Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
aranta
fc. Foclóir an Duinnínigh, ach is mó den drochmhúineadh agus den ghangaide atá ann ná den chantal agus den phriaclacht. Níl ainmfhocal ná briathar ag gabháil le aranta.
+
Bhí múineadh ar fhear agus leanbh acub nach bhfaca mé ar a lán; Gach uile ní dhár thaitnigh liom gan gáirsiúlacht gan grabaireacht; Gan focal ar bith aranta, ach a ndéanadh muid de ghreann (sliocht as An Bás, Colm de Bhailís. Taghd, fearg, nó olc atá i gceist le aranta thuas)
Níor dhúirt sé focal aranta le aon duine ariamh.
TUILLEADH (7) ▼
Níor chuala mise ná aon duine eile smid aranta as a bhéal ariamh.
Níl sé sin aranta ná anglánta chor ar bith, ní hé sin a fhearacht agaibhse é.
Bhíodh sé aranta go leor fadó ach is mór a lig sé faoi le gairid.
Tá sé aranta agus d'éireodh dhó.
Bhí cliobairí sách aranta ar an mbainis aréir dhá bhfaighidís an té a thabharfadh aird orthub.
Tá sé chomh haranta le aon abhlóir dhá bhfaca mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh.
Má bhíonn sé aranta ansiúd, is furasta dhó comrádaí a fháil — is furasta dhó fear eile a chasadh leis a bheas chomh haranta chuile orlach leis fhéin, agus is maith ina chéile an cúpla ansin

aranta in iontrálacha eile (8)

 
conán
Conán breá sásta é. Dheamhan focal aranta adéarfadh sé le aon duine choíchin.
 
beo 1
Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, níor labhair mise focal aranta le S. ná ní labhróidh an dá lá is beo mé.
 
breá
Murach an nathaíodóir breá seo amuigh, ní bheadh focal aranta ar bith ann ó thús fhéin.
 
luach
Níor chaith sé focal aranta le aon fhear ariamh agus go dtuga Dia a luach anois dó! — guí glóire sna flaithis tar éis bháis duine
 
Cá bhfágfadh sé an fháilíocht? Breathnaigh ar a fhear. Ar dhúirt sé focal aranta le aon duine ariamh?
 
Hé brí céard a dhéanfas tú ná bí doicheallach leis. Cuir fáilte roimhe agus iarr isteach é, agus tairg cupán tae dhó. Ansin inis dó a bhfuil le rá agat, go mín mánla gan focal aranta ar bith. Ar a bhfaca tú ariamh ná téirigh chun drochmhúineadh leis mura gcinne ort. 'Sé an buille réidh an buille is fhearr
 
droim
Níl aon áit ó thigh deamhain go tigh diúin dhá mbeadh an ceann céanna ag tarraingt ann nach gcuirfeadh sé de dhroim seoil. Bhí sé anseo aréir, agus shaighid sé an tseanlánúin sin in árachaigh a chéile. Tá mé ag ceapadh nár chuala aon duine iad ag rá focal aranta le chéile cheana le deich mbliana. Ach thairg seanMh. aréir maide a chur i mbéal Ph. Sin é buac an áibhirseora sin: ag fáil ghrinn ar dhaoine ag troid
 
Bhain sé canta as bairille agus d'áitigh sé dhá rúscadh leis aniar ar an dromán. Dheamhan fuaim dhá raibh sé a bhaint as an dromán aige nach gcloisfeá in iar na tuatha. Tá ceart aige ar chuma ar bith, learsachaí (léasrachaí) a bheith ar an droim aige anocht. Dheamhan focal aranta adúirt sé leis théise sin, ach é a thabhairt dhá shiúl ar an dá luath is a bhfuair sé é féin ar an mbóthar. Ghlac mé trua dhó, arae ní raibh láimh ná cois aige sin sa millteanas luath ná mall