Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tine (92)

 
Cuir an píosa páipéar sin sa tine, agus bíodh sé dubhdhearg agus cródhearg shula dtuga tú dhom é … Le aghaidh mo phíopa! Deile!
 
daigh
Bhí mé den tsaol ag daitheachaí in imeacht na seachtaine seo caite. B'éigean dom éirí de mo leaba oíche, agus mo leiceann a chur le tine. Bhí mé ag screadach leis an bpian
 
dáil
Brúigh i ndáil leis an tine, agus tabhair goradh dhuit féin. Tá ceart agat a bheith fuar théis t'aistear. Phréachfadh an lá inniu na fiaigh dhubha
 
Is mór an daingniú nach mór don chroich fós shula fhéadfas tú pota a chur uirthi. Pota ar bith a chrochfaí uirthi sin, bheadh sé anuas in do mhullach sa tine
 
Meas tú an ngabhfainn amach faoin dallcairt sin. Is beag an baol orm, dhá bpréachtaí ar an teallach sibh cheal tine. Ní theastódh uaim nach a dhul do mo chailleadh féin ar phortach a leithide de lá
 
Tháinig sí agus í deallraithe, agus scar sí í féin ar an tine, agus ní raibh gair ag duine ar bith eile drannadh léithe aici. Goróir an-fhuar í
 
déan 1
Déanfaidh an tine sin caor ar ball
 
dearg 1
Níl an tine baileach dearg (nó deargtha) fós
+
dearg 2
Ní dheargfaidh an tine seo go sleibhe — lasadh suas; lasair a theacht uirthi (bheadh smeachóideachaí inti ceart go leor)
TUILLEADH (1) ▼
Níl an choinneal ag deargadh ach an oiread leis an tine
 
Thóg sé as an tine é nuair a bhí sé ina dheargán agus thosaigh sé dhá lascadh ar an inneoin. Níor chuir sé biseach ar bith isteach ann, ach an dá bhrionglán a tháthú agus aon cheann amháin a dhéanamh dhíobh. Siúd é atá deas air. An-ghabha é. Níl gair ar bith ag an mB. air. Níl sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhó
+
Deasaigh anuas ag an tine — doirt, teann, brúigh anuas
TUILLEADH (3) ▼
Deasaígí isteach a (bhur) gcosa. Caithfidh mé greadlach thine a chur síos
Deasaigh isteach leis an tine. Is ceart duit fuacht fhéin a bheith ort agus thú amuigh faoin sneachta ó mhaidin.
Deasaígí síos an chuinneoig sin i ngar don tine nó ní théachtfaidh sé choíchin ar an aimsir seo
+
Ba bhreá uaidh deatach a ligean le gaoith anuraidh chomh uain is a bhí sé ag saothrú pínneachaí, ach caithfidh sé déanamh dá uireasa anois. An té nach bhfuil tine aige féin, déanadh sé a ghoradh le gréin, mar adeir an ceann eile
TUILLEADH (5) ▼
Ní bhíonn deatach ar bith gan tine — má bhíonn cosúlacht ann, ní bhíonn sí gan údar
Ní bhíonn deatach ar bith gan tine. Marach go raibh aicíd eicínt ann, tuige a raibh siad ar fad ina luí, agus gur chuir an dochtúr aithne ar dhaoine gan a dhul isteach ann
Murach go ndearna sé gadaíocht eicínt, cá bhfaigheadh sé a raibh d'airgead aige. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine
Breá ar chuir sé caoi ar an teach agus ar chuir sé foireann nua isteach murach go raibh rún pósta aige. B'fhurasta a aithinte é. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine bíodh a fhios agat. Is beag an mhaith dhó a bheith dhá shéanadh anois. Ní phósfadh aon bhean é: sin é a bhí air
Bhí deatach as mo chuid éadaigh chomh luath agus a ligeadh an tine chucu. Báitheadh go craiceann mé
 
deil 2
Dheil sé rud! Ní dheileodh sé fód móna le cur sa tine, ní áirím dual le cur i rata.
+
"Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos" — bíonn fuacht ar pháistí agus ar sheandaoine
TUILLEADH (3) ▼
Níl mé in ann corraí beag ná mór ón tine anois. Bíonn na creaití fuaicht orm má théim go doras. Deir siad é: tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
Tá sí mar a bheadh piodarlán de ghasúr ann anois: scartha ar an tine i gcónaí. Ar ndóigh sin é an chaoi a mbíonn an aois i gcónaí. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
Diabhal mé gur gearr an bás uaitse, má tá an oiread sin fuaicht ort oíche chomh breá léithe. Tús agus deireadh an duine ar an tine a tharraingíos
 
