Aoirde
—ainm-fhocal
—
a bheith árd nó mór nó crochta.
a.
+–
Is áidhbhéil an aoirde é (nó, atá ann) bail ó dhia air.
Is áidhbhéil an aoirde nach mór dhuit a bheith le go nglac(f)aí 'sna póilíos thú.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé a sháith aoirde.
Tá sé do dhá aoirde-sa
Tá sé t'aoirde go leith.
Bhí sí aoirde Shiúbháin in aois a trí bliadhna déag, slán a' tsamhail ag Siubhán é!
Tá sé in a shlait le aoirde = an-árd ar fad.
Ní thiubharfá mórán sunntais dhá chuid aoirde = níl sé ro-árd.
Ní cuid sunntais a' bith a aoirde.
Is gearr le dhul a chuid aoirde, má fhaghann sé siúd greim isteach air. Brughfa sé 'cheithre cnámha ar a chéile.
+–
Mar bhfuil aoirde ann, ní le óige é.
Níl aoirde 'bith ann = duinín beag é.
TUILLEADH (6) ▼
Shíl mé nach raibh an oiread aoirde ann leatsa.
Bhfuil an oiread sin aoirde ann. Ní chreidfeá é len' fheiceál.
Tá aoirde thairis sin ionnam = is aoirde mé ná cheapa(nn)s tusa.
Níl aoirde páiste ann. Bunastáinín beag é.
Tá'n oiread eile aoirde ionnad ó chaith tú dhíot na brístí glúnach.
Tá (f)earr a's barr aoirde ann ó d'imthigh sé ar an Achréidh
+–
Ní thiocfa aon-aoirde choidhchin air, thar mar tá air anois.
Níor tháinic ionga ná ordlach d'aoirde air (a dhath aoirde, pioc aoirde etc) le dhá bhliadhain.
TUILLEADH (3) ▼
Hebrí (pé'r bith) cé'n aoirde atá air anois, caithfe sé 'déanamh leis = ní mhéadócha sé níos mó.
Ta aoirde mhór air (tháinic aoirde mhór air; rinne sé aoirde mhór) ó chonnaic mé go deireannach é.
Mara dteaga aon-cheo eile aoirde air, beidh sé ina staicín fearacht 'athar.
+–
B'fhéidir go dtiocfadh sé in aoirde fós = go méadóchadh sé fós.
Chuaidh sé in aoirde le goirid.
TUILLEADH (2) ▼
Is diabhaltaidhe an borradh atá faoi. Tá sé a' dul in aoirde 'chuile lá.
Is fadó an lá anois, nach ndearna sé aon ionga aoirde, maran anáil ghabhair a' bith a chuir Muinntear Bh. na mB- faoi.
+–
Tá troigh go leith d'aoirde aige orm, gan stróbh.
Tá an cloigeann d'aoirde ag Seumas ar Sheán.
TUILLEADH (4) ▼
Cé'n aoirde atá agad ormsa?
C(omh)-aoiseacha iad, ach tá aoirde mhór ag Mac Sheumais air, ina dheidh sin.
Tá aoirde mhór agamsa air.
Is beag aoirde atá ag Cáitín uirre
·
D'aithne(ochth)á ar 'aoirde é; is furast aithint' ar aoirde é = bheadh fhios agad cé hé, agus chomh h-árd a's tá sé.
'S furast aithne ar aoirde, go bhfuil sé láidir.
+–
Tá aoirde tugtha; tá bhiseach tugtha; ní mhéadócha sé níos mó.
Tá a chuid aoirde ar iarraidh anois = ní thiocfa níos mó aoirde.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé ó aoirde anois. Is fada an lá bhí chuid aoirde tugtha aige
Ní dhéanfa sé níos mó aoirde 'réir a chosamhlacht'.
+–
Níl sé aoirde póilidhe = níl sé chomh h-árd a's is call do phóilidhe a bheith.
Ní ghlac(f)aidhe 'sna póilíos é, mar níl sé an aoirde, ná fhoisceach' trí h-ordlaigh dhó.
TUILLEADH (5) ▼
Céard é aoirde póilidhe anois.
Ní ghlac(f)aidhe 'sna póilíos é, mar tá sé faoi'n aoirde.
