Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bioraigh
briathar
bioraím, bioródh, biorú srl.
1.
 rud a ghéarú as a bharr; rud a shnoíchan i riocht is go mbeidh rinn ghéar air.
+
Tá sé ag biorú scoilb — ag cur barr géar orthu, i riocht is go mbeadh siad intsáite sna strácaí
Tá beart scolb le biorú agam.
TUILLEADH (17) ▼
Ní dheachaigh sé ar cuairt chor ar bith aréir, ach ag biorú scoilb.
Ní féidir corraí anonn ná anall aon oíche sa mbliain aige ar fud an tí, de bharr caoladóireachta nó scoilb a bhíonns le biorú.
Bhioraigh sé scothbheairtín maith anocht.
Níl aon ghair agam a dhul ag biorú go ngéaraí mé an mhiodach seo.
Seanrasúr atá aige ag biorú na scolb.
Níl sé ag tabhairt leathbhiorú ar na scoilb.
Mura mbioraí tú mar is ceart iad, ní thiocfaidh siad thríd an díon.
Deir siad nach bhfuil aon mhaith ag biorú le fear ar bith mura bhfuil sé in ann an scolb a bhiorú le dhá scor scine.
Corrfhear atá in ann scolb a bhiorú le trí scor fhéin.
Tá sé siúd chomh deaslámhach agus go mbioródh sé scolb le scor amháin.
Is pointeáilte uaidh na scoilb a bhiorú.
Níl aon rath ag biorú leis, arae ní fhágann sé slis ar bith ar an scolb.
Tá siad gan biorú, leabharsa, más taobh leis sin atá siad lena mbiorú.
Cá bhfaigheadh sé sin a bheith in ann scoilb a bhiorú?
Bíodh sé in ann a mbiorú nó ná bíodh, buailfidh sé fúthub.
Mhill diabhalánach de ghasúr ábhailleach leathchéad scolb orm, mar dhóigh dhe go raibh sé dhá mbiorú
Ní mór do na scoilb an-bhiorú le dhul thríd an tuí láidir seo.
+
Níor bhioraigh an gabha an chocáil sách maith ar an gcrú.
Ní foláir dhuit na tairní sin a bhiorú, arae tá siad rómhaolaithe as a mbarr.
TUILLEADH (4) ▼
Bioraíonn agus géaraíonn an gabha na tairní seaca sa mbealach go mbéarfaidís greim ar an reothalach.
Bioraigh an pionna sin dhom go gcuire mé i stuaicín na cruibeach é (cruib ar chairt)
Mura mbioraí tú é thairis sin, ní thiocfaidh sé sa bpoll seo.
Bearrann sí agus bioraíonn sí a cuid ingne chuile lá dhá n-éiríonn uirthi
2.
rud a dhíriú, a ardú, nó a chur ina choilgsheasamh as a bharr.
a.
+
Ní mór na claíochaí sin thiar a bhiorú — aon mhaint atá ina mbarr a thógáil, clocha ar bith atá tite dhá mbarr a chur orthu i riocht is go mbeadh a n-uachtair cothrom
Tá fear an tí seo ag biorú claíochaí inniu
TUILLEADH (15) ▼
Ní bhioróidh mé an claí sin go mbí an cur críochnaithe agam
Ó tharla an lá a bheith diomalaithe anois orm, tiocfaidh mé scaitheamh ag biorú claíochaí.
Níl aon chlaí ag gabháil leis nach bhfuil bioraithe aige.
Shílfeá gur garraí gabhann é chuile gharraí ag gabháil leis, tá na claíochaí chomh bioraithe sin aige.
Dhá mbeadh chuile shórt déanta againn go dtí claíochaí a bhiorú, dheamhan a mbeadh basctha dhínn.
Tá sé thar am na claíochaí sin thuas a bhiorú feasta agus gan iad a bheith ina mbéal in airde ag an tír. Sách fada atá cead scoir ag caoirigh chuile dhuine ar a (ár) gcuid ó tháinig an bhliain.
Ní mór an claí ó thuaidh a bhiorú as éadan.
Bhioraigh mé na claíochaí sin tá mí ó shin, ach is aon mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in airde aríst.
Dhá mbioraíteá an claí céanna chuile lá a d'éireodh ort, 'sé an cás céanna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá ag gabháil thart an bóthar.
Sílim go bhfuil sibh réidh le aicearra a dhéanamh sa gcosán siúd níos mó. Tá an mhaolbhearna tógtha bioraithe aige ó inné, agus chuala mé gur bhac sé daoine a dhul ann inné fhéin.
'Sé anois a thráth muis, ag biorú an chlaí nuair atá an fhoghail déanta.
Ní fiú dhuit a dhul ag bacadh leis an gclaí sin a bhiorú go mbí na claíochaí uileag ar aon bhiorú amháin againn.
Sin é a bhuac sin, ag plé le clocha agus ag biorú claíochaí.
Bhí an claí bioraithe agam suas go barr nuair a thit sé in aon bhrúisc amháin go talamh aríst théis mo chuid anró.
Déan balla fidín i dtosach agus bioraigh suas ansin é le leathchlocha.
+
Bioraigh do chluasa — dírigh iad; ardaigh iad i gcruth airdill agus éisteachta; cuir cluais ort fhéin
Dhá mbeadh do chluasa bioraithe agat, bheadh a fhios agat céard a bheadh dhá rá leat.
TUILLEADH (14) ▼
Bhí a chluasa bioraithe nuair a bhí na hamhráin dhá rá — tá lear maith amhrán aige, arae d'éist sé leo gur thóg sé iad
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhioraigh sé na cluasa.
Má fheiceann tú ag biorú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é a fhaisean i gcónaí nuair a bheas sé le farra a thabhairt fút.
Chonaic mé an coinín ar a ghogaidín agus a dhá chluaisín bioraithe aige.
Is beag adéarfar i ngan fhios dó. Coinníonn sé na cluasa bioraithe i gcónaí.
Má choinníonn tú do dhá chluais bioraithe, agus aird a thabhairt ar an rud adéarfas an máistir leat, cén stró a bheas ort é a thógáil ach an oiread le 'scoláire' ar bith eile?
Bíonn na cluasa bioraithe i gcónaí aige agus ní ligeann sé focal ar bith uaidh.
Ní raibh sé sin achar ar bith ag tógáil Gaeilge, ach bhíodh na cluasa bioraithe i gcónaí aige, agus a leaibhrín ina ghlaic le chuile shórt adéarfá a scríobh síos.
Shíl mé nuair a chonaic mé an madadh ag biorú a chluasa gur airigh sé coinín.
Airíonn an t-asal sin rud eicínt. Tá na cluasa bioraithe aige.
Bhioraigh an capall na cluasa agus thosaigh sí ag sianaíl. Bhuail faitíos mé go raibh sí oilbhéasach
Shíl mé gur le oilbhéas a bhioraigh sé na cluasa, ach níorbh ea ach le fonn lúitéise (madadh)
Bhioraigh an madadh na cluasa agus chuir sé colg air fhéin liom.
Is áibhéil an rud atá sé in ann a dhéanamh. Bioraíonn sé na cluasa mar a dhéanfadh madadh uair ar bith a thograíonn sé é.
b.
deirtear go mbíonn súile nó teanga daoine bioraithe freisin corruair, nuair a bhíos a n-amharc grinn friochanta agus ruibh na cainte orthu, nó iad abartha.
·
Tá na súile bioraithe aige i gcónaí le faitíos go mbeadh tada in aon áit i ngan fhios dó