Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

thar baile isteach (12)

 
Is mór an chóisir bicycles atá anseo. Chaithfeadh sé go bhfuil daoine thar bhaile isteach ag an time(céilí, spóirt)
+
Tháinig daoine thar baile isteach chuig an damhsa — daoine nach as an mbaile seo iad; daoine as bailteachaí tharas an baile a raibh an damhsa ann
TUILLEADH (4) ▼
Murach a raibh thar baile isteach ann, b'fhurasta iad a chomhaireamh
Ní ceart daoine thar baile isteach a ligean ag súdaireacht thart anseo
Ní ligfeadh an faitíos d'aon duine thar baile isteach a shrón a shéideadh ariamh ann — bheadh faitíos ar strainséaraí an áit a thaobhachtáil
Fear thar baile isteach é — ní as an mbaile seo é
 
ding
Neartaigh sé é féin thar cionn ó chuaigh sé isteach an chéad uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige in chuile áit — siar agus soir. Is ginn leis chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon bhaile dhá gcuimhneoidh tú air d'uireasa duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
Nuair a chuaigh sí isteach thar an tairsigh buaileadh an cáca pósta uirthi, agus ní raibh aon tseanbhean ar an mbaile nár phóg agus nár dheorlaigh í. Diabhal a leithide de cheird! Ghlacfadh duine fuath ar an bpósadh nuair a d'fheicfeadh sé a raibh de chóirí catha ansin
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
díol 2
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
+
Níl ag dul faoi ná thairis anois ach píosa talúna a fháil isteach i gcluasa an bhaile mhóir go dté sé ag garraíodóireacht agus ag cur greens. Dar leis, déanfaidh sé saibhreas ar mheacna, ar oinniúin agus ar an ngabáiste chatach sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is fusa na rudaí sin a rá ná a dhéanamh
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ag dul faoi ná thairis nuair a bhí muid i M. ach a dhul isteach go B. L. go dtéadh sé ag breathnú ar Mh. Dh. 'Meas tú cén t-am a mbeidh muid sa mbaile,' arsa mise. 'Ar maidin,' adeir sé. 'Má théann muid ann, ní ligfidh siad abhaile anocht muid'