ardaigh ar
—
a.
+–
Ardaigh orm an cliabh seo — cuir láimh ann lena chrochadh suas orm
D'ardaigh sé orm an beart.
TUILLEADH (4) ▼
Tabhair cúnamh dhom leis an gcléibhín seo a ardú orm.
Tharla nach raibh aon duine agam leis an mála a ardú orm, b'éigean dom éirí faoi.
Bhain mé stangadh as mo dhroim ag iarraidh an bhirt a ardú orm fhéin.
Ní bhfuair mé mo sháith le déanamh ariamh ach an máilín sin a ardú orm fhéin.
b.
+–
Tá mná le fáil ann ar ardú orm — tá mná i mbarr bachall ann; is éasca bean a fháil ann
Caithfidh sé go bhfuil mná i gConamara ar ardú orm agus é sin ag fáil mná ann.
TUILLEADH (5) ▼
Bhí spailpíní le fáil ar an bhFaiche Mhóir inniu ar ardú orm — bhí go leor acub ann, agus b'fhurasta margadh a dhéanamh leob
Gheofá muca ar an aonach inniu ar ardú orm.
Más talamh atá sé a iarraidh, gheobhaidh sé taobh soir anois é ar ardú orm, mar tá sé ag cinnt orthub an cíos a íoc air
Tá an oiread bicycles anseo anois agus go bhfaightheá ceann ar ardú orm.
Tá teach le fáil i nGaillimh anois ar ardú orm, agus is beag an dochar dhóibh agus a ndearnadh acub le gairid.
ardaigh ar in iontrálacha eile (50+)
→
farúch
Thart soir, cuireann siad farúch faoi na cruacha nó na stácaí, mar adeir siad fhéin. Fráma adhmad é. Bíonn an chruach ardaithe den talamh uileag acu. Ní theagann fúthu nuair a bhíos siad ar fharúch. Is deacair do na luchain a dhul suas iontu ach oiread
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
→
foirgthe
Dar diagaí tá chuile fhear dhá ardú (i bpáí) ach go bhfóire Dia ar an talmhaí bocht. Tá sé foirgthe ar fad
→
fáinneog
D'ardaigh sé an fháinneoig agus chuaigh sé ag plé léithe ar feadh scaithimh, ach chinn air a cur i dtiúin
→
carn
Is beag an dochar dhá mhuineál a bheith carnaithe fhéin agus an bhís chainte atá air ó thosaigh an election seo. Diabhal aithne air nach aige atá iad (na teachtaí Dála) a chur isteach ar fad. Tá sé ardaithe uileag!
→
carraera
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
→
cleite
Tá E. chomh láidir le tarbh. Chonaic mise é lá an t-am a raibh an motorbicycle aige. Buaileadh suas air é thoir ag tigh D. agus bhí sé dhá shá anoir chomh fada leis an teach seo. Ba mheata leis an sá, agus dheamhan ceo a rinne sé, ach é a ardú faoin ascaill, idir chorp chleite is sciathán, gur leag sé istigh ar an urlár anseo é!
→
cíos
Is olc an ceart é go mbeadh cíos agus cabhlach ar bhreaclachaí agus ar chriathraigh a shaothraigh daoine go crua le allas a gcnámh, agus togha na talúna dhá fhágáil bán. Séard a bhí a dhéanamh, an cíos a mhaitheamh ar fad dhúinne, agus ardú dhá réir a chur ar na bithiúnaigh a bhfuil na feilmneachaí bána sin acub. Ba é an deasú orthub é.
→
abhaile
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
+
→
beann
Dhá gcuirtheá cupla cúrsa eile d'ardú ar na beanna, d'fhéadfá ceann slinne a chur air.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith a bhíodar ar a maidí má d'éirigh leob an bhinn sin a ardú (a dhul go dtí n-a círín)
→
cuilín
D'ardaigh sé ina ghealstoirm agus muid leath cuain. Bhí muid dhár gcaidhleadh le farraige cháite, agus cuilíní bána ar an uisce i chuile áit. B'ait na bádóirí muid agus talamh a dhéanamh chor ar bith.
+
→
borradh
Dhá gcaithinn an lá ag cur borraíochaí fúithi, chinnfeadh orm í a ardú ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Bhí cosa i dteannta air ag iarraidh na leice a bhaint, ach chuile uair a d'ardaíodh sé í, thiteadh sí aríst mar ní raibh sé ag féadachtáil aon bhorradh a chur fúithi.
→
boscaed
Ba dheas iad na boscaeid a bhíodh fadó ann. Ní bheadh aon chall dhuit duine lena n-ardú ort.
→
brachán
Dheamhan ar mhiste le cuid de na daoine an saol a bheith ina bhrachán ar maidin dhá n-ardaíodh eallach.
→
bruach
Má thagann ardú eile air mar tháinig aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na huaighe.