Tá an iascach caite i dtraipisí le deireanaí ó thosaigh an fuadach ar an móin. Roimhe seo, ghabhfadh fear suas taca Dhomhnach Chrom Dubh agus bhainfeadh sé dhá shleán mhóna le aghaidh na tine. Thriomódh ana na Féile Míchil dó í. Dheamhan buille a ghnídís i gcaitheamh an tsamhraidh ach mathshlua acu thíos ar chuile charraig ansin thíos ag iascach. Is deacair fear a fheiceáil anois ann
 
deirge
Nach ina grua atá an caor! Tá deirge na tine inti.
 
deis
Má tá pota le dhul ar an tine sin, ní mór dhaoibh deis bheag a chur uirthi. Caith anuas gabháilín mhóna chugam … Nach gann gortach a thug sibh isteach í, má tá sibh taobh leis an méid sin
 
dia 1
Bóín Dé, sine Dé, tine Dia, tine Dé (Aodh? (fc. , tine, sine)
+
diaidh
Bonn an aoin seo thoir atá sé a fháil. Is gearr go dté sí amach ag spaisteoireacht di fhéin anois, ar theacht don tráthnóna, i ndiaidh a loirgne a bhreacadh sa tine ó mhaidin. Nach í iníon an duine bhoicht í!
TUILLEADH (3) ▼
Bhuail faitíos mé, leis an gcaoi a raibh sé dhá chur i ndiaidh a chúil, gur rún a bhí aige é a leagan ar shlatrachaí a dhroma sa tine
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Tá dream Mh. seo an-díbheirgeach i gcónaí. Níl sé mórán le mí ó shin — an bhfuil — ó leagadh na claíochaí anseo thiar. Thug T. Ch. píosa cainte don tsáirsint an uair sin, agus dúirt sé go raibh sé ar cuairt tigh Mh. agus nár chorraigh sé as go dtí an dó dhéag agus nár casadh aon duine ar an mbóthar dó ach mise agus P. Bh., agus gur siar a bhí a (ár) n-aghaidh. Mo léan géar bhí na póilíos istigh agam anseo ina dtine bhruite, agus chuaigh siad go bog agus go crua orm ag fiafraí dhíom cá raibh mé ag dul. Choinnigh mé féin ag nathaíocht leo, agus níor lig mé amach tada go raibh siad i bpiolóid cheart agam. Is ansin adúirt mé gur ag fanacht taobh amuigh a bhí mé le N. go dteagadh sí amach as tigh Mh. Bh. Bh. Bhí a fhios ag T. Ch. go raibh sí istigh ann chomh maith liomsa atá pósta aici, ach dar leis féin go gcuirfeadh sé in adhastar an anró mé ina dhiaidh sin. Agus an bhfeiceann tú an t-agús a chuir sé ann: go raibh a (ár) n-aghaidh siar, arae mura dtéadh sé ag déanamh bréag ní raibh aon ghair aige a rá go raibh muid ag dul siar. Níor chuir mise luach leithphínne as don fhear chroí ariamh ach tá an aicis aige dhom ina dhiaidh sin faoi nach bhótálfainn dá dhream
 
Bhíodh T. Ó. M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht ina rógaire reatha. An áit a bhfaigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scrupall ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídiúlacht ar bith a gcuimhneodh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé is moite de sheanbhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghrideall a bhí ann, agus chuir sé ar an tine é, agus rug sé ar an tseanbhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uileag go dona …
 
díle 1
Tá an díle fola dhá dórtadh anois. Deir bean J. liom go bhfuil caor thinte cogaidh anois ann. Tá na Sasanaigh ag dul isteach dubh na fríde ar an nGearmáin, ach tá sé ag dul go snaidhm an rópa leo ina dhiaidh sin; agus níl léamh ná inseacht scéil ar gach is a bhfuil dá mharú orthu (Samhain 1944)
 
Tá an t-uainín sin ina dílleachtín. Rugadh ar an sneachta mór é, agus tugadh isteach é agus cuireadh le tine é. Ní thabharfá deich triuf air, agus diabhal mé gur shrian sé as ina dhiaidh sin agus gurb é atá cruachúiseach anois. Ach cailleadh an mháthair
 
