Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daol

pian (50+)

+
Má tá an phian ag cothú air fós, tá faitíos orm dó — is faitíos liom nach ndéanfaidh sé aon mhaith; go mbásóidh sé
TUILLEADH (1) ▼
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
Fágfaidh mise pian sa ngoile agat mura n-éirí tú as do chuid nathaíochta
 
fág i
D'fhága mise i bpian anois é. Níl a fhios aige sa mí-ádh cá bhfuil mé ag dul — tá sé ag déanamh imní dhó fios a fháil cá'il mé ag dul
 
fág
Níor fhága an phian sin mo chrioslaigh ó shin. Tá sí smeartha amach ar fud mo chnámh ar fad anois
+
fóir
An buidéal sin a thug an dochtúr dom thug sé fuairínt (fóirithint) bhreá dhom ar an bpian — fuarú, réidh an achair; lag sé an phian orm
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
Chuir sé snáthaid ann. Uaidh sin amach ní raibh an phian chomh cráite air. Sin é an fhóirithint a fuair sé ón dochtúr
"'An bhfuil fionnuartas ná fóirithint le fáil agam ar an bpian,' adeir Oisín le Pádraig. Agus aríst dúirt sé: 'Dhá mba é toil do Thiarna é beagán fóirithinte d'anamnacha na bhFianna ón bpéin'"
 
ceal 1
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
 
cleite
"Dhá mba páipéar é an talamh glas, cleitiúchaí na n-éan a bheith ina bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith ina gcléir: dúshlán a n-iomlán; An drullán is lú de phianta ifrinn a chur i gcéill" (Pádraig adúirt le Oisín)
 
colg
"Tharraingeoidís thríd an tlú gairmid é (an líon) lena ghairmid nó a scoitheadh, nó leis an mbarrach agus an colg a bhaint dhe. 'Sé a mbeadh fágtha ansin, an chois, gan colg ná barrach, agus í an-mhín. Deiridís go mbíodh leigheas pian bhoilg sa mbarrach. Ní bhaistfeadh an sagart fadó gan an bharrach, mar sa gcolg a rugadh Mac Dé" (Sliocht ó Sh. Ó Ch. ag cur síos ar an líon)
 
Níl pian ná tinneas air ach é ag giorrú an bhealaigh leis.
 
beo 1
Ní éasc beo é sin chor ar bith ach pianta fáis.
+
beo 2
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh, mura bhfaighe mé réidh an achair ón bpian seo.
TUILLEADH (4) ▼
Is cuma liom mo bheo nó mo mharbh — rud ar bith a chuirfeadh as pian mé!
Ní beo liom mo bheo ó bhuail an phian ghártha seo mé.
Dar mo choinsias, shaothraigh mise an mhéir sin. Scoilt an ionga go dtí an beo agus dheamhan foras ná suaimhneas a fuair mé uaithi in imeacht coicíse le pian.
Chuaigh an phian go beo ionam.
 
Cén sórt bhíogaíl atá ortsa. Má tá pian ort, ardaigh leat a chodladh.
 
bocht 1
Bíonn sé ag stróiceadh le pian ina láimh agus is suarach an t-ionadh dhó sin, arae is bocht an lot atá air.
 
'Sé an chaoi a mbuaileann an galra sin thú ina bhreoiteacht, agus neartóidh sé ina phian ansin ort. Deirimse leat, gur deacair é sin a chur as do chrioslaigh.
 
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé breoite ina dhiaidh sin.
 
aice 2
Tá sí lofa (an fhiacail) in aice pian a bheith inti.
+
Ní bhodhróidh do chuid aiféala mo phian — adúirt duine leis an té a bhuail cniogaide air
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhuaróidh mo phian le do chuidse aiféala — in Iar Chonnacht agus in iarthar Chonamara déarfaí mo chuidse talún srl. ach i gCois Fharraige mo chuid talúnsa.
 
Tá mé buailte suas as na cosa ar fad le seal, ach dheamhan pian ná tinneas orm thairis sin — níl siúl an bhealaigh ionam ag mo chosa ach dheamhan mairg orm thairis sin.
 
Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé ag fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
+
buail
Bhuail daigh bhoilg Séamaisín agus mhaithfeá do Dhia gan a bheith ag éisteacht leis agus é ag síonaíl le pian.
TUILLEADH (1) ▼
Cár bhuail an phian thú?
 
Bhí pian ghártha orm, agus ainneoin sin (.i. thar éis sin), ní dhearna mé a dhath éagaoineadh.
 
aire
Thug sé an-aire dhó fhéin ariamh, agus ní raibh pian ná tinneas air.
+
airigh
Cá n-airíonn tú an phian?
TUILLEADH (3) ▼
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
D'airigh mé mar a bheadh snáthadaí dhá sá in mo thaobh leis an bpian a bhuail mé.
Airím an bhróig seo do mo phianadh
 
amuigh
'Siad na daitheachaí an phian is measa amuigh, agus ní dhéantar trua ar bith don té a mbíonn siad air.
 
Airím pian in airdín mo chúil, ach tháinig mé as (.i. as an tromásc, nó an troid, nó an timpiste) saor go leor.
+
anam
Bhuail pian in mo thaobh mé agus chráigh sí go hanam mé.
TUILLEADH (1) ▼
Is cráite an rud iad na daitheachaí. Cuireann siad pian go hanam ar dhuine.
 
anuas
Mura raibh an céad sáraithe aige, bhí sé suas is anuas leis, agus dheamhan pian ná tinneas a bhí air gur bhuail tinneas an bháis é.
 
araoid
B'fhearr dhuit pian in do bholg ná araoid a chur ormsa
+
Tá an phian ardaithe air.
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr ó d'ardaigh an phian air.
Má ardaíonn an phian tada eile, cuirfidh mé fios ar an dochtúr.
 
feac 2
Ní fhéadaim mo chois a fheacadh chor ar bith le pianta. Dúirt an dochtúr liom a bheith dhá haclú, ach tá a scéal breá go leor. Dhá mbeadh mo phiansa air, ba bheag an aclú a dhéanfadh sé deirimse leat.
 
Bhuail mé mo lorga faoi chois an bhoird agus chaith mé an lá ag fiodrince ar fud an urláir ler chuir sí de phian orm
+
Thug an méid sin fhéin fionnórtas dhó ón bpian — fóirithint, réidh an achair
TUILLEADH (1) ▼
Níl fionnuartas ná fóirithint le fáil ar an bpian in ifreann. Má théann tú ann, tá tú ann, agus as ní thiocfaidh tú
 
fuagra
Fuair sé a dhóthain d'fhuagra nuair a tháinig an phian ghártha sin ina thaobh. Ach bhí an iomarca sainte aige sa saol le luí. Tá aiféala anois air — fuair sé le n-inseacht go raibh an tinneas ag teacht