airde
—ainmfhocal
—
a bheith ard nó mór nó crochta.
a.
+–
Is áibhéil an airde é (nó atá ann) bail ó Dhia air.
Is áibhéil an airde nach mór dhuit a bheith le go nglacfaí sna póilíos thú.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé a sháith airde.
Tá sé do dhá airdese
Tá sé t'airde go leith.
Bhí sí airde Shiobháin in aois a trí bliana déag, slán an tsamhail ag Siobhán é!
Tá sé ina shlait le airde — an-ard ar fad.
Ní thabharfá mórán suntais dhá chuid airde — níl sé ró-ard
Ní cuid suntais ar bith a airde.
Is gearr le dhul a chuid airde má fhaigheann sé siúd greim isteach air. Brúfaidh sé a cheithre cnámha ar a chéile.
+–
Mura bhfuil airde ann ní le óige é.
Níl airde ar bith ann — duinín beag é
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé nach raibh an oiread airde ann leatsa.
An bhfuil an oiread sin airde ann. Ní chreidfeá é lena fheiceáil.
Tá airde thairis sin ionam — is airde mé ná cheapanns tusa
Níl airde páiste ann. Bunastáinín beag é.
Tá an oiread eile airde ionat ó chaith tú dhíot na brístí glúnach.
Tá farasbarr airde ann ó d'imigh sé ar an Achréidh
+–
Ní thiocfaidh aon airde choíchin air thar mar atá air anois.
Níor tháinig ionga ná orlach d'airde air (a dhath airde, pioc airde srl.) le dhá bhliain.
TUILLEADH (3) ▼
Hebrí (pé ar bith) cén airde atá air anois, caithfidh sé déanamh leis — ní mhéadóidh sé níos mó
Ta airde mhór air (tháinig airde mhór air; rinne sé airde mhór) ó chonaic mé go deireanach é.
Mura dteaga aon cheo eile airde air, beidh sé ina staicín fearacht a athar.
+–
B'fhéidir go dtiocfadh sé in airde fós — go méadódh sé fós
Chuaigh sé in airde le gairid.
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhaltaí an borradh atá faoi. Tá sé ag dul in airde chuile lá.
Is fadó an lá anois nach ndearna sé aon ionga airde, muran anáil ghabhair ar bith a chuir Muintir Bh. na mB. faoi.
+–
Tá troigh go leith d'airde aige orm gan stró.
Tá an cloigeann d'airde ag Séamas ar Sheán.
TUILLEADH (4) ▼
Cén airde atá agat ormsa?
Comhaoiseacha iad, ach tá airde mhór ag Mac Shéamais air ina dhiaidh sin.
Tá airde mhór agamsa air.
Is beag airde atá ag Cáitín uirthi
·
D'aithneofá ar a airde é; is furasta a aithinte ar a airde é — bheadh a fhios agat cé hé, agus chomh hard agus atá sé
Is furasta a aithne ar a airde go bhfuil sé láidir.
+–
Tá a airde tugtha; tá a bhiseach tugtha; ní mhéadóidh sé níos mó.
Tá a chuid airde ar iarraidh anois — ní thiocfaidh níos mó airde.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ó airde anois. Is fada an lá a bhí chuid airde tugtha aige
Ní dhéanfaidh sé níos mó airde de réir a chosúlacht'.
+–
Níl sé airde póilí — níl sé chomh hard agus is call do phóilí a bheith
Ní ghlacfaí sna póilíos é mar níl sé an airde, ná fhoisceacht trí horlaigh dhó
TUILLEADH (5) ▼
Céard é airde póilí anois.
Ní ghlacfaí sna póilíos é mar tá sé faoin airde.
Is beag faoin airde é, ach an méid sin fhéin, cuirfidh sé as é.
Shílfeá gur diabhaltaí an forránach fir é, ach tá sé faoin airde ina dhiaidh sin.
