Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

tinneas (50+)

 
D'fhan sé as an teach sin ar an bpointe faitíos tinnis — ar fhaitíos ag dtógfadh sé an tinneas a bhí ann
 
Tá earasbarr tinneas air inniu — tuilleadh tinnis thar mar a bhí (inné srl.)
 
Tá sé chomh giorraisc lena bhfaca tú ariamh. Chreidim dheamhan neart aige air. Bhí sé ag obair in éindí linne nó gur buaileadh síos é. An tinneas a rinne chomh friochanta é sílim (cantalach, mífhoighdeach). Tá sé as a shláinte
 
fág i
'Sé an tinneas atá in ann duine a fhágáil in ísle bhrí
 
Tinneas fánach atá air — ní brí é
+
fóir
Chaithfinn rud ar bith anois, dhá mba nimh fhéin í, dhá dtugadh sí fuairiúint dom ar an tinneas seo
TUILLEADH (1) ▼
Níl d’fhóirithint ag an dochtúr le déanamh air ach ceirín a chur leis. Is fóirithint é sin fhéin nó go bhfuaraí sé. Ansin bíonn sé chomh dona céanna aríst nuair nach gcuirtear malrait ceiríní sách minic leis. Scrúdfadh sé thú ag éisteacht leis scaití. Ach ní bhíonn neart ag an tinneas air
 
cabach
Is beag an mhaith pearúl a chur air sin. Tá sé chomh cabach agus go mbeidh sé ag déanamh tinnis dhó go labhraí sé air.
 
cailm
Tá a fhios ag an lá gur beag an chailm atá air agus an ruaig thinnis atá dhe aige. Ach reanglamán bradach righin é.
 
Ní fhéadfainn caolóid ithreach a chur anois nach mbuaileann an tinneas droma sin mé. Má bhím cromtha achar an bith, ní fhéadaim mo dhroim a dhíriú chor ar bith ina dhiaidh.
 
ceal 1
Ní airím pian ná tinneas. 'Sé a bhfuil orm, cheal gan aon mhisneach a bheith agam corraí isteach ná amach.
 
Dheamhan lá ó tháinig cuimhne dhom, nár chuala mé an ceann céanna ag ceisneamh, agus ag ligean tinnis uirthi fhéin, ach tá sí ansiúd ina ruacán caillí fós agus gan cosúlacht ar bith báis uirthi.
 
Dhá bhfaigheadh sé aon chinnireacht a rath, shrianfadh sé thríd an tinneas.
 
cíble
Lig de do chuid cíble fúmsa anois. Dheamhan aithne ort nach mise is ciontaí leat fhéin agus le do chuid tinnis.
+
Is mór a chuaigh an ruaig (thinnis) sin thríd. Níor fhága sí siúl an bhealaigh aige (ann)
TUILLEADH (1) ▼
Níl pian ná tinneas air ach é ag giorrú an bhealaigh leis.
 
Ní thaitníonn na crochaillí sin chor ar bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin agus is furasta leis a dhul in ainseal mura dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
 
Bhuail an tinneas céanna ar cailleadh an chuid eile leis an coileachín riabhach sin amuigh, ach bhí sé sách cuisneach lena chur dhó.
 
Is fada an lá meath-thinn é sin. Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé breoite ina dhiaidh sin.
+
aer
Deir siad go bhfuil aer Mheireacá an-chóiriúil ag an tinneas sin — déanann aer Mheiriceá maith a chur ar dhuine a bhfuil an tinneas sin air
TUILLEADH (1) ▼
Cuideoidh sinseáil aeir go maith leis ar an tinneas sin
 
