Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Árd-trathnóna
luath sa trathnóna; tuairim's a' ceathair nó cúig a' chlog sa samhradh.
+
Tháinic sé árd-tráthnóna.
Níor thaobhuigh an ceann seo muid ó árd-trathnóna.
TUILLEADH (5) ▼
Ní raibh sé in' árd-trathnóna an uair siúd.
Ní rabh fhios agham go raibh sé chomh fada sin siar sa ló. Nach bhfuil sé in árd trathnóna cheana.
Níl mórán siar ná aniar sa lá anois, arae tá sé in árd trathnóna cheana.
D'imthigh sé imbuilg a' lae, a's bhí sé sa mbaile árd-trathnóna. Sin é nach raibh 'bhfad amuigh.
Bhí sé in' árd trathnóna go maith, ar a theacht dó.

Árd-trathnóna in iontrálacha eile (13)

 
Is deas a' beodhchan gaoithe atá ann, ó árd-trathnóna.
 
buail
Bhuail tuirse mé árd-trathnóna, a's dheamhan filleadh ná feacadh a bhí goir agham a dheanamh aige.
 
airigh
Níor airigh mé blas de, go dtí árd-trathnóna indé
 
anam
Bhí sé réasúnta indé, ach tháinic barr air, tuairim's árd-trathnóna. A' dul 'un donacht atá sé ó shoin, a's tá sé in achar an anama amach a's amach anois.
 
istigh
Má's leat breith istigh air, teirigh chuige árd-trathnóna.
 
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana
 
dligh
Ní dhlighfinn an lá sin féin dó muise, ach nach raibh neart agam air. Dheamhan ceo de mo chuid féir a bhí in iothlainn agam, ar an ngairbhshion mór sin a tháinig faoi Fhéil Michil anuiridh. An chéad lá breagh a scal as aer, thapuigh mé é. D'iarr mé air a theacht ag déanamh an choca liom. Tháinig. Bhí muid réidh árd-trathnóna. Meastú nach raibh sé ag leigint guib agam (chugam) aríst i gcaitheamh na bliana, nó go mb'éigin dom faoi dheire agus faoi dheoidh, a dhul lá leis in ómós. Sin é an C. agad
 
dlí
'Sé an dlí atá ag sochraideacha ins an áit seo gan a dtógáil amach go h-árd-trathnóna
+
droim
Chonnaic mé ag lascadh soir druim na dúirlinne árd-trathnóna é
TUILLEADH (1) ▼
Bheadh sé déanta gan stró agad de dhruim lae dhá dtoisightheá ar mhochóirí agus gan aon-bhuille marbh a leigean in do chuid saothair go dtí taca árd-trathnóna. Cuirfidh mise geall leat go bhféadfaidh tú an gort a fhágáil roimh an sé a chlog.
 
dubh 3
Bhí an garrdha dubhuighthe (dú-aí) againn ach ar tháinic S. G. aniar trathnóna. Ba shin lá oibre: is fhearr é ná píosa talmhana go h-árd. M'anam go raibh agus dubhuighthe glan (ní cur maoilscríobach nó gaedhealach a thug muid air)
 
duán
Splanctha indiaidh fir atá an chlann inghean sin uiliog aige. Ó dheamhan buille maitheasa a ghníos siad ó mhaidin go faoithin, ach ag breathnú orra féin i scatháin agus dhá ndéanamh féin suas. Buaileann siad amach ag spaisteoireacht, má's fíor dóib féin annsin trathnóna, agus a gcuid eochraí ar an dubhán aca. Chuala mé nach bhfuil spré ag mac L. seo thiar indiaidh an scaoinn árd sin atá ann. Diabhal bréag nach mbeidh féirín aige muis
 
Ní raibh sé ach ó mhaidin go h-árd-trathnóna ag dul thríd an unsa tobac, hébrí cé'n sórt droch-rath a chuir sé air