Tá sé thar airde póilí — níos mó ná is call do phóilí a bheith.
+–
Níl sé in airde saighdiúra.
Thraíáil sé an t-arm cheana ach ní raibh baol ar bith air a bheith san airde.
TUILLEADH (9) ▼
Níl tú san airde cheart do na saighdiúir.
Níl sé in airde fir fós.
Ní fhaca mé aon ghiota fir ariamh ina airde fhéin chomh maith leis.
Níl aon fhear eile ina airde fhéin sa bparóiste a bhuailfeadh faoi é.
'Sé atá san airde cheart — tá sé díreach chomh hard agus ba cheart d'fhear a bheith (nó chomh hard agus a d'fheilfeadh le haghaidh an ghnaithe atá i gceist.)
Bhí sé in m'airdese in aois a cheithre bliana déag, slán an tsamhail agamsa é.
Fear in m'airde féin é — chomh hard liomsa
Fear talmhaí, tuairim is in t'airde fhéin é ach go bhfuil sé níos téagarthaí ná thusa (fc. talmhaí)
Shílfeá go mba cheart do luisneachán atá ina airde a bheith spreacúil thar mar atá sé.
+–
Tá speiricín an tséipéil an-airde (an-airde ó thalamh)
Tá an teach sin (an duine sin srl.) an-airde.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an claí sé troithe ar airde go maith.
Tá sé chúig troithe ar airde.
+–
Tá airde crann báid de shalachar ar do mhuineál — go leor salachair; é calcaithe ar do mhuineál
Tá airde crann báid de shalachar i chuile áit istigh faoi chaolach an tí.
TUILLEADH (2) ▼
Tá airde crann báid de neantógaí amuigh san iothlainn — tom ard neantóg
Tá flithairde crann báid ar an gcúilín thoir den ghort.
+–
Tá airde mo ghualann i chuile ghiosadán dhá bhfuil sa gceapachín phlandaí atá aige.
Tá chuile bhuinneán de na meaingeals sin airde mo chloiginn — tá siad chomh hard liom fhéin an áit ar rith siad
TUILLEADH (1) ▼
Tá airde mó ghlún i chuile eireoig dá bhfuil aici.
b.
léim ar airde: léim ard. Léim ar airde a tugtar air in iarthar Chonamara, ach léim ard i gCois Fharraige.
+–
B'fhearr dhúinn a dhul ag caitheamh léim ar airde.
Bhí siad ag caitheamh léim ar airde.
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh léim ar airde ar bith ann.
Níl aon ghair agamsa air le ag léim ar airde.
Níl cinneadh ar bith leis ag caitheamh léim ar airde.
Is ait uaidh léim ar airde a chaitheamh (a ghlanadh)
Tá sé in ann sé troithe de léim ar airde a chaitheamh.
Níl tolgán ar bith air chúig troithe de léim ar airde a ghlanadh.
Thug sé léim ar airde; chaith sé léim ar airde.
'Sé a bhuach an léim ar airde.
c.
+–
Bhí sé ina airde mara ag a sé — ina thuile; ina lán mhara
An bhfuil sé ina airde mara fós?
TUILLEADH (2) ▼
Is maith an scaitheamh fós go mbí sé ina airde mara
Ba dhiabhaltaí na maidhmeanna a bhí ann le airde mara tráthnóna.
·
Bhí béal na trá uileag coipthe le airde farraige anocht — airde mara
·
Tá sé ina airde láin anois — ina bharr lán; ina lán mhara ina thuile; ina airde mara
Mura mbí aon tsop isteach le airde láin tráthnóna, ní thiocfaidh aon fheamainn dearg ar an ngairfean seo.
