Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Nualitriú Bunlitriú
cara
fc. cora

Féach freisin

cora

cara in iontrálacha eile (50+)

 
Bíonn an lá cairde istigh Lá Fhéil Mhuire na Féile Pádraig. Má bhíonn féarach agat caithfidh tú a fhágáil an lá sin
+
cora
Chuir sé cara chainte orm. — bhuail sé bleid orm; chuir sé forra cainte orm; chuir sé caidéis nó aighneas orm.
TUILLEADH (17) ▼
Cé a casfaí liom i mbéal an tseoil ach S. B. Ó T. agus bhuail sé cara chainte orm.
Dheamhan ceapadh ar bith a bhí agam go mbeannódh sé fhéin dom, agus meas tú nár chuir sé cara chainte orm. 'Sé a bhí suáilceach má b'fhíor dó fhéin.
Téanam ar cúlráid. Má fheiceann P. Ó C. muid, cuirfidh sé cara chainte orainn agus seo ní fhágfaidh muid go tráthnóna.
Má bhuaileann sé sin cara chainte orainn, ár gceann fine ní chuirfidh dhínn é go mbeidh an lá caite.
Ní bheadh aon mhaith aige ann go mbuailfeadh sé cara chainte ar fhear an Achréidh, ach sílim nach an-bhuíoch a bhí sé dhó fhéin san am a raibh fear an Achréidh réidh leis.
Tá cara chainte curtha ag an gceann céanna ar chuile dhuine.
Bailíodh leat anois, agus do bholg bréag agat. Ní mise an chéad duine a gcuirfidh tú cara chainte air aríst (dúradh ar imeacht don té a chuir an chara chainte)
Nach cunórach í a dhul ag cur aighneasa mar sin ar an séiplíneach. Ach chuirfeadh sí sin cara chainte ar an té nach bhfaca sí ariamh.
An bhfuil a fhios agat cén chéad bhall a bhí romham thoir ann — M. T. Uí D. — agus mo léan níor leis ab fhaillí é gan cara chainte a chur orm.
Chuirfeadh sé siúd cara chainte ar thaisí, ní áirím a mhalrait. 'Sé atá pribhléiseach, ach cá bhfágfadh sé é arsa tusa, cineál Ch. L.
Dheamhan tada le mo sheasamh ann a bhí mé nuair a buaileadh boiseog ar an slinneán orm, agus cé a chuirfeadh cara chainte orm ach S. S.
Tá sí sin bladrach, spleách, agus cara chainte buailte aici ar chuile dhuine.
Diabhal mé gur mór an scéal é, an duine bocht! Má bhí sé beagmhaitheasach fhéin, dheamhan duine cuideáin ná aitheantais a lig sé thart an bóthar sin thíos ariamh gan cara chainte a bhualadh air, agus mura ndéanadh sé tada eile, chuirfeadh sé chuile dhuine faoi choimrí Dé.
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
Ba mhór an t-ár é mac A. an R. seo thíos ag imeacht ar fud an aonaigh inniu, ag cur cara chainte ar chuile bhoicín, mar dhóigh dhe gur daoine muintreacha dhó iad! Ach théis a bhfuil de ghairéad agus de ghaisce aige, is dona í a léine ach an oiread liom fhéin!
Is fada aríst go gcuire an nathaíodóir sin aon chara chainte ormsa agus a laghad sásaimh agus fuair sé anois. Dhá bhféadadh sé sin dóigh a dhéanamh de dhuine, 'sé a mbeadh uaidh é, ach níl acmhuinn aige fhéin ar thada a rá leis.
Chuir sé cara Bhéarla orm — bheannaigh sé dhom, agus chuaigh sé chun cainte liom as Béarla.
 
cíos
Beidh an lá cairde thuas anois go gairid, agus mura mbí an cíos íoctha roimhe sin, deirimse leat, gur gearr go mbeidh tréas dhá chur orainn faoi.
+
bannaí 1
Ní ghlacfaidh an bainc aon bhannaí uaidh anois, mar an geábh deireanach a bhfuair sé airgead, níor íoc sé é go raibh an lá cairde caite go fada.
TUILLEADH (1) ▼
Má tá an t-airleacan istigh, agus gan an íocaíocht déanta, leanfar lucht an bhannaí faoi. Siúd iad nach ligfidh a leas i bhfad ar cairde ó bheas an lá thuas.
 
