Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Biorrú
briathar
1.
rud a ghéarú as a bharr; rud a shnuigheachan i riocht's go mbeidh rinn ghéar air.
+
Tá sé a' biorrú scoilb = a' cuir barr géar orra, i riocht's go mbeadh siad ion-tsáithte ins na strácaí.
Tá beart scolb le biorrú agham.
TUILLEADH (17) ▼
Ní dheacha sé ar cuairt chor a' bith aréir, ach a' biorrú scoilb.
Ní féidir corruighe anonn ná anall aon-oidhche sa mbliadhain aige, ar fud a' tighe, de bharr caoladóireacht' nó scoilb a bhío(nn)s le biorrú.
Bhiorruigh sé scoth-bheairtín maith anocht.
Níl aon-ghoir agham a dhul a' biorrú, go ngéaruighe mé an mhiodach seo.
Sean-rasúr atá aige, a' biorrú na scolb.
Níl sé a' tabhairt leath-bhiorrú ar na scoilb.
Mara mbiorruighe tú mar is ceart iad, ní thiocfa siad thríd a' díon.
Deir siad nach bhfuil aon-mhaith a' biorrú le fear a' bith, mara bhfuil sé indon an scolb a bhiorrú le dhá scor scine.
Corr-fhear atá indon scolb a bhiorrú le trí scor fhéin.
Tá sé siúd chomh deas-lámhach, a's go mbiorróchad sé scolb le scor amháin.
Is puinnteáilte uaidh na scoilb a bhiorrú.
Níl aon-rath a' biorrú leis, arae ní fhágann sé slis a' bith ar a' scolb.
Tá siad gan biorrú, leabharsa, má's taobh leis sin atá siad, le na mbiorrú.
Cá bhfaigheadh sé sin a bheith indon scoilb a bhiorrú?
Bíodh sé indon a mbiorrú, nó ná bíodh, buailfe sé fútha(b).
Mhill diabhalánach de ghasúr ámhuilleach leath-chéad scolb orm, mar dhoigh dhe, go raibh sé dhá mbiorrú.
Ní mór do na scoilb an-bhiorrú le dhul thríd an tuighe láidir seo.
+
Níor bhiorruigh an gabha an chocáil sáthach maith ar a' gcrúdh.
Ní f'learr dhuit na tairngí sin a bhiorrú, arae tá siad ro-mhaoluighthe as a mbarr.
TUILLEADH (4) ▼
Biorruigheann a's géaruigheann an gabha na tairngí seaca, sa mbealach go mbéarfaidís greim ar a' reothalach.
Biorruigh an pionna sin dhom, go gcuire mé i stuaicín na 'cribeach' é ("crib" = crib ar chairt).
Mara mbiorruighe tú é thairis sin, ní thiocfa sé sa bpoll seo.
Bearrann sí a's biorruigheann sí 'cuid ingne 'chuile lá dhá n-eirigheann uirre
2.
rud a dhíriú, a árdú, nó a chur in a choilg-sheasamh as a bharr.
a.
+
Ní mór na claidhtheachaí sin thiar a bhiorrú = aon-mhainnt atá in a mbarr a thógáil, clocha ar bith atá tuithte dhá mbarr a chuir orra, i riocht's go mbeadh a n-uachtair cothrom.
Tá fear a' tighe seo a' biorrú claidhtheachaí indiu.
TUILLEADH (15) ▼
Ní bhiorrócha mé an claidhe sin, go mbí an cur críochnuighthe agham.
Ó thárla an lá a bheith diombaluighthe anois orm, tiocfa mé scathamh a' biorrú claidhtheachaí.
Níl aon-chlaidhe a' gabhail leis nach bhfuil biorruighthe aige.
Shílfeá gur garrdha gabhann é 'chuile gharrdha a' gabhail leis, tá na claidhtheachaí chomh biorruighthe sin aige.
Dhá mbeadh chuile shórt déanta aghainn, go dtí claidhtheachaí a bhiorrú, dheamhan a mbeadh basctha dhínn.
Tá sé thar am na claidhtheachaí sin thuas a bhiorrú feasta, a's gan iad a bheith 'na mbéal in áirde ag a' tír. Sáthach fada atá cead-scuir, ag caoirigh chuile dhuine ar a' (ar) gcuid, ó tháinic a' bhliadhain.
Ní mór an claidhe ó thuaidh a bhiorrú as éadan.
Bhiorruigh mé na claidhtheachaí sin, tá mí ó shoin, ach sé'n mhaith amháin dhom é. Tá siad béal in áirde aríst.
Dhá mbiorr(uighth)eá an claidhe céadna chuile lá a d'eireochadh ort, sé'n cás céadna é. Bheadh sé curtha in aer aríst ag daoine atá 'gabhail thart a' bóthar.
Sílim go bhfuil sib réidh le aithghiorra a dhéanamh sa gcasán siúd níos mó. Tá'n mhaol-bhearna tóigthe biorruighthe aige ó indé, a's chuala mé gur bhac sé daoine a dhul ann indé fhéin.
'Sé anois a thráth muis, a' biorrú an chlaidhe, nuair atá an fhoghail déanta.
Ní fiú dhuit a dhul a' bacadh leis a' gclaidhe sin a bhiorrú, go mbí na claidhtheachaí uileag ar aon-bhiorrú amháin aghainn.
Sin é a bhuac sin, a' plé le clocha, a's a' biorrú claidhtheachaí.
Bhí an claidhe biorruighthe agam suas go barr, nuair a thuit sé in aon-bhrúisc amháin go talamh aríst th'éis mo chuid anró.
Déan balla fidín idtosach, a's biorruigh suas annsin é le leath-chlocha.
+
Biorruigh do chluasa = dírigh iad; árduigh iad i gcruth áirdill a's éisteachta; cuir cluais ort fhéin.
Dhá mbeadh do chluasa biorruighthe agad, bheadh fhios agad, céard a bheadh dhá rádh leat.
TUILLEADH (14) ▼
Bhí a chluasa biorruighthe nuair a bhí na h-amhráin dhá rádh = tá lear maith amhrán aige, arae, d'éist sé leo, gur thóig sé iad.
D'airigh an madadh rud eicínt, arae bhiorruigh sé na cluasa.
Má fheiceann tú a' biorrú na gcluas é (asal) fan uaidh, mar sin é 'fhaisean i gcomhnuidhe, nuair a bheidheas sé le farradh a thabhairt fút.
Chonnaic mé an coinín ar a ghugaidín, a's a dhá chluaisín biorruighthe aige.
Is beag adéarfaidhear i ngan-fhios dó. Coinnigheann sé na cluasa biorruighthe i gcomhnuidhe.
Má choinnigheann tú do dhá chluais biorruighthe, a's áird a thabhairt ar a' rud adéarfas an maighistir leat, cé'n stró a bheidheas ort é 'thógáil ach an oiread le 'scoláire' 'bith eile?
Bíonn na cluasa biorruighthe igcomhnuidhe aige, a's ní leigeann sé focal a' bith uaidh.
Ní raibh sé sin achar a' bith a' tógáil Gaedhilge, ach bhíodh na cluasa biorruighthe igcomhnuidhe aige, a's a leaibhrín in a ghlaic, le chuile shórt adéarfá a scríobh síos.
Shíl mé nuair a chonnaic mé an madadh a' biorrú a chluasa, gur airigh sé coinín.
Airigheann a' t-asal sin rud eicínt. Tá na cluasa biorruighthe aige.
Bhiorruigh an capall na cluasa a's thosuigh sí a' síonghail. Bhuail faitchíos mé go raibh sí oilbhéasach.
Shíl mé gur le oilbhéas a bhiorruigh sé na cluasa, ach níorbh eadh, ach le fonn luaitéise (madadh)
Bhiorruigh an madadh na cluasa, a's chuir sé colg air fhéin liom.
Is áidhbhéil a' rud atá sé indon a dhéanamh. Biorruigheann sé na cluasa mar dhéanfadh madadh, uair a' bith a thogruigheann sé é.
b.
Deirtear go mbíonn súile nó teanga daoine biorruighthe freisin corr-uair, nuair a bhíos a n-amharc, grinn friochanta a's ruibh na cainnte orra, nó iad abartha.
·
Tá na súile biorruighthe aige i gcomhnuidhe, le faitchíos go mbeadh tada in aon-áit ingan-fhios dó.

