ardtráthnóna
—
luath sa tráthnóna; tuairim is an ceathair nó cúig a chlog sa samhradh.
+–
Tháinig sé ardtráthnóna
Níor thaobhaigh an ceann seo muid ó ardtráthnóna
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh sé ina ardtráthnóna an uair siúd
Ní raibh a fhios agam go raibh sé chomh fada sin siar sa ló. Nach bhfuil sé ina ardtráthnóna cheana
Níl mórán siar ná aniar sa lá anois, arae tá sé ina ardtráthnóna cheana
D'imigh sé i mboilg an lae agus bhí sé sa mbaile ardtráthnóna. Sin é nach raibh i bhfad amuigh
Bhí sé ina ardtráthnóna go maith ar a theacht dó
ardtráthnóna in iontrálacha eile (13)
→
buail
Bhuail tuirse mé ardtráthnóna agus dheamhan filleadh ná feacadh a bhí gair agam a dhéanamh aige.
→
anam
Bhí sé réasúnta inné ach tháinig barr air tuairim is ardtráthnóna. Ag dul chun donacht atá sé ó shin, agus tá sé in achar an anama amach is amach anois.
D'ardaigh sé leis an bicycle ardtráthnóna, agus dheamhan a fhios againn céard is cor dó ó shin.
→
feasta
Is diachta dhuit gan do chuid lessons a bheith foghlamtha agat feasta agus thú leo ó ardtráthnóna
→
fuascail
Tá fuascailt bhreá agam ó ardtráthnóna má mhaireann dom. Ach bhí gárphian orm ar feadh an lae
→
dligh
Ní dhlífinn an lá sin féin dó muise, ach nach raibh neart agam air. Dheamhan ceo de mo chuid féir a bhí in iothlainn agam, ar an ngairfean mór sin a tháinig faoi Fhéil Michil anuraidh. An chéad lá breá a scal as aer, thapaigh mé é. D'iarr mé air a theacht ag déanamh an choca liom. Tháinig. Bhí muid réidh ardtráthnóna. Meas tú nach raibh sé ag ligint goib agam (chugam) aríst i gcaitheamh na bliana, nó go mb'éigean dom faoi dheireadh agus faoi dheoidh, a dhul lá leis in ómós. Sin é an C. agat
+
→
droim
Chonaic mé ag lascadh soir droim na duirlinge ardtráthnóna é
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh sé déanta gan stró agat de dhroim lae dhá dtosaíteá ar mhochóirí agus gan aon bhuille marbh a ligean in do chuid saothair go dtí taca ardtráthnóna. Cuirfidh mise geall leat go bhféadfaidh tú an gort a fhágáil roimh an sé a chlog
Ní raibh sé ach ó mhaidin go hardtráthnóna ag dul thríd an unsa tobac, hé brí cén sórt drochrath a chuir sé air