Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dona

níos measa (38)

 
bannaí 1
Más é a bhí i mbannaí ar Mhícheáilín, caithfidh sé díol a dhéanamh anois agus sin é fhéin an drochdhíolaí. Dheamhan níos measa sa tír. Ní bheadh aon rún aige scaradh le pínn ar bith dhá bhféadadh a chroí é.
+
Níl duine ar bith ag baint cead an bhealaigh dhíot. Imigh leat, más breá leat é. 'A chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
TUILLEADH (2) ▼
Cá'il tú ag iarraidh mé a thabhairt? I mbealach mo bhasctha! Ní beag dom chomh dona agus atá mé faraor, agus gan mé a bheith níos measa!
'Sé an rud is measa a rinne athair ná máthair ariamh a mbealach fhéin a thabhairt do ghasúir. Ar chuala tú ariamh é: 'a chomhairle fhéin do mhac Anna, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'.
 
Mura mbeadh aithne agus eolas agat ar an mbratainn sin, chuirfidís siar in do bhéal gur togha cineál daoine iad fhéin, agus gan é sa tír níos measa.
 
Ná mill mo bhreacáin. Ní beag dhóibh chomh dona agus atá siad agus gan tusa dhá ndéanamh níos measa.
 
buil
Mura buil leat fanacht ann, déan do chomhairle fhéin. A chomhairle fhéin do mhac ana (dhanartha?) agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
 
Éireoidh na daoine amach níos measa, réir a gcosúlachta.
 
Ceo ar bith anois ach nach bhfuil na daoine ag fuirseadh na déirce. Maidir le go bhfuil caitheamh agus fáil acu, níl. Ach chonaic mé saol níos measa ná é!
 
abair
Tá an dream seo níos measa ná an dream a bhí cheana ann, déarfá
+
danra
"A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa" (seanfhocal. Deirtear fuaim a théas an-mhór i gcosúlacht le Anna sa bhfocal seo go minic, ach tá an leagan ceart ag cuid mhaith daoine i chuile cheantar fós. Deirtear freisin é gan an d lárnach ann sa seanfhocal seo) — caithfidh an duine dochomhairleach a bhealach féin a fháil, mar ní gar a dhul ag cur aithne ná fainic air; níl sé gafach le comhairle, ach is iondúil gurb é a aimhleas a ghníos sé
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh aon mhaith leis. Chaithfeadh sé a bhealach féin a bheith aige. A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Tá sé ráite ariamh
Tabhair cead a comhairle féin di. Muran buil léithe a phósadh bíodh aici. B'fhéidir go bpósfadh sí ar ball é dhá mbeadh breith ar a haiféala aici. A chomhairle féin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
Ní dhéanfaidh an fear seo thoir aon bhun muis. Thosaigh sé thar cionn, ach ar ndóigh, ní den abhras an chéad snáth mar adeireadh C. Th. Tá sé ródhána. Níl neart agat focal a rá leis mar ní ghéillfeadh sé duit. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
Chaith muid an bhliain ag achainí air an garraí thíos a chur. Bhí sé cóngarach agus soleasaithe. Dúrabhán atá ann agus ní iarrfadh sé ach daithín beag leasaithe le an-fhataí a thabhairt. Ach thug sé an chluais bhodhar dhúinn. An garraí seo thuas i mbarr an bhaile a bhí dhá chur thar bharr a chéille. An-dóigh fataí é, adeireadh sé. Níor chuir an t-aistear suas aon chúl air, ná an chréafóig chloch bheag a dteastaíonn riar maith uaithi lena leasú. Chuir sé é. Ní raibh ann ach screacháin (creacháin). Tabhair screacháin orthu. A chomhairle féin do mhac dhanra arsa tusa, agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
Diabhal bréag nach drochphortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearglaoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhanra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuraidh le portach nua a d'oscail mé ar an roinn. Murach leisce an mhagaidh, d'fhágfainn ansin sa mí-ádh é théis a oscal
 
dearfa
Go deimhin agus go dearfa duit, is dona an fear le pósadh é. Níl sé ann níos measa
 
