Birín
—
bior beag.
"Biríní seaca" = na streoillíní seaca a d'fheicfeá ar sliobarna as bun-tsop, ar shioc seasta; spincíní seaca; maidí seaca. (biríní reodha a tugtar orra corr-uair, ach is annamh é).
+–
Tá biríní seaca as a' mbuntsop indiu.
Chuir sé glaisreodh ("glasrú" adeirtear. Go h-iondamhail, i gCois Fhairrge má thárluigheann "s" a's "r" caol ab uil a chéile, leathnuightear iad; céirseach > céarsach, fuirseadh > fursadh, cliath fhursta, Seoirse > Seorsa etc.) maith seaca aréir, arae bhí biríní seaca ó'n bhfárdorus aghainn ar maidin.
TUILLEADH (4) ▼
Bhí an spideog ar a chuinncín in a birín seaca le fuacht.
Reodh an cranntairle as a shróin in a birín seaca le neart fuaicht.
Tá sé 'gabhail ar bháisti(gh) aríst. 'Bhfeiceann tú na biríní seaca, a' tuitim?
Tháinic biríní seaca ar na cluasa agham le neart a' phréachadh a fuair mé.
Birín in iontrálacha eile (17)
Nach mór an cam srón birín orm go gcaithfe mé a dhul faoi dhó sa ló chuig an 'bpump', ag iarraidh bairillí uisce, a's neart uisce ar mo chuid talmhana fhéin, ach nach leagfaidís (na beithidhigh) smut air ingeall ar a' gcaile mhineoig. Ach is beag a' locht a bheidheas acu air, ar ball, nuair a theang(mh)óchas an tart tuille leobhtha.
Ní fhaca tú aon-chamsrón birín ariamh, ach a bheith in' aice. Dheamhan forus a' bith a ghníonn sé ach a' ceasacht a's a' ceisniú, a's a' cur a' tighe thrídh na chéile.
→
cóineas
Is mór an cham-srón-birín air nar deunadh (dearnadh) an droichead siod anuraídh, arae ba coimhneas mhór dó é, leis a' gcairt a's leis a' gcapall.
+
Cé'n cam srón birín atá air anois?
TUILLEADH (9) ▼
Tá cam-srón-birín dhá bhualadh aríst, nuair nach dtugtar cead a chinn dó.
Is mear a chuirfeá cam srón birín anois air, mura leige tú de'n chainnt sin.
Tá sé chomh h-íogmhar sin, a's má shíleann sé nach mbíonn modh ag duine dhó mar is ceart, go dtagann cam srón birín air, ar a' toirt.
Níl cló-stiúrtha a' bith air, ó mhaidin, pé'r bith cé'n cam srón birín, atá air.
Is ar éigin a bheannuigh sé dhom, indiu, hébrí cé'n cam srón birín atá chor a' bith air.
Ní mórán a chuirfeadh cam srón birín ar a' gceann céadna.
Caithfe sé go bhfuil cam srón birín eicínt air, a's é 'bheith ag imtheacht ar a' gceird sin.
Níl neart agad scóchas a' bith a chuir air, nach mbeidh cam srón birín air leat.
Miosaim (measaim) go bhfuil cam srón birín eicínt air, ó'n oidhche a raibh muid a' magadh faoi, annseo thíos.
→
deilín
Goirim agus caisricim thú! Tá deilín bainte agad as do mhéir anois. Ní fhéadfá gan sin a dhéanamh ort fhéin. Nach diabhaltach an cam srón birín a bhíos ort! Meireach ar eirigh dhuit anois, bheinnse do do léasadh an fhad agus a bhfaighinn (gheobhainn) teas in do chraiceann
→
deoir
Tapuigh na deora dubha má's leat fataí a bheith agad. Is mór an cam-srón-birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias 's dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé annsin thuas ar maidin indé
→
diaidh
Chaith an t-athair amach é gan oiread agus a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis indiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag céithearnach láidir é a raibh inghean aige. Birín aon-tsúil a bhí ins an inghean agus nachar ghlac sí grádh dhó, agus nachar phós sí é. Tháinig sé ar ais annseo ar cuairt suim achair blianta in a dhiaidh sin, agus é in a dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná eirghe go moch