabhairt dhá chuid airgid aríst: ní múinte go meallta, mar adeir an fear fadó
 
amach
D'imigh sé síos amach in áit eicínt ag múineadh Gaeilge an bhliain cheana, ach ba ghearr a chaith sé imithe gur tháinig sé abhaile aríst ina bhromachán bliana.
 
aranta
Bhí múineadh ar fhear agus leanbh acub nach bhfaca mé ar a lán; Gach uile ní dhár thaitnigh liom gan gáirsiúlacht gan grabaireacht; Gan focal ar bith aranta, ach a ndéanadh muid de ghreann (sliocht as An Bás, Colm de Bhailís. Taghd, fearg, nó olc atá i gceist le aranta thuas)
 
Is fada fiannach a chaith sé ag múineadh scoile anseo thíos. Ní feasach duit céard is cor dó chor ar bith anois, nó an maireann sé? Má mhaireann, is maith an aois atá aige
 
Ar múineadh friotháil an aifrinn ariamh duit?
 
fuis
Ná bac leis an múineadh atá gasúir a fháil anois. Gaeilge ar fad, agus gur an iomarca dhi atá acu cheana. Tá a mh'anam a dhá ndíol. Fuis fais uileag í an Ghaeilge chéanna. Dheamhan lá den ádh a chonaic mé ar an saol ó thosaigh sí ag teacht amach
 
Tá chuile dhuine ag gabháil leis dea-bhéasach. Ní bheidís aige siúd mura mbeadh. Thóg sé go bog muirneach múinte iad. Tá a shliocht orthu
 
deara
Madadh ar bith a dtabharfar faoi deara dhó fanacht ag forcamhás ort agus thú ag ithe do dhinnéir, is madadh millte a bheas ann. Níl le déanamh le madadh, ach cur faoi ndeara dhó luí sa gclúid agus a smut ina chrúib, chomhuain is a bhíos duine ag ithe a bhéilí. Má thugann madadh faoi deara dhó féin é sin a dhéanamh uair amháin, beidh sé múinte go brách
 
Ní leanfaidh an diabhlánach de mhadadh sin tada, agus nuair a leanfas féin bíonn sé róghéar. Níor múineadh ceart i dtosach é
 
dian
Théis gur ag maor a bhí sé, níl múinte a rath dhó. Ná bac le madadh ar bith a bheas ródhéan. B'fhearr dhuit uait é
 
Nach tú an dilleoirín i gcónaí. Ceadh nach mbeifeá mar a bhíos chuile ghasúr, go lách múinte agus gan a bheith ag tógáil an chloiginn orm mar sin. Nach bhfuil a fhios agat go maith go bhfaightheá é dá mbeadh sé ann, agus ó tharla nach bhfuil, go gcaithfidh tú déanamh dhá uireaspa a bheith agat. Nó an bhfuil maith ar bith a bheith leat. Má fheiceann t'athair in do dhilleoirín mar sin thú leagfaidh sé ort, creid mé dhuit ann. Agus ní chosnóidh mise aríst choíchin thú mar a rinne mé an oíche cheana
 
Chloisinn T. ag cur caoi fadó ar fhear a maraíodh ansin. Fear a bhí ag déanamh aicearra thrí na páirceanna a bhí ann. Bhí uaisle eicínt amuigh le caiple rása timpeall an tí mhóir ansiúd. Dhá múineadh le haghaidh rástaí a bhí siad chreidim. Rinne duine acu anonn caol díreach ar an bhfear bocht a bhí ag dul trasna. Dheamhan fios rúin ná soiscéil a bhí ag mo dhuine bocht. Ná raibh ann nach gcuireann an duine uasal an capall ina mhullach agus choinnigh sé an capall ag taltú air nó gur mharaigh sí é. Tabhair thusa marú droimnochta air sin. 'Sé a bhí droimnochta. Amuigh ar lom na páirce. Murder a bhí ann — ní tada eile. Bhí an dlí ar fad acu fhéin an uair sin. Chomhuain is a mhair an seanBh., dhá bhfeiceadh sé duine ar a chuid talúna, nach scaoileadh sé faoi leis an ngunna.
 
déan 1
Tá an seanfhaoileán ag múineadh flyála don fhaoileán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceann óg fós
 
dún
Dún do bhéal agus bíodh múineadh ort! Ag tabhairt aisfhreagraí ar dhaoine is sine ná thú féin!
+
Nach breá nach mbeadh múineadh ort agus fanacht in do shost. Ní fhéadfaidh aon duine smid a rá agatsa. Tá tú ag dul roimh chuile dhuine
TUILLEADH (1) ▼
Éireoidh mé as ar fad, agus inis thusa é, ó tá tú ag dul romham le chuile chor. Ní fhaca mise do mhacasamhail ariamh. Ní féidir dhá fhocal cainte a rá san áit a mbeidh tú nach gcuirfidh tú duine de dhroim seoil. Níl smearadh múinte ort
 
Deir tú leo a chum do SheanMh. gur isteach sa gColáiste ag múineadh Gaeilge in áit Ph. Dh. a d'imigh T. Agus dheamhan easna dhó nár chreid é. Níl mí-ádh ar bith ag dul uathu. Chuimhneoidís ar rud ar bith. Ná hiarr ina ndiaidh é