Is beag faoi'n aoirde é, ach a' méid sin fhéin, cuirfe sé as é.
Shílfeá gur diabhaltaidhe an forránach fir é, ach tá sé faoi'n aoirde ina dheidh sin.
Tá sé thar aoirde póilidhe = níos mó ná's call do phóilidhe a bheith.
+–
Níl sé in aoirde saighdiúra.
Thríáil sé an t-arm cheana, ach ní raibh baol a' bith air a bheith 'san aoirde.
TUILLEADH (9) ▼
Níl tú ins an aoirde cheart do na saighdiúir.
Níl sé in aoirde fir fós.
Ní fhaca mé aon-ghiota fir ariamh in 'aoirde fhéin chomh maith leis.
Níl aon-fhear eile in aoirde fhéin sa bparáiste a bhuailfeadh faoi é.
'Sé atá 'san aoirde cheart = tá sé díreach chomh h-árd a's ba cheart d'fhear a bheith (nó chomh h-árd a's d'fheilfeadh le h-aghaidh an ghnotha atá i gceist.)
Bhí sé in m'aoirde-sa in aois a cheithre bliadhna déag, slán a' tsamhail agamsa é.
Fear in m'aoirde féin é = chomh h-árd liomsa.
Fear talmhuidhe, tuairim's in t'aoirde fhéin é, ach go bhfuil sé níos téagarthaighe ná thusa (féach talmhuidhe)
Shílfeá go mbadh cheart do luisneachán atá in' aoirde a bheith spreacamhail thar mar tá sé.
+–
Tá speiricín a' tséipéil an-aoirde (an-aoirde ó thalamh).
Tá'n teach sin (a' duine sin etc) an-aoirde.
TUILLEADH (2) ▼
Bhí an claidhe sé troighthe ar aoirde go maith.
Tá sé chúig troighthe ar aoirde.
+–
Tá aoirde crann báid de shalachar ar do mhuinéal = go leor salachair; é calcuighthe ar do mhuineál.
Tá aoirde crann báid de shalachar is 'chuile áit istigh faoi chaolach a' tighe.
TUILLEADH (2) ▼
Tá aoirde crann báid de neanntógaí amuigh 'san iothlainn = tom árd neanntóg.
Tá flith-aoirde crann báid ar a' gcúilín thoir de'n ghort.
+–
Tá airde mo ghualann is chuile ghiosadán dhá bhfuil sa gceapaichín phlanndaí atá aige.
Tá 'chuile bhuinneán de na "meaingeals" sin aoirde mo chloiginn = tá siad chomh h-ard liom fhéin in áit ar rith siad.
TUILLEADH (1) ▼
Tá aoirde mó ghlún is chuile eireoig dá bhfuil aice.
b.
"Léim ar aoirde" = léim árd. (Léim ar aoirde tugtar air in Iarthair Chonamara, ach léim árd i gCois-Fhairrge).
+–
B'fhearr dhuinn a dhul a' caith(eamh) léim 'ar aoirde.
Bhí siad a' caith(eamh) léim ar aoirde.
TUILLEADH (8) ▼
Ní raibh léim ar aoirde 'bith ann.
Níl aon-ghoir agamsa air le (ag) léim ar aoirde.
Níl cinneadh 'bith leis a' caith(eamh) léim ar aoirde.
Is ait uaidh léim ar aoirde a chaith(eamh) (a ghlanadh).
Tá sé indon sé troighthe de léim ar aoirde a chaith(eamh).
Níl tolgán a' bith air, chúig troighthe de léim ar aoirde a ghlanadh.
Thug sé léim ar aoirde; chaith sé léim ar aoirde.
'Sé 'bhuach an léim ar aoirde.
c.
+–
Bhí sé in 'aoirde mara ag a sé = in a thuile; in a lán mhara.
'Bhfuil sé in aoirde mara fós?
TUILLEADH (2) ▼
Is maith 'n scath(amh) fós go mbí sé in aoirde mara
Ba dhiabhaltaidhe na maoidhmeanna bhí ann le aoirde mara trathnóna.
·
Bhí béal na trágha uiliog coipthe le aoirde fairrge anocht = aoirde mara.
