Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

slua (15)

+
Bhí an slua céatach ann — mathshlua mór daoine; an saol bruíonach; lán na hÉireann; an t-uafás daoine.
TUILLEADH (3) ▼
Tá an slua céatach imithe soir, más chuig an show a chuaigh siad uileag nó nach ea.
Bhí an slua céatach ag an mbáire inniu. Ní raibh duine ó liath go leanbh sa gC. G. nach ann a bhí.
Tá an slua céatach cruinn ann.
 
Deir daoine gurb iad an slua sí — diúltaí muide dóibh! — a bhuail faoi oíche a raibh sé ag teacht abhaile deireanach, agus gur shearg a láimh anuas ón dúid dhá mbarr. Más siad nó nach iad, tá a dhóthain ar an duine bocht, ní dhá roinnt leis é
 
buail
"Aithním culaith an deirg, ach ní aithním a dheilbh ná é fhéin; Agus fear gan bheannú, i measc an tslua, is cóir a bhualadh ar chnámh an ghéill" (An chaint a chaith an chailleach is máthair don Dearg Mór i gCrích Lochlainn, nuair a shiúil Conán isteach chuici agus culaith ghaisce an deirg air. Tá sé ina leathfhocal sa gcaint fós, go háirid an dara leathrann de.)
 
ainm
Bhí sé sin in ainm is a bheith sa slua sí, diúltaí muide dhó!
 
anam
Go ndéana Dia maith ar a anam agus ar chuile anam bocht eile dhá bhfuil ar shlua na marbh. Áiméan!
 
frigh
Ní chorródh an fhrigh i ngan fhios dó siúd. Tá sé sa slua sí — duine a fheiceas gach rud a bhíos ag corraí de ló agus d'oíche
 
deilbh 2
"Aithním culaith an Deirg ach ní aithním a dheilbh ná é féin; Agus fear gan bheannú i measc an tslua, dorna a bhí a leathnú ar chnáimh a ghéill" (Sin é adúirt an Chailleach — máthair an Deirg Mhóir, nuair a tháinig Fionn isteach chuici agus culaith an Deirg air)
 
Diaráiste leatsa a Dhia agus a Mhuire! Go dtuga sibh slán ón oíche agus ón mbliain, muid fhéin agus a (ár) ndaoine, i chuile cheaird dhá bhfuil siad, agus go dtuga sibh an ghlóir shíoraí dhár imigh uainn ar shlua na marbh. Áiméan (deireadh an Phaidrín Pháirtigh)
 
Deir siad gur thug an slua sí — diúltaímid dóibh — é sin isteach sa mbruín, deireadh oíche agus é ag dul Gaillimh. Níor bhlais sé de bhia ná de dheoch ann. Níor mhór dó féin nár bhlais. Dá mblaiseadh bhí a chnaipe déanta
 
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
díol 2
"Naonúr naoi n-uaire díol mná rua d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tslua ar an mbean bhán"
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'aon duine a bheith amhrasach mar sin. Peaca mór é peaca an amhrais. Murab é an chaoi a bhfuil sé, mar adeir an fear fadó, go síleann gadaí na gcruach gur gadaí é an slua