[[aireach]
—aidiacht nó dobhriathar ó aire
1.
triollata, airdeallach.
+–
Bí aireach ansin mar is fánach an chaoi a suífí thú — bí airdeallach ansin mar leagfaí ann thú go héasca
Níl ann ach réchosán aistreánach agus níor mhór do dhuine a bheith fíor-aireach dhá shiúl — cosán-ar éigean é agus é an-dócúil, agus chaithfeadh duine a bheith airdeallach dhá siúl nó bainfí leagan as
TUILLEADH (16) ▼
Mura mbí tú aireach ar an gcarracán sin, bainfear tuairt asat a mbeidh cuimhne agat uirthi.
Ní raibh sé sách aireach agus bhí a shliocht air: leagadh é agus cuireadh amach a rúitín.
Tá an geadán céanna chomh hachrannach agus nárbh fholáir do dhuine a bheith rí-aireach go mbeadh sé amach as.
Tá sé chomh haireach ag siúl san oíche le cat in aice uisce.
Bí aireach ag dul thar an gclaí i nGarraí Cháit ar fhaitíos go dtitfeadh brúisc dhe ort
Fainic nach mbeifeá aireach ar an moing sin thiar mar tá scraith ghlugair in áiteachaí dhe agus shlugfaí teach inti.
Mura mbí tú an-aireach sna breaclachaí sin, bascfar thú (fc. breaclach)
Bí aireach sna creigeannaí sin thíos nó ní fhágfaidh na driseachaí aon liobar leathair ar do chosa.
Más leat a bheith slán, bí aireach ansin.
Sciorr sé cheal a bheith sách aireach ag siúl ar na leacrachaí.
'Sé atá aireach ag siúl.
Ní mór dhuit a bheith aireach ansin mar tá sé druidte le cíocraí agus caochphoill (fc. druidte agus cíocra)
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
Is maith aireach nach mór dhuit a bheith ar an lota sin mar tá na giarsaí ina min le na cianta — caithfidh tú a bheith aireach go maith ar an lota sin mar tá na saltrachaí atá dhá choinneáil suas ag lobhadh le fada
Ní foláir dhaoibh a bheith aireach sa gcoinleach sin faitíos na gcoinlíní a dhul ina gcosa.
Bí aireach sa duirling mar tá cuid de na leacrachaí an-bhealtaithe agus an-tsleamhain ag an bhfeamainn lofa
2.
a.
+–
Sé atá aireach (nó oll-aireach) air fhéin — tugann sé an-aire dhó fhéin; ní bhíonn sé amuigh faoin bhfliuchán ná faoin drochaimsir; ní chuireann sé mórán stró air fhéin ag obair; coinníonn sé é fhéin clúdaithe go maith agus ní dhéanann sé rud ar bith a chuirfeadh as dá shláinte.
Tá sé chomh haireach sin air fhéin; agus nach mian leis scaradh leis an tinteán má tá deoir as aer.
TUILLEADH (8) ▼
Tá sé ró-aireach air fhéin ar fad. Ní túisce braon i mbéal na gaoithe ná a fheicfeas tú rite isteach sa teach é
Is maith an dícheall dó a bhfuil de bhalcaisí air a iompar, tá sé chomh haireach sin air fhéin.
Tá sé rí-aireach air fhéin. Ní thabharfaidh sé fuacht ná deallrú dhó fhéin nó is cinniúint air é
Dhá airí dhá bhfuil sé air fhéin, tá an slaghdán ina leannán aige chuile lá sa mbliain — ní fhágann an slaghdán chor ar bith é, ainneoin go bhfuil sé an-aireach air fhéin
Ní mór dhuit a bheith aireach ort féin go gcaithe tú an chasacht sin — go gcuire tú an chasacht sin díot
Bí an-aireach ort fhéin agus ná déan aon sclábhaíocht go gcaitear an fuacht seo.
Muran leat liostachas fada a bheith ort, bí aireach ort fhéin go n-imí an drochuair seo.
Bí aireach ar an gcois sin agus ná lig mórán de do mheáchan uirthi go dtaithí na cnámha ina chéile aríst — bí airdeallach ar an gcois agus ná luigh uirthi nó go snadhma na cnámha briste aríst
+–
Bí aireach ar an leabhar sin. Má fheiceann sé ball dó ná loiscthe uirthi, ná a dhath salachair, beidh sé le buile liom — tabhair aire mhaith dhi srl
Bí aireach ar an gculaith sin anois mar is fada aríst go sroiche culaith eile dhuit — tabhair aire don chulaith éadaigh sin anois mar is fada aríst go bhféadfar culaith eile a fháil le t'aghaidh.