·
Tá sé ina aoirde láin anois = in a bhárr-lán; ina lán-mhara in a thuile; in a aoirde mara.
Mara mbí aon-tsop isteach le aoirde láin trathnóna, ní thiocfa aon-fheamuinn dearg ar a' ngairbhshion seo.
Féach freisin
→
aird 2
Aoirde in iontrálacha eile (50+)
→
coiric
Bhuailfeadh sé a chloigeann ar choirricín a' tséipéil sin thoir. Ní fhaca tú aon-duine go h-iomdha is aoirde ná é.
→
beo 2
Dheamhan a raibh de shiocair ariamh aige, ach bun eicínt a dhul i mbeo na h-iongan — sa ladhairicín — a's shéid sí suas, go raibh sí an aoirde sin slán a' tsamhail. B'éigean do na dochtúirí í bhaint dhe, arae dubhairt siad, go dtiocfadh a' droch-adhbhar suas thríd a' láimh, fré chéile.
→
brogús
Ní dhéanaim fhéin níos aoirde ná beannú dhó, mar ní bheadh fhios agad, céard déarfá leis a' mbrogús.
+
Tá sé in a bhrísteachán le aoirde.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhá dhíol aoirde ann cheana. Nach bhfuil sé in a bhrísteachán!
+
→
aer
Is aoirde 'san aer é ceann a' teampaill mhóir adeir siad, ná barr loch Coirib.
TUILLEADH (3) ▼
Tá tighthe in Ameriocá agus is áidhbhéil go deo an aoirde 'san aer atá siad.
Tá sé an-aoirde 'san aer, ach níl tiughas na téagar a' bith ann = fear árd.
Teigheann urchar gunna an-aoirde san aer.
→
buille
Sé troighthe aoirde an phóilidhe, ach tá siad a' glacadh daoine atá buille faoi anois, má bhíonn siad feilmheanach ar 'chuile chaoi eile.
+
→
bunastán
Bunastáinín gan aoirde 'bith é, ach tá sé an-suidhte, a's thiocfadh dó, bheith, láidir.
TUILLEADH (1) ▼
Tá a dhíol aoirde innte. Céard atá ann fhéin, ach bunastán?
→
anam
Ní raibh cuímne 'bith aige, go leigfidís anam leis chomh réidh sin, ach ní dhearnadar níos aoirde ná bruicneáil a bhualadh air.
+
→
ard 2
Is aoirde de bheagán an teach s'aghainne ná teach se'agaí(bh)se (aoirde = áirde = foghar 'oyr-de')
TUILLEADH (25) ▼
'Sé'n cnoc is aoirde igConamara é sin.
Is aoirde Seán ná mise etc.
Caithfe sé igcomhnuidhe an phighinn is aoirde a bhaint amach ar chuile shórt = an phighinn báirr.
Ní dhíolfa sí siúd tada gan a' phighinn is aoirde a fhaghail = airgead mór.
Is aige bheidheas an phighinn is aoirde igcomhnuidhe = 'sé is daoire a leanfas thú faoi 'chuile shórt (ighinn bairr).
'Sé chuir an phighinn ab aoirde an gamhain = 'sé is mó 'thairg air.
Is beag a' baol uirre siúd, é 'chuir an phighinn is aoirde.
Bhain(f)idhe leagan as duine tí (ní) b'aoirde 'sa saoghal ná é = bocht(ochth)aidhe é.
Dhá aoirde dhá bhfuil sé i bposta, fágfa an t-ól a chosa nighte mara n-eirighe sé as.
'Sé is aoirde aca(b) ar fad (i bposta)
Tá'n posta is aoirde 'san ospuidéal aige.
Níl aon mháighistir scoile sa tír adeir siad is aoirde i bhfoghluim ná é.
Is aoirde an glór atá agad fhéin, ná aghamsa le glaodhach air.
Ní dhearna mé ariamh níos aoirde ná beannú dhó = bheannuigh mé dhó, ach sin é an méid; ní raibh mé a' cainnt ariamh leis thairis sin.
Níor chuir mé níos aoirde ná sin d'araoid air = sin é ar chuir mé d'araoid air.
Níor dhubhairt mé níos aoirde ná sin leis, ach chreidim nar bheag (dh)om sin.