Ní fhéadfadh sé rud ar bith níos measa ná sin a dhéanamh i ndeireadh a shaoil agus a mhaitheasa
 
deis
An bhfeiceann tú an deis atá air anois: a chuid éadaigh uileag faoi dhraoib agus é ag eitealla leis an bhfuacht. Is mór dhá fhonn atá ormsa anois deis a chur ort a bheadh deich n-uaire níos measa, mura deas an chaoi duit a theacht isteach mar sin agus do chulaith nua ghlan ina bogeimhin agat
 
dochar
Níl dochar ar bith an phuchóid sin a bheith amach ar an tyre. Chuaigh mise as seo siar go dtí an Ch. R. agus aniar aríst ar phuchóid níos measa
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
Dhá mbeadh an bóthar chomh doicheallach anois agus atá na clagfharraigí atá thart faoin gCeann, ní fhéadfaidh muid loiceadh anois. Seo linn anois! Dhá dheannachtaí dhá bhfuil an bealach, bainfidh muid ceart dó (dhe) le cúnamh Dé. Rinne mise é oícheanta níos measa
+
dona
Aonach dona a bhí ann. Diabhal níos measa (the devil a worse; measa adeirtear i gcónaí i gcás den tsórt seo, is cuma cén tsárchéim a bhíos ar dona ag an gcainteoir ar ócáidí eile)
TUILLEADH (4) ▼
Trá dhona í. Diabhal níos measa (a d'fhéadfá a iarraidh, nó leagan eicínt mar sin intuigthe ina dhiaidh)
Drochthalamh é. Diabhal níos measa ann
Madadh drochmhúinte é. Diabhal níos measa ann
Druncaera críochnaithe é. Diabhal níos measa faoi na brait (sa tír, in Éirinn srl.)
 
Nár dhúirt mé leat go mbeadh dreoiteacht air, agus ní chuirfeadh fear agus píce iallach ort a ligint amach aríst ina dhiaidh sin. Oibrigh ort anois! A chomhairle fhéin do mhac dhanra agus ní bhfuair sé ariamh níos measa. Ara diabhal dreochan ná dreochan ar an bhféar sin. Céard a bhéarfadh dreoite dhó, scáth an dá bhraoinín báistí sin a buaileadh air. M'anam dhá mbeadh dreoiteacht air, gurbh fhurasta a aithinte é
 
droch-
Is drochbheatha í sin ag sclábhaí. Diabhal níos measa!
 
Is drochdhíolaí í. Dheamhan níos measa sa tír. Tá cat crochta roimpi anois in chuile shiopa soir ansin cé is moite de tigh Ph. Tá sí ar a teitheadh ón gcuid eile. Is gearr go bhfeice tú P. féin sách bréan di, ach seans go bhfuil sí ag íoc ar an tairne ansin
+
droim
Ní thabharfaidh sé a dhroim di sin go sleibhe. Bhí sé chomh maith dhóibh gan cur chuige nó uaidh anois, mar ní thabharfaidh sé toradh ar bith orthu. A chomhairle féin do mhac dhanartha agus ní bhfuair sé ariamh níos measa
TUILLEADH (1) ▼
Droim an bhóthair sin thíos, an áit a bhfuil an teara tiubh, níl sé in araíocht ag aon chapall déanta siúl air. Tá cuislíochaí dhe níos measa ná a chéile mar sin féin. Bhí acu colbha a fhágáil gan teara ar bith le aghaidh lucht capaill
 
déan 1
Má shíleann tú go ndéanfaidh an obair sin gnaithe dhuit oibrigh ort. 'A chomhairle fhéin do mhac dhanra,' adeir siad, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa'
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
díth
Ní díth ar bith atá air ach díth na céille. Nár chuma dhó faoi ardbhonnaíochaí an diabhail céard a dhéanfadh an t-airgead atá aige i Meiriceá. Má mharaítear sa gcogadh é nach measa dhó é ná an saol mór; agus a fhusacht dó fanacht sa mbaile anois agus gan a dtaobhachtáil níos mó
 
dóigh 1
Na chúig mhuileata is measa i bpaca! Dhá mbeidís ann níos measa, is mé a gheobhadh iad. Is maith an dóigh iad
 
dóirt
Ná bac le dóirteadh le fána. Is strapadh ceart é. Níl na halltracha sin thuas ionga ná orlach níos measa