→
adhartha
Nach sibh a shíleanns mé a bheith adhartha go scarfainn le mo gheadán talúna ar scáth scilling a ardú (seanduine a gheobhadh an pinsean iomlán — scilling thar mar a bhí sé a fháil cheana — dá dtugadh sé suas a chuid talúna amach is amach dá mhac)
+
→
buail ar
Soitheach mór a buaileadh ar an gcladach ann agus dheamhan thiomanta ní ag gabháil léithe nár ardaigh muintir na mbailteachaí aisti. Tá a sliocht orthub: tá éadálachaí acub ó shin dhá barr.
TUILLEADH (1) ▼
Sin é nach raibh i bhfad ag fáil mná sa gcruinniú. Dheamhan a ndearna sé ach siúl suas go dtí an chéad cheann a chas leis agus bleid a bhualadh uirthi agus í a ardú leis. Sin é ar chuma ar bith buailim ort agus tigim leat. Is fada go ndéanfadh fear na háite seo é in áit strainséara, ná a ligfeadh an faitíos dó a dhéanamh.
→
buail
Bhuail cuaifeach den ghaoth timpeallach sin mé ar ard J. S. agus dheamhan mórán ar bith nár ardaigh sí idir chlár agus chuinneog de lom an bhóthair mé.
→
buille
Ní aireoidh lucht airgid an tae bheith ardaithe, ach i nDomhnach fhéin, is mór an buille ar an duine bocht é.
→
buinne 1
Na heasnachaí a sáitear sa talamh i dtosach. Ansin cuirtear buinne béil air — hocht slata déag. Sin é buinne na hocht slata déag. Cuirtear aríst os a chionn sin hocht slata déag eile. Sin é an buinne láir. Slat eile a shá ansin le taobh chuile easna go gcuirfeá hocht slata déag eile ann. Sin iad na slata táis. Tógtar an buinne táis leob agus bítear dhá bhfíochán go mbíonn siad caite. Buinne tónach a chur air ansin. Nuair a bheadh sin réidh agat, na slata a bheadh sna taobhannaí a leagan anonn is anall air agus na slata éadain a fhíochán orthub sin go gcuirfeá an tóin air: i gciseoig, séard a chuirfeá, buinne in uachtar ar an gcaiseal leob sin. Séard é fíochán an chléibh — buinne hocht slata déag, fíochán nó buinne cheithre shlat, fhíochán dhá shlat. 'Sé fíochán an dá shlat am fíochán singil — níor mhór cheithre slat le aghaidh buinne. Buinne cam a chuirtear ar chléibhín ime: ardaíonn an caoladóir taobh den chliabh roimh an taobh eile (Cuir síos ar fhíochán agus ar bhuinní an chléibh ó chaoladóir — S. Ó C., é an sliocht réamhráite)
→
aire
Ní mór dhuit a bheith fíor-aireach ag ardú an strapa sin, mar tá boghlaeir mhóra ar forbhás ann — caithfidh tú a bheith airdeallach ag dul suas in aghaidh an strapa sin (fc. strapa) mar tá daigéid mhóra cloch ann agus is furasta leo sciorradh le fána
+
Bhain sé amach é, agus ina dhiaidh sin, bhí sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ort — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom.
TUILLEADH (9) ▼
Dúirt sé nach raibh sé dhá iarraidh ach ar iasacht ach níor tháinig sé ar ais ariamh leis. Tá sé fearacht fear na gáirleoige — ní do do ghoid atá mé a ghairleog, ach do t'ardú liom'.
Nach bhféadfaidh tú an bicycle a ardú leat chomh fada le ceann an bhóthair agus cén stró atá ort a dhul an t-aicearra ansin.
Fainic an n-ardófá leat aon cheo dhá bhfuil ansin anois mar beidh sé siúd le buile má airíonn sé aon cheo dhíobh ar iarraidh.
D'ardaigh sé leis fear an tí seo ar maidin go moch agus níor tháinig sé ar ais ó shin.
Dheamhan ab é an oiread sin dhá fhonn a bhí ar an gceann seo imeacht murach gur ardaigh Maitiú leis é.
D'ardaigh T. Bh. leis an iníon air agus phós sé í.
Ní éileodh Pádraig s'againne imeacht chor ar bith murach an t-ealaíontóir eile a bheith dhá ardú leis.
D'ardaigh P. Sh. leis é ar maidin, pé ar bith cén tabhairt a thugadar orthub fhéin.
Hé brí (pé ar bith) cá bhfuair tú an phaicle sin anois, b'fhearr dhuit iad a ardú leat ann, mar níl gnaoi ar bith anseo orthub.
+
→
ardaigh
Ní ardaíonn sé a chloigeann ó mhaidin go faoithin ach ag obair leis ar a tháirm
TUILLEADH (5) ▼
Dhá gcuirtheá forra chainte air míle uair sa ló, ní ardódh sé a cheann le thú a fhreagairt.
Níl mé in ann mo chois a ardú den talamh chor ar bith an áit ar thit cloch uirthi.
Ní mian leis an gcapall an chois deiridh a ardú chor ar bith, muran tairne a thóg sí
Ní ardaíonn sé na cosa den talamh chor ar bith agus é ag siúl
Tá ardú mór ar an mballa agaibh le seachtain.