Féach freisin
→
aird 2
airde in iontrálacha eile (50+)
Siopa follasach atá aige. Tá sé i lár na sráide agus airde agus méid aige ar a bhfuil de shiopaí eile sa tsráid. Feicfidh tú an t-éadach ar an bhfuinneoig
→
fág gan
Shílfeá gur mór an díth céille atá air a dhul ag cur anró air fhéin ag baint fheamainne le curach, agus dalladh feamainn dubh — airde crann loinge dhi — thíos ansin thíos aige ar chóngar. Ach ní minic leis an gceann céanna gan an chontráil a dhéanamh. Oibríodh sé leis. Ag treabhadh an tsléibhe agus an talamh réidh a fhágáil gan cur. Sin é a fhearacht aige sin é
→
fáinne
Chuaigh inín an rí suas go dtí an fhuinneoig ab airde sa gcaisleán agus d'fhéach sí i bhfáinne na feiceála agus chonaic sí an Gruagach ag teacht agus naoi n-iomairí agus naoi n-eitrí aige i ngach coisméig, agus chúig ghleann i ngach truslóig
Dhá ndéantaí an scéal a cheartú agus a chur i ngéill (i gcéill?) dó, chaithfeadh sé airde a thabhairt air.
Is olc an chinnireacht a fuair an créatúr. Fágadh ina dhílleachta an-óg é, agus dheamhan mórán airde a thug muintir na seanmháthar air, rud nach milleán orthub agus an cluiche a bhí acub fhéin ann.
→
cinnire
Ar ndóigh, mura dtuga tú aon airde ar chinnire an phobail, tá sé mór againne a dhul i gcleithiúnas aon chomhairle a chur ort
Bíonn an dream sin siar ag saighdeoireacht nó ag coinnleoireacht chuile oíche anois ó buaileadh síos ceann na maor. Dheamhan mórán airde ag na maortha eile orthub, ní nach ionadh, ó tharla nach bhfuil tada dhá gcaillteamas fhéin leis.
→
cosacán
An bhfuil a fhios céard atá le déanamh leis an asal sin, cosacáin a chur air, agus a smut a bhualadh ar a chois tosaigh ina aice sin. Mura múine sin é, caith le gunna é. Níl aon gharraí ar an mbaile nach bhfuil ina bhéal in airde aige.
→
bannaí 1
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
+
→
bealach
Tabhair airde ar sin agus cuirfidh sé ar bhealach do leasa thú! — bealach a bhasctha atá i gceist
TUILLEADH (1) ▼
Is beag an airde a bhéarfas sé sin ar aon duine atá ar mhaithe leis ná a chuirfeadh ar bhealach a leasa é.
→
coiric
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choiricín an tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon duine go hiomaí is airde ná é.
→
crinn
Gheobhaidh sí cnáimh le crinneadh passáil agus a laghad airde agus a thug sí ar a cuid leabhar ó tháinig an bhliain.
+
→
cuach
Ba mhaith uaithi sin daoine a chuachadh suas roimhe seo le laethanta oibre a thabhairt di, ach dheamhan mórán airde ag aon duine anois uirthi. Fuair chuile dhuine amach cé hí fhéin.
TUILLEADH (1) ▼
Má thug sé mórán airde uirthi siúd, chuach sí suas é ar ais aríst. Dhá mbeadh aon splanc fir ann, ní thaobhódh sé í níos mó
+
→
beo 2
Ní hé a bheo ná a mharbh atá ag cur imní ar siúd ach ól agus éirí in airde.
TUILLEADH (3) ▼
A Thiarna, nach diabhlaí beag an tsuim atá ina bheo ná ina mharbh ag an ngasúr sin, a dhul ag marcaíocht ar an mbromach agus gan fhios aige nach tosaí ar gabháil dá tóin in airde a dhéanfadh sí agus é a chaitheamh anuas.
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige ach bun eicínt a dhul i mbeo na hiongan — sa laidhricín — agus shéid sí suas go raibh sí an airde sin, slán an tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í a bhaint dhe, arae dúirt siad go dtiocfadh an drochábhar suas thríd an láimh fré chéile.
