Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Ailp
1.
a.
bearna.
+
Bhí ailp bainte as an liathróid = bearna; poll curtha innte nó ithte aisti.
Rug an madadh orm agus bhain sé ailp as mo chois.
TUILLEADH (10) ▼
Bhain sé oiread do dhorna d'ailp as a' gcomhra
D'ith sé ailp as a' gcáca.
Má fheicimse go mbaine sibh aon ailp as na sudógaí sin, beidh mé gabhailt oraibh chúns gheobhfas mé teas in 'ur gcraiceann
Sin é faisean gasúr i gcomhnuidhe ailp a ithe, chuile phuínnte
D'eirigh an ailp sin leis, ach feicfe tú féin air, nach n-eireocha an chéad ailp eile leis, chomh réidh.
Is deas a' chaoi ar mo cháca breagh é, é faoi ailpeannaí ar fad agaibh, hébrí cé'sórt rudaí ocracha sib fhéin.
Tá ailp mhór bainte amach as a' mballa. De bhárr na h-oidhche.
Níor scoilt sé í (cloch), ach thug sé ailp mhaith dhi leis.
Tá ailp imthighthe as cnapán mo ghlúnach, de bharr a' leagan a d'eirigh dhom.
Is áidhbhéil an ailp atá bainte as lorga an chapaill.
b.
cannda, daba.
+
Bhí ailp aráin aige = cannda mór.
Bhí sé ag imtheacht agus ailp feola in a bhéal aige.
TUILLEADH (6) ▼
Thug sé an ailp sin leis = píosa aráin, feola etc.
D'fheicfeá ailp thuas igcomhnuidhe aige = plaic, greim.
Tá ailp eicínt ag an mada anois, pé'r bith, cá bhfuair sé é.
Bhí sé ag imtheacht ar fud a' tighe, agus ailp eicínt in a bhéal.
D'árduigh sé leis ailp de cháca, ag (dh)ul amach sa ngarrdha dhó
Is iomdha ailp feola a d'fheicfeá, ó tosuigheadh ar a' mairt-fheoil seo
2.
solamar; rud de bhárr; samhaoine.
+
Fuair sé ailp éicint ann = d'eirigh solamar eicínt leis; tharraing sé uisce aigéan a mhuileann fhéin ann.
Cé'n ailp atá siad fhághail ó Shasana go bhfuil an oiread sin grádh aca(b) di?
TUILLEADH (9) ▼
Marach a' súil le ailp (leis an ailp), is beag a' luath dóibh é thaobhachtáil.
Ní milleán orra(b) fanacht ar a' taobh sin — an taobh atá caith(eamh) ailp 'aca(b).
Indiaidh na h-ailpe bhí siad, agus ní ar mhaith leis a' tír.
'Bhótálfa' mé do'n duine is mó 'bhfuighe mé ailp uaidh — agus ní mórán ailpe 'chonnaic de bharr a' taobh s'agaibhse fós.
Is cuma leis siúd céard is cor do thada chúns choinneo(chth)ar an ailp leis.
Indiaidh na h-ailpe 'bhí sé = indiaidh an tsolamair.
Bainfe siad ailp amach scath(amh) eile = tuille solamair; tiocfa siad suas ar sin tamall eile.
A' forcabhás ar an ailp atá sé = indiaidh na h-ailpe atá sé.
Ní miste leis siúd, céard is cor d'Éirinn, má eirigheann an ailp leis fhéin.
+
Le grádh do'n ailp atá sé ar thaobh an dreama sin = ní bheadh sé a' tabhairt chabhair phoiliteachta do'n taobh sin marach go bhfuil samhaoine aige dhá mbarr.
Ní le grádh do'n bhean, ach le grádh do'n ailp a phós sé í = grádh dhá spré 'bhí aige.
TUILLEADH (3) ▼
Grádh do'n ailp é grádh an tsaoghail seo!
'Furast' aithinte a bhuic bháin gurb é grádh na h-ailpe thug tú; Nuair a phós tú an bhean ghránda agus a d'fhag tú mise 'do dhiaidh; Níor dhoimhne an sáile ar báitheadh ann a' deichneabhar a's céad; Ná mo ghrádh fó do lár, as scéal cráidhte ort, mar a dtuigeann tú mé' (ceathramha den "Bhoc Bán")
Sin é fhéin an grádh do'n ailp — an grádh sin = grádh do'n tsolamar
·
Grádh mí ailp (adéarfadh duine, nuair a bheadh sé a' fonóid faoi bheirt eicínt a bhí in ainm's a bheith ingrádh, le cur i dtuiscint gur grádh do'n tsolamar é' (mí = me = my an Bhéarla is dóighe))
3.
áladh, sroicheachtáil.
·
Is iongantach an ailp atá ag a' madadh sin ("fetch").
Tá ailp dhiabhalta aige.

Ailp in iontrálacha eile (13)

 
Fainic do mhéir (mhéar) ar a' sceannadóir de phortán sin. Ceadh nach bhfuil fhios agad, gurab shin é an rud is coilgnighe beo. Má bhaineann sé ailp asad, comhairleocha sin thú b'fhéidir.
 
bannaí 1
Tá ailp bainte as a mhéir, 'n áit ar rug gliomach air, a's é 'cur bannuidhe air. Is olc an ailím greim ó ghliomach.
 
Shíl sé go raibh lán laidhre in áithrid di, de bharr na h-udhachta, ach is beag a fuair sé léithe chor a' bith. Deirimse leatsa, marach le grádh do'n ailp, nach mbuailfí air í, ach 'ní bhíonn duine dhá chríonna nach dteigheann beart in 'aghaidh' amanntaí.
 
