ailp
1.
a.
bearna.
+–
Bhí ailp bainte as an liathróid — bearna; poll curtha inti nó ite aisti
Rug an madadh orm agus bhain sé ailp as mo chois.
TUILLEADH (10) ▼
Bhain sé oiread do dhorna d'ailp as an gcomhra
D'ith sé ailp as an gcáca.
Má fheicimse go mbaine sibh aon ailp as na sodógaí sin, beidh mé ag gabháilt oraibh chúns gheobhas mé teas in bhur gcraiceann
Sin é faisean gasúr i gcónaí, ailp a ithe chuile phointe
D'éirigh an ailp sin leis, ach feicfidh tú féin air nach n-éireoidh an chéad ailp eile leis chomh réidh.
Is deas an chaoi ar mo cháca breá é, é faoi ailpeannaí ar fad agaibh, hé brí cén sórt rudaí ocracha sibh fhéin.
Tá ailp mhór bainte amach as an mballa. De bharr na hoíche.
Níor scoilt sé í (cloch), ach thug sé ailp mhaith dhi leis.
Tá ailp imithe as cnapán mo ghlúnach de bharr an leagan a d'éirigh dhom.
Is áibhéil an ailp atá bainte as lorga an chapaill.
b.
canta, daba.
+–
Bhí ailp aráin aige — canta mór
Bhí sé ag imeacht agus ailp feola ina bhéal aige.
TUILLEADH (6) ▼
Thug sé an ailp sin leis — píosa aráin, feola srl
D'fheicfeá ailp thuas i gcónaí aige — plaic, greim
Tá ailp eicínt ag an mada anois, pé ar bith cá bhfuair sé é.
Bhí sé ag imeacht ar fud a tí, agus ailp eicínt ina bhéal.
D'ardaigh sé leis ailp de cháca ag dhul amach sa ngarraí dhó
Is iomaí ailp feola a d'fheicfeá ó tosaíodh ar an mairteoil seo
2.
solamar; rud de bharr; somhaoine.
+–
Fuair sé ailp éicint ann — d'éirigh solamar eicínt leis; tharraing sé uisce ag a mhuileann fhéin ann.
Cén ailp atá siad a fháil ó Shasana go bhfuil an oiread sin grá acub di?
TUILLEADH (9) ▼
Murach ag súil le ailp (leis an ailp), is beag an lua dóibh é a thaobhachtáil.
Ní milleán orthub fanacht ar an taobh sin — an taobh atá ag caitheamh ailp chucub.
I ndiaidh na hailpe a bhí siad, agus ní ar mhaithe leis an tír.
'Bhótálfaidh mé don duine is mó 'bhfaighidh mé ailp uaidh — agus ní mórán ailpe a chonaic de bharr an taobh s'agaibhse fós.
Is cuma leis siúd céard is cor do thada chúns choinneofar an ailp leis.
I ndiaidh na hailpe a bhí sé — i ndiaidh an tsolamair
Bainfidh siad ailp amach scaitheamh eile — tuilleadh solamair; tiocfaidh siad suas ar sin tamall eile.
Ag forcamhás ar an ailp atá sé — i ndiaidh na hailpe atá sé
Ní miste leis siúd céard is cor d'Éirinn má éiríonn an ailp leis fhéin.
+–
Le grá don ailp atá sé ar thaobh an dreama sin — ní bheadh sé ag tabhairt chabhair pholaiteachta don taobh sin murach go bhfuil somhaoine aige dhá mbarr.
Ní le grá don bhean, ach le grá don ailp a phós sé í — grá dhá spré a bhí aige.
TUILLEADH (3) ▼
Grá don ailp é grá an tsaoil seo!
'Furasta a aithinte a bhoic bháin gurb é grá na hailpe thug tú; Nuair a phós tú an bhean ghránna agus a d'fhag tú mise i do dhiaidh; Níor dhoimhne an sáile ar báitheadh ann an deichniúr agus céad; Ná mo ghrá fó do lár, agus scéal cráite ort, mura dtuigeann tú mé" (ceathrú den Bhoc Bán)
Sin é fhéin an grá don ailp — an grá sin — grá don tsolamar
·
Grá mí ailp (adéarfadh duine, nuair a bheadh sé ag fonóid faoi bheirt eicínt a bhí in ainm is a bheith i ngrá, le cur i dtuiscint gur grá don tsolamar é (mí = me (my) an Bhéarla is dóighe))
3.