Chaithfeadh sé gur theangmhaigh mé le beo na coise nó ní thosódh sé ag gabháil dá tóin in airde mar sin.
+
→
bioraím
Tá sé thar am na claíochaí sin thuas a bhiorú feasta agus gan iad a bheith ina mbéal in airde ag an tír. Sách fada atá cead scoir ag caoirigh chuile dhuine ar a (ár) gcuid ó tháinig an bhliain.
TUILLEADH (1) ▼
Bhioraigh mé na claíochaí sin tá mí ó shin, ach is aon mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in airde aríst.
+
→
bior
Ní fhaca mé aon teach béal in airde ariamh go dtí é. Níl an bior próiste fhéin le fáil ann nuair a theastós sé ó dhuine.
TUILLEADH (1) ▼
Shílfeá gur bior próiste é; an-airde ann agus gan scioltar air.
→
bollaire
Ní thabharfainn lá airde ar an mbollaire sin pé ar bith céard adéarfadh sé. Faisean é sin atá aige, go gcaithfidh sé a bheith in éadan duine eicínt.
Má thugann tú airde ar a chuid bolmántachta sin, ag troid agus ag bruíon a bheas tú chuile oíche Dhomhnaigh sa mbliain.
→
breá
Breá nár bhioraigh tú an bhearna sin thiar. Nach mbeidh sí ina béal in airde aríst faoi cheann cupla lá?
→
brogús
Ní dhéanaim fhéin níos airde ná beannú dhó, mar ní bheadh a fhios agat céard adéarfá leis an mbrogús.
+
Tá sé ina bhrísteachán le airde.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhá dhíol airde ann cheana. Nach bhfuil sé ina bhrísteachán!
+
→
aer
Is airde san aer é ceann an teampaill mhóir adeir siad, ná barr loch Coirib.
TUILLEADH (3) ▼
Tá tithe i Meiriceá agus is áibhéil go deo an airde san aer atá siad.
Tá sé an-airde san aer, ach níl tiús na téagar ar bith ann — fear ard
Téann urchar gunna an-airde san aer.
→
aermáil
Aermáil agus éirí in airde a chuirfeas de dhroim tí é mura dtuga sé aire thar cionn dó féin.
→
buail ar
Is deas uaidh sin bleid a bhualadh ar dhuine má fhaigheann sé an té a thabharfas airde air — de ghrá iarratais nó de ghrá scéalta a bhuaileas sé bleid ar dhaoine
→
buail
Má tá fonn éirí in airde dhá (dá bhur) mbualadh anois, scuabfaidh sibh as seo agus deifir oraibh.
→
buille
Sé troithe airde an phóilí, ach tá siad ag glacadh daoine atá buille faoi anois má bhíonn siad feiliúnach ar chuile chaoi eile.
+
→
bunastán
Bunastáinín gan airde ar bith é, ach tá sé an-suite agus thiocfadh dó bheith láidir.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhíol airde inti. Céard atá ann fhéin ach bunastán?
→
ágóid
Ná tabhair airde ar an ágóid, coinnigh féin an drár ort (sliocht as amhrán A Sheáin a Mhic Mo Chomharsan)
+
→
aird 2
Ná tabhair aon airde air sin — ná géill dó; sa méid adéarfaidh sé, nó in aon chomhairle dhá gcuirfidh sé ort; ná cuir aon tsuim ann.
TUILLEADH (5) ▼
Dheamhan a dhath airde a thug mise air.
Baol air siúd aon airde a thabhairt ar aon duine ach ropadh leis an gceird sin, chomhuain is a bheas aon phínn aige.
Níor tugadh aon airde orm thairis sin — níor tugadh mórán airde orm
Má thugann tusa airde ar bhréaga agus ar chumadóireacht, cuirfidh siad thar bharr do chéille thú.
Tugann tú an iomarca airde uileag ar chomhráití daoine nach bhfuil ar mhaithe leat.