Nach aige atá na dintiúirí agus an chailicéireacht. Shílfeá gurb é Cabhnsailéara na Sceiche (fc. cabhnsailéara) é ansiúd chois na tine. Níl ní ó fhlaithis go talamh nach gcuirtear faoi chaibidil ansiúd
 
Tá tú deallraithe a dhiocín. Deasaidh suas agus ligidh áit ag an tine aige. Tá tusa rólag le bheith ag imeacht ag rabhaiteáil ar bhóithrí
 
Nuair a chuaigh mé isteach ann tráthnóna ní raibh solas ná léargas ann ach díogarnach bheag a bhí ar an tine, agus 'sé an áit a raibh sé féin sínte ó chluais go rioball ar an stól agus é ina shrann chodlata. Bhí sé amuigh aríst aréir ag déanamh aos díobhaill. Is diabhlaí an tóir atá aige ar na mná — chuile lá ariamh. 'Siad na mná a ghiorrós leis mura bhfuil ag Dia
 
Mo chreach mhaidne ghéar! Thú féin agus do chuid móin Achréidh. Ní fiú cnaipe gan chos í ar ghualainn na móna atá anseo. Nach sceitheann sí as éadan. Agus is luaith ar fad í: a caitheamh síos agus 'sé a bhfuil inti an lasair sin. An méid a chonaic mise de mhóin an Achréidh, díogha amach is amach í. Sin anois tine bhreá ina craiceann an tine sin agamsa. Baineadh an cailín sin in áit a bhfuil móin
 
díol 2
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon sásamh aige ann mura dtéití ag caitheamh le M. — bhí sé imithe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaigh muid síos ar chúla na haille agus chaith muid cupla méaróg le M., ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos sa ngleainnín agus bhí caor thinte dhá bhaint as an gclaí lena ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh agus é ag iarraidh a theacht thar claí go maraíodh sé é ar bhun an cúig déag. Ar ndóigh sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an oíche sin ar chaoi ar bith
 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
An diúilicín bocht ná buailidh é! Fágaidh ansin ar a theolaíocht chois na tine é. An coileáinín bocht! B'fhéidir dó togha madadh a dhéanamh fós
 
Ná bac leis an seanchlár diúirinneach sin. Dheamhan leas a dhéanfas sé sin go deo, mura gcaiteá ar chúla na tine é, agus is dona ansin féin é
 
Ó anocht amach le cúnamh Dé, diúltóidh mise an chuartaíocht. Séard a dhéanfas mé feasta, síneadh siar ó chluais go rioball ar an teallach, na bróga a bhaint díom, na boinn a chur le tine, mo dhíol tobac a chaitheamh, agus neart cabaireachta a thabhairt do dhuine ar bith a chasfar isteach
 