áladh, sroicheachtáil.
·
Is iontach an ailp atá ag an madadh sin (fetch)
Tá ailp dhiabhalta aige.
ailp in iontrálacha eile (13)
Fainic do mhéir ar an sceanadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil a fhios agat gurb in é an rud is coilgní beo. Má bhaineann sé ailp asat, comhairleoidh sin thú b'fhéidir.
→
bannaí 1
Tá ailp bainte as a mhéir, an áit ar rug gliomach air agus é ag cur bannaí air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
→
buail ar
Shíl sé go raibh lán laidhre in áirid di de bharr na huachta, ach is beag a fuair sé léithe chor ar bith. Deirimse leatsa, murach le grá don ailp, nach mbuailfí air í, ach ní bhíonn duine dhá chríonna nach dtéann beart ina aghaidh amantaí.
→
antlás
Is suarach í a ailp anois, théis a chuid antláis — duine ag iarraidh dol fheamainne a alpú fré chéile dhó fhéin agus nuair a chuaigh an baile uilig ina héadan, ba bheag é a chuid de.
→
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath, théis go bhfuil sí ar shladmhargadh anseo. Sin é é. Tá chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh nuair a théas sí chomh fada le na hocastóirí beaga a dhíolas libhse í, go mbíonn sí thrí lasadh ceart
Nach iad na deargdhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín dole sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé sa mbaile: chuile bhean ósta agus a hailp fhéin as. Orthu féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uathu a bheas orthu. Má chuireann siad scilling agat le cois, is maith luath a bheas leota de pháipéar amach ina coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! — moltanas ar fheabhas na Státsheirbhíse é seo
Tá siad sin in ainm is a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pínn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as ina dhiaidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise, ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orthu é. An té a chruthaigh neamh agus talamh, níor fhága sé é féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
Tá sé chomh doghrainneach le aon Chríostaí dhá bhfaca mise ariamh. Má théann beithíoch thar claí isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam anseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aici ag dul i mbradaíl. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dtéadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheachaigh sí airsean ach lá amháin. Bhí maolbhearna leagtha i gclaí Gharraí an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tógáil a thug siad uirthi. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillí é ar ndóigh. Isteach léithe ar an gcoinleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann nuair a rug sé uirthi. Rinne sé a sheacht míle dícheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sách aigeanta. Anuas leis anseo ina thine bhruite ag fuagairt foghlach agus dlí orm féin de ghorta gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. Ar ndóigh, mar adeir an fear fadó, bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach ina dhiaidh sin agus uileag, scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a ligean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon nós, ach a bhfaighinn an té a thógfadh uaim í. Ach tá sé chomh doghrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tangaíodh (teangmhaíodh) chor ar bith leis féin
Beirt dearthár a bhí ann agus deirfiúr. Bhí an deirfiúr pósta agus triúr clainne aici. Níor phós ceachtar de na dearthárachaí ariamh. Séard a rinneadh leis an uachta, cheithre leith droimscoilte a dhéanamh di, cuid ag chaon dhuine de na deartháracha, cuid ag an deirfiúr, agus cuid eile ag a clann eatarthu. Deirimse leat go mba bheag é cuid an duine di nuair a bhí sí roinnte amach agus a ailp féin bainte ag chuile dhuine aisti. Ara ag na dlíodóirí a bhí an ceann ramhar di — deile
→
díreach
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin an áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtuga an diabhal thart é, ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
Má bhíonn duine taobh le dóighiúlacht, ní bheidh mórán dá bharr aige. Grá na hailpe é grá an tsaoil seo. Deir siad go bpósfaí bean as a dóighiúlacht fadó, ach má phóstaí, ní fhaca muide é