Ná cuir níos aoirde ná sin de cheist air, má ghlacann tú mo chomhairle-sa = ná h-abair níos mó ná sin leis.
Ní dhearna mé níos aoirde ná sin, a's thugadar 'un cúirte mé ina dheidh sin.
Níor chuir mé aca(b) (chucu) ná uatha(b) níos aoirde ná sin, a's bhíodar le buile chuthach liom.
Níor dhubhairt mé drúcht ná báisteach léithe, níos aoirde ná iarraidh uirre gan a cuid beithidheach a leigean i mbraduighil orm, a's d'eirigh sí 'na coilichín agam 'na dheidh sin.
Níor labhair mé ariamh níos aoirde ná trí fhocal cainnte leis.
Ní fhaca mé ariamh an ceann céadna tíos (níos) aoirde ná uair nó dhó.
Ní raibh mé ariamh in Uachtar Árd, níos aoirde ná uair amháin, a ndeacha mé ar aonach ann.
Níor thaobhuigh mé an teach aice ariamh ó shoin níos aoirde ná uair nó dhó.
Is beag an áirde atá aige sin ar a' bhfaoistean, níos aoirde ná uair nó dhó gach bliadhain.
→
iomaire
Nuair a bheidheas an chlaise comh-aoirde leis an iomaire trí h-uaire beidh deire an domhain ann annsin = talamh a mbainfí barr di agus é in a iomaire agus in a chlaise. D'fhágfaí mar sin é gan na bruachannaí a leagan, go mbeadh gruadh na talmhan fásta cothrom aríst. Cuirfí ar an gcóir chéadna é an dara h-uair; nuair a bheadh an chlaise cothrom leis an iomaire taréis an tríomhadh cuir, bheadh deire an domhain ann. Bealach eile ("trí aois chlaise fórlaigh (fuarlaigh?) deire an domhain")
→
dalba
Is dalba an aoirde atá ins an reanglachán siúd. Bhuailfeadh sé a chloigeann go réidh socair thuas ar an áiléar sin. Níl aoirde ar bith in P. S. len a ais. Dhéanfadh sé siúd beirt mar é
→
damba
Bhí S. Mh. N. ag rádh liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meriocá agus go mbadh h-aoirde a bharr ná speiricín na J. inGaillimh. An gcreidfeá-sa an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céadna. Chonnaic sé rudaí i Meiriocá nach bhfaca duine ar bith agus a liachtaighe sin duine ins an tír a shiubhail cho fada leis i Meiriocá
→
deifir
Cá'il mo dheifir ag dul ab eadh? Nach bhfuil aoirde crann luinge d'fheamainn dearg sa gCaladh!
→
deilbh 1
"An Crann Deilbh: de mhaidí coille a dhéantaí iad. Chaithtí a dtomhais le riail le fad áirid a bheith ionnta agus leithead áirid is na maidí treasna. Dhá chuaille a bheadh ann agus dhá mhaide treasna. Rinne P. M. Mh. ceann aca dhuinne annseo. Níl a fhios agam cá'il sé anois: ag imeacht is 'chuile áit a mbíonn deilbh le déanamh. Tá sé cho maith dhuinn anois sneachta a chaitheamh ar a lorg chreidim. Ní deilbh a dhéanfas muide go bráth aríst. Ní bheadh na gearrchaileadha sin indon aon-deilbh a dhéanamh … Cur síos an tSnátha ar an gCrann Deilbh (nó crann deilbhe; tá an dá leagan aige): an dá chuaille a chur in a seasamh annsin le balla: ceann ag corr na fuinneoige agus an ceann eile tuairim agus ag giall an dorais. Ní bheidís cho h-árd leis an áiléar sin baileach. An dá mhaide treasna a chur suas orra: ceann in íochtar agus ceann in uachtar agus iad ag dul isteach ionnta in eangaí mar a bheadh leabaidh. Bíonn rungaí ar nós dréimre 'san dá mhaide a bhíos in a seasamh ar a n-éadan: an t-éadan de na cuaillí a bhíos leat. Bíonn buimbiléad tuighe ar an urlár agus dhá cheirtlín shnátha air, i riocht agus