Biorrú in iontrálacha eile (10)

 
binse
Gróigthe ar bhinnse beag íseal le balla a bhí sé, a's é a' biorrú scoilb.
 
bocht 1
Sé'n tsiocair a bhí agham, idtosach, mé a' bheith 'biorrú claidhe ar gharrdha na bplanndaí annsin thiar, a's thuit spala ar ucht mo choise. D'fhan mar sin, go cheann cupla lá, a's rinne sí bracha. Dhá shileadh a leig mé aisti, ó shoin, ach is bocht a' bhail atá uirre fós.
 
aer
Sin í a cheird chuile Dhomhnach 'san aer — a' biorrú chlaidhtheachaí
 
airigh
Marar airigh sé mé 'glaodhach air, ní cheal biorrú ar a chluasa é 'muis.
 
Tá bearnaidheachaí le n-árdú agus claidheachaí le biorrú ann.
 
deilbh 1
Dá mbeinn réidh le 'chuile dheilbh eile go dtí an churaidheacht, ní leath-anró í sin a dhéanamh. Ach bíonn duine meathta ag dul i dtráigh, agus ag tógáil clascannaí agus ag biorrú claidheachaí, agus ag déanamh crúbáin
 
deis
Ní mó ná dá mbeadh sé ar mo dheis ceart anois go ngabhfainn do mo mheárú féin ag biorrú claidheachaí. Tiocfaidh na claidheachaí leis an gcaoi atá orra, nó go bhfaghaidh na daoine ionbhadh maith ar a dhul in a n-éadan. Seo í an mhí dhubh ar aon-chor, agus níl mórán bearradh le baint ag aon-cheo de'n talamh
 
Bhí diúltú aige roimh an Aifreann ariamh fhéin, ní dhá roinnt leis é! Síos ag iascach, ná suas ag gróigeadh móna nó ag biorrú claidheachaí a bhuailfeadh sé ar uair an Aifrinn, sé sin cho uain agus a bhí sé de rath air aon-bhuille mhaitheasa a dhéanamh.
 
Sin é an rud a thug giorrachan saoghail dó. Níl aon-lá dhár eirigh ar an bhfear sin nar chuir sé 'chuile fhéith in a chorp faoi dhíocas oibre, ba chuma ins an míádh céard a bheadh sé a dhéanamh. Mara mbeadh sé ach ag biorrú scoilb bhíodh an oiread sníomh agus útamáil aige agus dá mbadh ag iomradh báid mhóir a bheadh sé. An uair a thugas duine faisean faoi deara dhó féin is deacair leis scaradh leis
 
díol 2
Bhí a díol biorrú ar na claidhtheachaí sin cheana agus gan a dhul orra aríst.