Tinneas aiféalach é an slaghdán bradach sin.
+
Tá sé buailte suas ar fad, ó bhí an ruaig thinnis sin air go deireanach.
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé buailte suas as na cosa ar fad le seal, ach dheamhan pian ná tinneas orm thairis sin — níl siúl an bhealaigh ionam ag mo chosa ach dheamhan mairg orm thairis sin.
+
Tinneas aiféalach é an slaghdán céanna. Ní túisce biseach ag duine ná a bhionns sé buailte síos aríst leis
TUILLEADH (1) ▼
Níl pian ná tinneas air ach go bhfuil sé ag fuasaoid a thaoibh beagáinín. Ach tá sé buailte síos mar sin fhéin.
 
buail
Barr ar an dathúlacht, agus i gcead a chomhluadair, bhuail tinneas mo bhoilg mé agus fhóbair gur fhága sé ar anchaoi mé go maidin.
 
buille
Beannacht Dé dhuit, a dhuine sin! Dheamhan an buille fhéin a rinne mé le mí ag ruaig tinnis a bhuail mé théis na Nollag.
 
Is gártha an buinneán de ghlór a bhíonns aige nuair a bhíonns braon sa gcírín aige. Chloisfeá thiar aduaidh é. Is beag an dochar dhó tinneas cinn fhéin a bheith air agus an bhúireach a bhíonns aige.
 
Tá sé ina sheanléim aríst, ainneoin an ruaig thinnis a bhí air.
 
aird 1
Uair sna naoi n-aird a théanns sé chuig an aifreann, ó bhí an ruaig thinnis údaí air.
+
Tagann tinneas den tsórt sin gan aon aireachtáil.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon aireachtáil aige ar thinneas — ní mhothaíonn sé tinneas; ní ghoilleann tinneas air
 
aire
Thug sé an-aire dhó fhéin ariamh, agus ní raibh pian ná tinneas air.
+
airigh
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Tuige ar thaobhaigh tú isteach an teach acub má d'airigh tú aon tinneas a bheith ann — má chuala tú, má chronaigh tú, má thug tú faoi deara.
 
Tá tinneas droma orm de bharr an chur amach fhada a bhí orm ó mhaidin leis an bhfraoch
 
Is mór an t-ionadh gur lig a chuid antláis dó an ruaig tinnis sin a ligean thairis — duine amplúch a mb'éigean dó fuireacht istigh le tinneas
 
anuas
Mura raibh an céad sáraithe aige, bhí sé suas is anuas leis, agus dheamhan pian ná tinneas a bhí air gur bhuail tinneas an bháis é.
+
anó
Tinneas mo bhoilg an t-anó atá orm agus ní measa anó eile.
TUILLEADH (1) ▼
Thiocfadh sé ón anó murach an tinneas a bhuail é — ní hé an t-éalang a bhí air a thug aon bhás dó ach tinneas eile a bhuail é.
 
Tá an tinneas ardaithe air — tá sé gaibhte chun donacht
 
Is iomaí athrúintí a chuireanns an tinneas sin fhéin de — ní mar a chéile bhuaileanns sé duine nó a bhíonns sé ar dhuine i gcónaí. Bíonn biseach ag duine amantaí agus é air, agus amantaí eile, is donacht a bhíos air
 
Tá sé ag dul thríd aothú anois agus fionnórtas beag aige ar an tinneas
 
Ba deannachtach an chith frithshneachta a chaith sé amach san oíche aréir. Bhí mé amuigh i gcionn bó a raibh tinneas lao uirthi, agus ba bheag nár seacáladh mé. B'fhuar an oíche í deirimse leat
 
fonn
Is beag an dochar dhó tinneas a bheith air leis an bhfonn atá air fanacht amuigh drochlaethantaí
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mórmhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneodh corp théis luí fada go deo mar ní bhíonn bior eanga orthu. Bhí corp sheanN. chomh héadrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirthi!
 
imigh
An bhfuil an tinneas imithe dhíot — an bhfuil biseach agat
 
fiú
Ní fiú puintín bioráin a bhfuil de thinneas air
 
Níl tinneas ar bith is mó a bhfuil fulaingt ann ná cancer— bíonn pian ghártha leis