Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diallaid árd
na diallaideacha a mbíodh na mná ionnta roimhe seo. Ní bhíodh innte ach leathtaobh. Bhíodh speiricín aníos idir a dhá gcois a choinnigheadh suas iad agus iad in a suidhe síos uirre. Ní bhídís ach ag daoine móra agus ag mná na gceithearnach. Is cosamhail gurbh ionann iad agus an chuid a bhíos ag mná fiadhaigh i gcomhnuí.
+
"Chuir mé scéala siar aice go gceannóchainn diallaid árd; 'Sé'n scéala a chuir sí aniar agam gur súgán suic ab fhearr" ("lúibín" a bhíos in "Peigín Leitir Móir")
Bhíodh B. Ch. a bhí annseo thíos ag eirghe indiallaid áird. Is beag bean tuaithe a mbeadh diallaid árd aice, ach bhí sí aice siúd agus cóiste agán a h-athair
TUILLEADH (3) ▼
'Séard a dhéanfas mé an uair a bhéas tú cupla bliain eile le congnamh Dé, diallaid árd a cheannacht duit le cur ar an asal. Féadfaidh tú a dhul amach ar an bhfiadhach annsin ar nós na "ladies" ar fad
Diallaid árd nar mhór dó ar nós mar a bhíodh ag na mná fadó. Níl sé indon a dhul i scaradh gabhail chor ar bith ar an gcapall. Tá saimhín oidhreach air.
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an "jaunt" agus b'éigin dó imeacht le capall diallaide. Ins an samhradh a bhí ann agus thóig an diallaid ar fad é, agus b'éigin dó imeacht annsin druimnochttha uirre. Tháinig sé aníos an boithrín trathnóna amháin agus é cróilighthe uiliog. "Fagh diallaid árd" adeir M. B. leis "agus ní ghoillfidh sé cho mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph." D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leath-bhliana

Féach freisin

ard