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór dhuit a bheith aireach ar an bplúr sin anois mar caithfear an mhí a bhaint as — caithfidh tú a bheith barainneach leis i riocht is go seasfaidh sé dhúinn go gcaitear an mhí
Bígí aireach ar an nglaicín mhóna sin, arae níl aon duine le dhul ag iarraidh ualaigh eile go maidin — déanaidh réiteach leis an méid móna atá ann i riocht is go seasfaidh sí go maidin agus ansin beidh duine ann le dhul ag iarraidh ualaigh eile.
Bí aireach anois ar na cupla scilling atá agat mar caithfidh tú a theacht leob go hAoine — bí barainneach i mbun an bheagáin airgid atá agat, arae ní bhfaighidh tú aon cheo eile go hAoine
Bí aireach ar an stoipéad tobac sin anois mar caithfidh tú déanamh leis go dtí seachtain ó inniu aríst (fc. stoipéad)
Mura mbí tú aireach thairis sin ar do chuid síl plandaí, agus gan a bheith dhá roinnt ar dhaoine, is tú fhéin a bheas ar deireadh ar ball
b.
+–
Tá an madadh sin an-aireach — d'aireodh sé torann dá laghad; bíonn cluas le éisteacht air i gcónaí
Murach chomh haireach agus a bhí an madadh, bheidís in mo mhullach gan aireachtáil.
TUILLEADH (2) ▼
Níl an madadh sin aireach chor ar bith timpeall tí san oíche.
Caithfidh mé madadh aireach a fháil, dhá dtéinn go Cúige Uladh ina choinne.
c.
sóighmhín earrach: léas a thógfaí ort agus tú ag marcaíocht nó a leithide (sáimhín aireach — oighreach — fc. Foclóir an Duinnínigh, lch 932).
·
Tá sóighmhín earrach air de bharr an chapaill
Mura dtuga tú aire dhuit féin ar an diallait sin, fágfaidh sí sóighmhín aireach ort — tá sí chomh géar agus go dtógfaidh sí léas in do bhléin nó ar do mhásaí
aire in iontrálacha eile (50+)
→
foirgthe
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
→
framsáil
M'anam go bhfuil framsáil ar aire an cheann s'againne ar an aimsir seo. Tá speireach ar a chois
→
fálach
Leagfaidh mé isteach an hata (i wardrobe), faitíos na fálach. Is furasta leis salachar a thógáil caite ansin. Ní mór aire a thabhairt dó, ach b'fhéidir gur buaine é ná muid féin — bhí faitíos air go salófaí an hata mura gcuirtí ar chaladh shábhála é
→
fána
Aire dhuit ansin! Tá an púcán crinnte (linn). Ligfidh muid le fána í agus seolfaidh muid amach fúthu. 'Sé an beart is fhearr é sílim
→
fóir
Níl aige anois ach a bheith ag leanacht na gcarrannaí móna ar fud na Gaillimhe agus má thiteann aon fhód astu é a chur faoina ascaill agus a thabhairt abhaile. D'fhóirfeadh rud ar bith d'fhear nocht, ar ndóigh. Nuair a bhí rud aige ní thabharfadh sé aire dó
Tabhair aire do na bairnigh sin nó íosfaidh an camán luatha ort iad. Itheann sé bairnigh ar ghasúir bheaga.
→
cinnire
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
Is deacair dom ciseadóireacht a dhéanamh nuair nach bhfaighim aon fhreastal. Nach bhféadfadh sibh na slata sin a bhruith agus a dhlaoithiú ó tharla nach bhfuil tada eile ar a n-aire!
→
comaoin
Is comaoin di aire mhaith a thabhairt don tseanchailligh agus a liachtaí punt mór pinsean ar rug sí air dá barr.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin, de dhroim tí a bheas sé. Tá a fhios ag an saol Fódlach nach é a mhalrait de chosúlacht atá air.
Má dhéanann tú círéabachaí de na breacáin sin anois, beidh moill ort aríst shul ó gheobhas tú foireann nua. Mar sin, tabhair aire dóibh.
→
baile
Is gearr nach mbeidh aon bhaile agaibh mura dtuga sibh aire dhó thar mar atá sibh a thabhairt — is gearr nach mbeidh teach ná talamh ná tada eile agaibh mura dtuga sibh airde ar a ngnaithe agus ar a gceann oibre.
+
→
bealach
Sin é a bhfuil ar a aire — a bheith i mbéal an bhealaigh ansiúd — leis an mbean soir, agus leis an mbean siar, a thíolacan píosa den bhóthar!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí mé leath bealaigh isteach an doras nuair a ghoin m'aire mé, agus loic mé aríst.