Is suarach í 'ailp anois th'éis a chuid an-tláis = duine ag iarraidh dul fheamuinne 'alpughadh fré chéile dhó fhéin, agus nuair a chuaidh an baile uilig in a h-éadan ba bheag é a chuid de.
 
fáth
An bhfuil fáth laghaíocht ar bith aige liomsa? Níl, mara grádh ailpe é
 
daor 1
Dar príosta muis, tá mé ag ceapadh gur daor an ailím a dhul ag ceannacht máilín móna i mBaile Átha Cliath th'éis go bhfuil sí ar shlad-mhargadh annseo. Sin é é. Tá 'chuile dhuine agus a ailp féin aisti. Ach tá mé ag ceapadh an uair a theigheas sí cho fada le na h-ucastóirí beaga a dhíolas libse í, go mbíonn sí thrídh lasadh ceart
 
dearmad 1
Nach h-iad na dearg-dhiabhail anois iad, aistir a bhaint asamsa siar go D. an Fh. ar scáth na cupla scillingín "dole" sin. Bhí sé thiar romham i dteach an phosta ann, ach b'fhurasta a chomhaireamh nuair a bhí mé san mbaile: 'chuile bhean ósta agus a h-ailp fhéin as. Orra féin a bhí an dearmad. Ach cuirfidh mise geall gur beag an dearmad uatha a bhéas orra. Má chuireann siad scilling agad le cois, is maith luath a bhéas leota de pháipéar amach in a coinne aríst, agus ní go teach posta Dh. an Fh. a chuirfeas siad é ach oiread! = moltanas ar fheabhas na Stáit-Sheirbhíse é seo
 
Tá siad sin in ainm agus a bheith dhá dhéanamh sin in aisce — gan pighinn gan bonn — ach ní bhíonn siad gan ailp a bhaint as in a dheidh sin. Cuirfidh mise geall leat gur mó a gcion féin di as deireadh na cúise ná cion na ndaoine bochta a roinneann siad orra é. An Té a chruthuigh Neamh agus Talamh níor fhága Sé É Féin ar deireadh. Ní fhágfaidh siadsan iad féin ar deireadh ach an oiread
 
diaidh
Indiaidh an airgid atá sé agus ní indiaidh na mná. Sin é grádh na h-ailpe
 
Tá sé cho dúrainneach le aon-chríostuidhe dhá bhfaca mise ariamh. Má theigheann beithidheach thar claidhe isteach ar a chuid, is olc an peata é. Diabhal níos measa. Bhí diabhlánach de bhó bhradach agam annseo uair. Le M. Ph. Uí Dh. a dhíol mé í, agus mé reicthe aice ag dul imbradghail. Bhí an-tseasamh ag a raibh ar an mbaile léithe. Níl lá ar bith nach dteigheadh sí ar dhuine eicínt, agus ba mhinic a rinne sí foghail freisin. Ach le 'chuile chamánaí ar chuma ar bith, ní dheacha sí air-sean ach lá amháin. Bhí maol-bhearna leagtha igclaidhe Gharrdha an tSléibhe an áit a raibh siad ag cur isteach coirce as an lá roimhe sin, agus ní mórán tóigeál (tógáil) a thug siad uirre. Casadh an bhó ann ar chaoi ar bith. Níor léithe ab fhaillighe é 'ar ndú'. Isteach léithe ar an gcoinnleach, áit nach bhféadfadh sí mórán millteanais a dhéanamh. Ní raibh sí chúig nóiméad ann an uair a rug sé uirre. Rinne sé a sheacht míle dicheall í a bhascadh, ach bhí sí siúd í féin sáthach aigeanta. Anuas leis annseo in a theine bhruithte ag fuagairt foghlach agus dlighe orm féin de ghort an gharta. 'Sé a thug fúm. D'éist mé féin. 'Ar ndú' mar adeir an fear fadó bíodh an chluais bhodhar ag fear na foghlach. Agus bhí na seacht ndiabhail ar an mbó. Ach in a dhiaidh sin agus uiliog scáth ar mhill sí airsean, bhí aige a leigean thairis. B'fheasach dó go raibh fúm a díol ar aon-nós, ach a bhfaghainn an té a thóigfeadh uaim í. Ach tá sé cho dúrainneach sin agus go gcaithfeadh sé an ailp sin a bhaint asam faoi gur tanguigheadh (teangmhuigheadh) chor ar bith leis féin
 
Beirt dearbhráthar a bhí ann agus deirbhshiúr. Bhí an deirbhshiúr pósta agus triúr cloinne aice. Níor phós ceachtar de na dearbhráthrachaí ariamh. 'Séard a rinneadh leis an udhachta cheithre leith druimscoilte a dhéanamh di, cuid ag 'chaon dhuine de na dearbhráthracha, cuid ag an deirbhshiúr, agus cuid eile ag a clann eatorra. Deirimse leat go mbadh bheag é cuid an duine di, an uair a bhí sí roínte amach agus a ailp féin bainte ag 'chuile dhuine aisti. Ara ag na dligheadóirí a bhí an ceann reamhar di — 'deile
 
Sin é an peata. Ní íosfadh sé an stiallóig aráin in áit a bhfuil ailp bainte as a ceann. Go dtugaidh an diabhal thart é ní dhá thiomaint é. Níor chuala tú ariamh go ndéanann arán cam bolg díreach
 
Má bhíonn duine taobh le dóigheamhlacht, ní bheidh mórán dá bharr aige. Grádh na h-ailpe é grádh an tsaoghail seo. Deir siad go bpósfaí bean as a dóigheamhlacht fadó ach má phóstaí ní fhaca muide é