nach mbeidh an snáth ag dul ar fud an tighe ort. Ní dhéanfadh sé cúis duit tuinte fada na h-óinsighe a bheith aghad! Annsin tosóchaidh tú ag cur an tsnátha síos ar an gcrann. Crios a dhéanamh an chéaduair. Comhairfidh siad an oiread seo banláí (bandles) de'n tsnáth — an méid banlá a bhéas le dul 'san eige (aige: /ɴ′eɡ′ə/) sin. Cuirfidh siad síos an snáth sin ar an gcránn agus beidh siad dhá chur sin síos choidhchin nó go mbeidh a ndóthain thíos. Tosóchaidh siad ar an bpionna (runga) íochtair ar an taobh seo — taobh na ciotóige — agus tiubharfaidh siad leo suas é ar na pionnaí — dhá chur orra ar fiar — ach gan snaoim (snaidhm) ar bith a chur air ar an bpionna, nó go dteighidh siad go bárr. Anonn treasna annsin agus anuas ar an deis chéadna ar an taobh eile ó runga go runga go dteagaidh siad go talamh. Anall treasna go dtí an áit ar thosuigh siad agus ar ais aríst ar an gcaoi chéadna, nó go mbeidh deireadh na gclannaí thíos. Bíonn dhá phionna dhéag suas ar aoirde na maidí. Scaithtí bheadh agus tuilleadh. Féadfaidh siad tuilleadh rungaí a chur ann de réir (léar adubhairt sé) mar a fheilfeas dóib. Tugtar céadta 'sa deilbh de'n eige 'léar (de réir) mar is maith leat leithead a bheith ann. Féadfaidh siad h-ocht gcéad (snáth) nó seacht gcéad a chur ann. Mara mbeadh ann ach seacht gcéad ní bheadh aon-leithead ag an snáth nuair a bheadh sé deilbhthe. Beidh leithead ag h-ocht gcéad. Nuair a bhíos an oiread seo clannaí thíos ar an gcrann buaileann siad sriongáinín ar an méid sin. Céad a bheadh annsin. Beidh fearas bárr leithid 'san éadach 'léar (de réir) mar a ghabhfas céadta ar an gcrann. Féadfaidh tú deilbh dhá shnáth a dhéanamh nó dhá shnáth dhéag nó scór má thogruigheann tú. Chonnaic mé 'chaon chineál aca. Bíonn chúig chlannaí fichead is 'chuile chéad. Ní fuláir fios a bheith agad cé mhéad céad ann shul a bhaineas tú de'n chrann deilbh é. Nach shin é an fáth a gcuirfidh tú síos air é. Comhairfear na clannaí amach in a gcéadta. Beidh an bhean nó an fear atá ag deilbh ag siubhal i gcomhnaí 'gcomhnaí. Ní fheilfeadh dhuit aon-bhuille marbh a leigint in do chuid oibre dhá mbeitheá ag deilbh. Is maith an píosa de lá a chaithfeá ag deilbh giota. 'San ngeimhreadh bheitheá an lá leis ar fad. … Nuair a thóigtear anuas de'n chrann é, bíonn an-fhad ann. Bhuailfeadh tú snaoim (snaidhm) nó crios ar 'chaon chloigeann dhe annsin, agus déanfaidh tú suas in a throisleáin é mar a bheadh gruaig mná ann go díreach. Sin í an eige. Tá sé faoi réir annsin le dhul ag an bhfigheadóir … Gan aimhreas is aon-tsnáth amháin a bhéas ann. Dhá mbriseadh an snáth 'san deilbh, ghreamóchadh sí ar an bpuínte de'n chuid eile de'n tsnáth é. Chuirfeadh sí snaoim (snaidhm) air … " (Giota faoi dheilbh shnátha a fuair mé ó m'athair. Rinne sé féin an obair go minic)
Deimheasóiridhe maith í sin. Ná déan níos aoirde léithe ná beannú di 'san mbóthar. Sin é do dhíol
→
dornán
Níl roint punann ná dornán idir é féin ná an cliamhain anois. Measaim nach bhfuil siad an-gheal dhá chéile chor ar bith, ach go mbeannuigheann siad dhá chéile ar aontaighe agus ag teach an phobail. Ach ní dhéanann siad níos aoirde ná sin de theanntás ar a chéile, sílim