(Rópa dlaoiníní — rópa tuí cáiteach) "Rópa a dhlaoithfeá de bhroibh. Na broibh a fháil suas ansin sna barra. Broibh mhóra láidre: fiógaí. A dtarraingt as an bhfréimh. A gcrochadh suas ar phionna nó ar an gcnagadán cupla lá nó go dtriomaídís. Ní mórán triomach a d'iarrfaidís. Iad a shnoíchan ansin: a ndlaoithiú. Bhéarfá ar an dlaoinín le t'fhiacail. 'Sé an dlaoinín an craiceann atá taobh amuigh ar an mbrobh. B'fhearr t'fhiacail ná t'ionga leis an dlaoinín a tharraingt anuas de na broibh. Mura mbeirteá mar sin air, dhéanfadh an rud bog atá istigh sa bhfióig mionbhas. Níl maith ar bith leis an rud bog sin ach a chaitheamh uait. De na dlaoiníní a dhéanfá an rópa. Le corrán nó le corrshúgáin a dhéanfá é. Dhá mbeadh fear maith dhá dhéanamh, bheadh sé chomh maith le rópa ruainne — rópa rua. Trí duail a chur ann. Chuirfeá ar chocaí féir é. Nuair a chuirfeá ar chocaí é, ní iarrfá é a fhíochan chor ar bith. Dhéanfadh dual amháin thú; agus ar chruacha coirce freisin. Chuirfeá ar mhuic é ag dul ar an aonach agus ar ghadrachaí maoil asail ag tarraingt mallaigh feamainne. Dhéanfadh fear maith an-chaol é, agus bheadh sé go maith ina dhiaidh sin. Dhá mbeifeá ag déanamh rópa muc dhó (dhe), chaithfeá trí rópa a dhéanamh agus na trí rópa a fhíochan suas ina chéile: trí duail … Slata: nuair a bheadh slata bliain istigh chaithfidís a mbáthadh lena mbogadh, má ba leat cléibh, scoilb nó eile a dhéanamh dhíobh. Bheidís mí ar bogadh i gclaise shula n-oibrítí iad. Bhruithfeá slata le aghaidh cléibhín ime. A ndlaoithiú ansin, agus dhéanfadh na dlaoiníní rópa, ach ní bheadh sé chomh maith leis an rópa dlaoinín broibh. D'fheicfeá mná ag cur dlaoiníní na mbroibh nó na slat i gcluasa an tuirne (dlaoinín nó fiataíl an dá rópa is fhearr) mar is ann istigh a bhíos an fearsaid, agus an tsreang ag imeacht ar an bhfearsaid … Solas: dhlaoithfidís anuas na fiógaí agus d'fhágaidís stríoc bheag den dlaoinín ar an mbrobh, i gcruth is nach dtitfeadh a mbeadh istigh ann amach ina mhionbhas. Chuiridís bealadh ansin orthu: ola faoitín nó ola ronnaigh, agus a leá ar cham agus a dtumadh ann. Mura bhfágthá dlaoi bheag síos ar fhad an dlaoinín, leáfadh a mbeadh istigh ann. Bhíodh faoitíní agus ronnaigh ina snáth mura anseo an uair sin. Na haobha a leá ar an tine, agus nuair a bheadh lochán agat, na broibh a thumadh uileag ann, nuair a bheidís dlaoite: an dlaoinín bainte dhíobh. A gcrochadh suas ar stálú sa simléar nó go mbeidís tirim … " (Sliocht as cuntas faoi rópaí, dlaoithiú agus eile ó Mháirtín Ó Cadhain, Cnocán Glas, Spidéal)
 
do- 2
Diabhal a bhfaca mé aon uisce ariamh chomh dothéite leis sin, ainneoin go bhfuil caor thine faoi
 
1
Níl dó tine leath chomh dona le dó uisce. Cneasaíonn an dó tine gan aon stró mar is dó glan é, ach is drochlot é an dó eile. Bíonn an oiread léarsachaí (léasrachaí) agus puchóideachaí ina dhiaidh agus gur mór an tseanmóir é. Níl a fhios agam féin an bhfuil aon rath le teanga an tsionnaigh ar dhó. Níl cinneadh léithe ar lot ar bith eile ar chaoi ar bith. 'Sí an cailín í le deilgne agus fleascannaí a thabhairt as cosa agus as lámha
 
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
 
Is fada síos a ghabhfainn agus gan a fhios agam cá'il mo luach saothair! Bhí mé cheana thíos ann ar bhainis Ph. N. agus dhá mbeadh breith ar m'aiféala agam, ní thabharfainn an tabhairt orm fhéin. Agus ba mhór liom a bheadh amhlaidh. Ba ag brú ar an doicheall ceart dúinn a dhul ann. Níor fiafraíodh cá dtáinigeamar, go raibh muid cupla uair ann, agus an uair sin féin ba suarach a caitheadh linn. Aon ghloine amháin fuisce a fuair mé ar feadh na hoíche. Dar lán an leabhair sin é an méid, agus ní mé an t-aon duine a bhí amhlaidh: dá bhfaigheadh T. Ph. cead a chomhairle féin, bhí sé ag dul ag déanamh brosna don teach. Ba é a dhéanamh leis é. Ní raibh an tine féin ann.
+
dóigh 3
Dófaidh tú do chóta mór mura ndeasaí tú aníos ón tine. Is maith é an goradh cúl cos sin, má bhaineann tú dhíot an cóta mór
TUILLEADH (7) ▼
Chítear dhom go bhfuil boladh an dó ar rud eicínt. Breathnaígí fúibh is tharaibh ansin. Muran aon smeachóid ón tine a ghabhfadh sa gcarnán arbhair
Tá sí sin luathlámhach deirimse leat! 'Sí a dhóigh ar bhain mé de mhóin i mbliana. D'éireodh dhi, agus dhá thine ar siúl i gcónaí aici
Tá na cosa dóite aici de bharr na tine
Is beag é a maith ná a maoin sin ach a dhá ladhar le tine aici dhá ndó
Nach fearr í ná bean a mbeadh a spreangaidí sa tine aici dhá ndó
Diabhal luach leithphínne a ghníos sé sin ó mhaidin go faoithin ach a chosa sa tine aige dhá ndó
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
 