Is suarach an t-ionadh go mbíonn an cuntas as bealach agus laghad an staidéir a ghlacann sé leis fhéin dhá dhéanamh suas. Fhóbair gur bhain sé scilling is chúig phínn thar an gceart díom an lá faoi dheireadh murach gur ghoin m'aire mé agus gur iarr mé fhéin an leabhar.
Tá bealach deas glan aige má thugann sé aire dhó, ach is iomaí duine níos críonna ná é ar imir an t-ól air.
→
bealadh
Ní dhéanfadh bealadh na hairí aon mhaith don bhall oirnise sin anois, arae tá sé caite ó Dhia agus ón saol.
→
bealaigh
Is contúirt é an bóthar sin siar anois ag fear bicycle. Tá sé chomh bealaithe sin ag an mbáistigh agus go sciorrfadh an bicycle fút, mura dtugtá an-aire go deo dhuit féin air.
→
coraice
Tá chuile áit ina mhoirt ag an mbáistigh, ach chreidim gurb é nádúr na haire é. Deile cén chaoi a mbeadh sí ar choraice dhubh na bliana.
Ní thaitníonn na crochaillí sin chor ar bith liom. Tinneas gorálach é an slaghdán sin agus is furasta leis a dhul in ainseal mura dtuga duine aire mhaith dhó fhéin air.
+
→
beo 1
Leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst é; ní dhéanfadh dochtúirí na hairí beo aríst é.
TUILLEADH (1) ▼
Fág mo bhealach go beo. An síleann tú nach bhfuil tada ar m'aire ach an oiread leat féin?
'Sé mo chomhairle dhuit aire a thabhairt duit fhéin ar an gceann sin, nó tiocfaidh sé sa mbile buaic ort de do sheacht míle buíochas.
+
→
bior
Mura bhfuil bior eanga uirthi muis, ní cheal aire é, arae tá chuile shórt ar fheabhas aici sin dhá bhfuil sí in ann caitheamh a chur ann.
TUILLEADH (1) ▼
Tá aire an linbh le fáil aige sin — bior in aon tsúil.
→
breacán
Tabhair aire do na breacáin sin anois. Is fada aríst go mbeidh mise in ann aon fhoireann nua a cheannacht dhuit.
→
aermáil
Aermáil agus éirí in airde a chuirfeas de dhroim tí é mura dtuga sé aire thar cionn dó féin.
→
aiféala
Beidh tú in aiféala mura dtuga tú aire dhuit féin (adéarfaí le duine a bheadh ag déanamh ealaíne, ábhailltí, mioscais nó faillí eicínt, agus go mbeadh sé in áirid a bhuailte nó a bhriseadh as a phosta)
+
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
TUILLEADH (1) ▼
Shíl sé mé a bhualadh faoi i ngan fhios, ach ghoin m'aire mé agus bhí mé deisithe faoina chomhair.
→
buail
Mura dtuga tú aire thairis sin do do ghnaithe, buailfidh tú bóthar deirim leat — máistir le spailpín
+
→
buille
Dheamhan buille maitheasa ar bith a bhí air ansiúd, ach ina dhiaidh sin, níor lig an leisce dhó aire a thabhairt dhá cheann posta
TUILLEADH (1) ▼
Murach a chuid leisce agus leointíochta fhéin nár thug aire dhá ghnaithe, dheamhan buille ar bith a bhí air sin sa teach mór; ach bhuail uabhar é agus fágann sin é fhéin go dona anois.
→
aird 2
Níl aire ná aird agaibh ar luach leithpínne mura mbí mé fhéin istigh le freastal do chuile shórt — níl aon airde agaibh ó Dhia anuas ar thada srl
+
→
airde 1
Caithfidh tú an bhóithreoireacht a chaitheamh in airde más leat aire a thabhairt do do ghnaithe.
TUILLEADH (1) ▼
Caith do chuid aeraíola in airde agus tabhair aire do do ghnaithe.
+
D'fhága mé ag tabhairt aire don teach í ach is beag an aireachas a bhí aici air.
TUILLEADH (1) ▼
Tuige nach ndearna tú aireachas ar an asal tharla nach raibh tada eile ar t'aire.
+
→
airigh
Ach a n-airí tú teas an Mí Mheáin ag dul faoin gcraiceann agat, tiocfaidh an cóta mór anuas (caithfidh tú dhíot é.)
TUILLEADH (1) ▼
Murach go n-airíonn sé cóir iad, ní thabharfadh sé an oiread aire dhóibh agus a thugann sé — tá a fhios aige go bhfuil siad gnaíúil agus sin é an fáth go dtéann sé go dtí iad chomh minic.
→
amach
Beidh mo cheart go binn le déanamh agam agus aire a tabhairt do mo ghnaithe féin uaidh seo amach.