Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diallait ard
 na diallaiteacha a mbíodh na mná iontu roimhe seo. Ní bhíodh inti ach leataobh. Bhíodh speiricín aníos idir a dhá gcois a choinníodh suas iad agus iad ina suí síos uirthi. Ní bhídís ach ag daoine móra agus ag mná na gceithearnach. Is cosúil gurbh ionann iad agus an chuid a bhíos ag mná fiaigh i gcónaí.
+
"Chuir mé scéala siar aici go gceannóinn diallait ard; 'Sé an scéala a chuir sí aniar agam gur súgán saic ab fhearr" (lúibín a bhíos in Peigín Leitir Móir)
Bhíodh B. Ch. a bhí anseo thíos ag éirí i ndiallait aird. Is beag bean tuaithe a mbeadh diallait ard aici, ach bhí sí aici siúd agus cóiste ag a hathair
TUILLEADH (3) ▼
Séard a dhéanfas mé nuair a bheas tú cupla bliain eile le cúnamh Dé, diallait ard a cheannacht duit le cur ar an asal. Féadfaidh tú a dhul amach ar an bhfiach ansin ar nós na ladies ar fad
Diallait ard nár mhór dó ar nós mar a bhíodh ag na mná fadó. Níl sé in ann a dhul i scaradh gabháil chor ar bith ar an gcapall. Tá sáimhín aireach air
Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an am a mbíodh sé ag imeacht leis an m. beag. Chlis an jaunt agus b'éigean dó imeacht le capall diallaite. Sa samhradh a bhí ann agus thóg an diallait ar fad é, agus b'éigean dó imeacht ansin droimnochta uirthi. Tháinig sé aníos an bóithrín tráthnóna amháin agus é cróilithe uileag. 'Faigh diallait ard,' adeir M. B. leis, 'agus ní ghoillfidh sé chomh mór ort. Sin nó gheobhaidh mé snáth leoin duit ó Mh. Mh. Ph.' D'imigh sé mar a bhuailfeá ar an gcluais é agus níor labhair sé linn aríst go ceann leathbhliana

Féach freisin

diallait ard in iontrálacha eile (1)

 
Bhí na C. sin agus a muintir díonmhar i ngach áit dá raibh siad. Ar ndóigh ní raibh taoisigh ar bith ar an mbaile seo fadó ach iad. Deiridís go raibh T. M. in ann duine a thabhairt ón gcroich. Bhí fear eile acu ansin thoir — C. Mór a thugaidís air — agus bhí cóiste cinn aige. Chonaic mise a inín. 'Sí a bhí pósta ag B. G. anseo thíos. Bhíodh sí ag éirí i ndiallait ard