Tá dóiteán mór de thine agaibh — tine bhreá ina craiceann! (is annamh a tugtar dóiteán ar thine an teallaigh)
 
dos
Níl teach ar bith roimhe seo nach mbíodh creangadán ansin ann ar thaobh na tine, le éadach a chrochadh air. Den dos mór a ghnídís é. A thabhairt isteach agus é a thriomú nó go stálaíodh sé. Bheadh sé sin an uair sin chomh righin le gad. Ní fheicfeá aon teach in do shiúl ionsaí nach mbeadh ceann ann. Tá agus fós i chuile cheann de na seantithe, ach níl siad sna tithe nua. Ach níl tada sna tithe nua. Tá na crosógaí Bríde fhéin caite in aer acu. B'fhóinteach iad na creangadáin dar mo choinsias, ach tá daoine róleitheadach, róghalánta anois le bacadh le rudaí den tsórt sin
 
Tá siad an-drabhlásach leis an móin — dhá thine ann go síoraí. Ach is furasta dóibh arsa tusa: ag imeacht dhá ghoid uaimse agus uaitse de shiúl oíche, agus a gcuid móna féin ina scaradh ar an bportach, cheal an té a ghróigfeadh í ná a thabharfadh aon ghiollaíocht di. Nuair a bhí acu a n-aird a bheith ar mhóin, is ag imeacht ag gabháil Laddie O'Lee ar an mbóthar, nó síos i ndiaidh "Choiste na bPáistí" ag cladaí a bhíodh siad
 
drad
Ná cuir an pota sin go drad anois, mar má chuirinns (chuireann tú), gabhfaidh cuid dhó thar maoil agus báfaidh sé an tine
+
dreas 1
Tabhair dreas den tine dhó. Triomóidh sin é — scaitheamh, geábh
TUILLEADH (2) ▼
Nach bhféadfá dreas den tine a thabhairt duit féin. Cá'il do dheifir ag dul. Déan do ghoradh
Má thugann tú dreas eile den tine dhó, bruithfidh sin é
+
dreas 2
Tá sé sin thar cionn. Tabhair goradh dhó sa tine, agus faigh do chasúr agus téirigh ag orlaíocht air scaithín, agus éireoidh an dreas meirge sin dhó. Tá sé folláin istigh ann
TUILLEADH (1) ▼
Mura n-éirí creataí an tsamhraidh léithe, ní bhíonn dreas ná teas inti. Caithfidh tú an ghrian a thapú nuair a bheas sí ársaithe más leat móin mhaith thine a bheith agat, agus gan a bheith fearacht Ph. Á. a thriomaíodh í ar ana beag na Féile Michil
 
driog
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad
+
dris
Ná bain léithe sin chor ar bith. Dris cheart í sin le araoid ar bith a chur uirthi. Chonaic mé thíos sa teach an oíche cheana í, agus dheamhan bean ní ba mheasa ná í nuair a d'iarr a máthair uirthi a dhul i gcoinne aistir uisce. 'Breá nach n-iarrfadh sibh é sin,' adeir sí shular shuigh mé síos. 'Nach mé an trua Mhuire agaibh, maidin is tráthnóna.' B'fhearr léi suí síos chois an tine ag breacadh a loirgne ná éirí suas ag déanamh a gnaithe
TUILLEADH (1) ▼
Tá tú in do dhris chantalach ansin ar leic an teallaigh ó mhaidin agus gan gair ag aon duine eile an tine a thaobhachtáil agat. Is óg atá tú ag tabhairt drochfhaisean faoi deara duit féin. Má leanann duit, caithfear an teach a fhágáil ar fad fút féin. Ní bheidh aon ghair ag aon duine eile seasamh leat. Diabhal gair muise
 
