birín
—
bior beag
biríní seaca: na streoillíní seaca a d'fheicfeá ar sliobarna as buntsop ar shioc seasta; spincíní seaca; maidí seaca. biríní reo a tugtar orthu corruair, ach is annamh é.
+–
Tá biríní seaca as an mbuntsop inniu.
Chuir sé glasreo (glasrú adeirtear. Go hiondúil i gCois Fharraige má tharlaíonn s agus r caol abuil a chéile, leathnaítear iad; céirseach > céarsach, fuirseadh > fursadh (cliath fhursta), Seoirse > Seorsa srl.) maith seaca aréir, arae bhí biríní seaca ón bhfardoras againn ar maidin.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an spideog ar a chaincín ina birín seaca le fuacht.
Reo an cranntairle as a shróin ina birín seaca le neart fuaicht.
Tá sé ag gabháil ar bháistigh aríst. An bhfeiceann tú na biríní seaca ag titim?
Tháinig biríní seaca ar na cluasa agam le neart an phréachaidh a fuair mé.
birín in iontrálacha eile (17)
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfidh mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an bpump ag iarraidh bairillí uisce, agus neart uisce ar mo chuid talúna fhéin ach nach leagfaidís (na beithígh) smut air i ngeall ar an gcailimhineoig. Ach is beag an locht a bheas acu air ar ball, nuair a theangmhós an tart tuilleadh leofa.
Ní fhaca tú aon cham srón birín ariamh ach a bheith ina aice. Dheamhan foras ar bith a ghníonn sé ach ag ceasacht agus ag ceisneamh, agus ag cur an tí thrína chéile.
→
cóineas
Is mór an cham srón birín air nár déanadh (dearnadh) an droichead siod anuraidh, arae ba cóineas mhór dó é leis an gcairt agus leis an gcapall.
+
Cén cam srón birín atá air anois?
TUILLEADH (9) ▼
Tá cam srón birín dhá bhualadh aríst nuair nach dtugtar cead a chinn dó.
Is mear a chuirfeá cam srón birín anois air mura lige tú den chaint sin.
Tá sé chomh híogmhar sin agus má shíleann sé nach mbíonn modh ag duine dhó mar is ceart, go dtagann cam srón birín air ar an toirt.
Níl cló stiúrtha ar bith air ó mhaidin, pé ar bith cén cam srón birín atá air.
Is ar éigean a bheannaigh sé dhom inniu, hé brí cén cam srón birín atá chor ar bith air.
Ní mórán a chuirfeadh cam srón birín ar an gceann céanna.
Caithfidh sé go bhfuil cam srón birín eicínt air agus é a bheith ag imeacht ar an gceird sin.
Níl neart agat scóchas ar bith a chur air nach mbeidh cam srón birín air leat.
Measaim go bhfuil cam srón birín eicínt air ón oíche a raibh muid ag magadh faoi anseo thíos.
→
deilín
Gairim agus coisricim thú! Tá deilín bainte agat as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar éirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad is a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
→
deoir
Tapaigh na deora dubha más leat fataí a bheith agat. Is mór an cam srón birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias is dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé ansin thuas ar maidin inné
→
diaidh
Chaith an t-athair amach é, gan oiread is a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis i ndiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag ceithearnach láidir é a raibh iníon aige. Birín aon tsúil a bhí san iníon agus nár ghlac sí grá dhó, agus nár phós sí é. Tháinig sé ar ais anseo ar cuairt suim achair blianta ina dhiaidh sin, agus é ina dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná éirí go moch