Tá mé deallraithe. Níl aon phointe ó tháinig oíche nach bhfuil drithlíní fuaicht ag dul thríom. Breá nach gcuireann sibh síos dabhach mhaith de thine?
+
Ba fear i ndroch-arán mise! Bhí mo mháthair ar leaba an bháis agus mo bhean istigh san easpaicil (ospidéal), agus gan duine ná deoraí agam a thógfadh an tine de mo chois ná a bhreathnódh i ndiaidh an dá mhalrachín
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí tá na daoine i ndroch-arán anois. Ní bheidh beatha na tine ann i mbliana ach grásta Dé! Nach bhfuil ceann faoi ar an aimsir uileag
 
Dheamhan a raibh mé ar cuairt chor ar bith aréir, rud ab annamh liom. Bhí an-tséideogaí ann, agus níor lig an drogall dom an tine a fhágáil
+
droim
Ní beo é mura mbeidh a dhroim le tine aige mar sin i gcónaí. Ach b'fhéidir gurb é a chríonnacht atá sé a dhéanamh. Deireadh na seandaoine go mb'fhearr goradh cúl cos ná céad bó ar chnoc
TUILLEADH (1) ▼
Ní thaitníonn liom an chorraí atá agat ar an tine sin chor ar bith anois. Bhí sí ag cnádadh go breá gur thosaigh tú ag dochtúireacht uirthi. Is mór m'fhaitíos go gcuirfidh tú de dhroim seoil ar fad í. Tá geis ar an tine sin nach bhfuil aon duine in ann a deargadh ach mise. 'Sí an tua a bhaint as láimh an tsaoir duitse a dhul ina héadan
 
Capall droimnochta a bhí againn. Eisean ar béala. Mise ar cúlóig. Bhuel bhí sé ag baint caor thinte as an mbóthar anuas Ard Th. agus é 'na huaire móire orm féin agus gan a fhios agam cén pointe a gcuirfí go talamh mé agus a scoiltfí mo bhaithis in aghaidh an bhóthair
+
druid 2
Doirt anuas ag an tine agus ná bí do do chailleadh féin thuas ansin
TUILLEADH (1) ▼
An bhféadfá an bord sin a dhoirtim anonn scaithín eile go bhféada na daoine deasú timpeall na tine?
 
dual 2
Bíonn dual na droinne istigh ansin chuile oíche ag imirt chártaí. Dheamhan gail den tine a fuair mé ó tháinig an t-airneán ná cuid de ghail
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)
 
Móin! Níl an ghionnóid ann! Ba deacair di agus an chaor thine atá thíos ansin ó mhaidin. Shílfeá gur ag dul ag róstadh mairt a bhí sibh
 
D'fhostaigh sé san áit chontráilte mé: istigh i ngeaird (yard) Sh. D. Ní raibh a dhul ar mo chúl ná ar m'aghaidh agam. Bhí mé idir dhá thine Bhealtaine. Dhá dtéinn isteach sa teach, bhí cat crochta romham ann, agus dhá dtéinn amach doras an gheáird, d'áiteodh seisean mé. Ní raibh agam ach cur díom chomh maith agus a d'fhéad mé
 
Tá an tine ag dul as mura gcaithe sibh cupla fód uirthi
 
Ag dul chun leisce atá tú chuile lá. Is gearr nach ligfidh an leisce dhuit an tine a thógáil de chois duine
 
Is beag an dochar dhó rud eicínt a bheith ag dul dó, ag imeacht dhá chailleadh féin chois claíochaí chuile oíche, i leaba dhó fanacht istigh faoi theas na tine. Níl a fhios agam beo cén sórt súnás a bhíos ar an aos óg seo ag imeacht ar bhóithrí chor ar bith
+
Sílim go mba ceart daoibh na braillíní atá ar an leaba sin thuas a chur le tine scaithín. Cheapfainn go bhfuil gaibhte fúthu, dhá ghairdeacht ó chodail duine sa leaba cheana. Níl a fhios cén fraighfhliuchas atá sna ballaí sin thuas
TUILLEADH (1) ▼
Seomra ar bith nach mbíonn tine ann ach go hannamh, bíonn sé ar an gcaoi sin. Níl aon cheo dhá bhfágtar ann nach mbíonn gaibhte faoi ar an bpointe
 
Chuaigh an tine ó lasadh orm ar maidin nó go bhfuair mé cupla fód coise isteach as tigh M. le cur inti. Níl sponc ar bith sa móin sin againn anois
 
Ní thugaimse cluais do leath a gcloisim ag dul tharam, ach is cosúil ina dhiaidh sin go raibh údar eicínt leis an luaidreán sin. Ní bhíonn deatach ar bith gan tine, arsa tusa