Bhí mé ag dul Gaillimh lá agus casadh cluiche tincéaraí dhom ar an mbealach agus chuir mé cara chainte orthub. Bhí siad ag iarraidh mé a thabhairt ag ól dhá dtéinn in éindí leob.
 
beo 1
Nach gearr an chairde a thug an bás dó agus nach rug mé beo air!
 
aibí
Níor thúisce cara chainte buailte agam air, ná a bhí sé abaidh chugam — ní baileach a bhí bleid buailte agam air ná chuir sé stiúir chainte air fhéin agus a bhíog sé chugam
+
Bhuail sé forra cainte orm; bhuail sé cara chainte orm; bhuail sé bleid orm — chuir sé caint orm
TUILLEADH (2) ▼
Cé a bhuailfeadh cara chainte orm inniu thoir ar an aonach ach S. B.
Ní túisce a bhí mé istigh sa teach ná a bhí cara chainte buailte aige orm.
 
amuigh
Sin é an lá cairde atá agam anois le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
 
Tiocfaidh sé rite liom an oiread sin airgid a dhéanamh amach idir seo agus an lá cairde.
 
Ní bhfaighidh tú aon chairde mura bhfuil tú in ann an seachadadh amach a dhéanamh.
 
Chuir mé aithne air mura n-athraíodh sé béasa, agus buille maitheasa eicínt a dhéanamh, nach gcoinneoinn lá ná leiceann thar an lá cairde é — chuir mé pearúl nó fainic air mura n-éiríodh sé as an leadaíocht agus as an spreallaireacht, nach gcoinneoinn lá é níos faide ná an uair a bheas a aimsir istigh
 
faill
Faill ar bith a gheobhas sé tá sé ina éadan. Is dona an buachaill óg é mura bhfuil aige ach a bheith ag saibhseáil le seanfhear. Is maith dhuit an fhaill a fháil a mhic ó. Tá agat gan do leas a ligean ar cairde anois. Déarfadh S. gan ligean don ghoradh téachtadh agus is fear é a mbíonn breithiúnas mór ina chuid cainte
+
fiacha
"Teagann an lá cairde agus ní mhaitear na fiacha" — bíonn an té atá salach i gcónaí ag súil go gcasfar luach na bhfiacha chuige nó mura gcastar, go maithfidh fear na bhfiacha dhó; is hoping against hope é; ní dhéanann sé fhéin ar ceart dhó le airgead na bhfiacha a sholáthar
TUILLEADH (1) ▼
Má tá cíos le n-íoc agaibh, b'fhearr a íoc as láimh, théis a ghéireacht agus a theastaíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cairde, adeir siad, agus ní mhaitear na fiacha
+
Fuagraím cara agus coimrí ort. Ná tabhair cead dó seo mé a mharú — iarraim ort mé a shábháil air seo
TUILLEADH (1) ▼
D'fhuagair sí cara agus coimrí orm féin. Bhí a fear istigh dhá cnagairt
 
imní
Ní fhaightear cairde ón imní — ní thugann an imní aon ionú uaithi; tagann sí d'aon iarraidh. Rí-annamh a cloistear é, ach bhíodh sé ag corr-sheandhuine
 
Is gearr a bheas an lá cairde ag téaltú isteach — ní fada go dtaga an lá a raibh sé socraithe cíos nó eile a íoc, nó rud eicín a dhéanamh, nó seilbh a thabhairt suas srl.
 
istigh
Beidh an lá cairde istigh go gairid — an lá ar ceapadh an cíos, an t-airgead acraí nó eile a íoc, nó an lá a dtiocfadh an margadh chun crích
 
Bíonn an-fhoighid aige le daoine ach má théann daoine eile thar an lá cairde chor ar bith, fuagraíonn sé dlí orthu — ní bhíonn aon deifir mhór air ag éileamh íocaíochta ná ag fuagairt dlí de bharr neamhíocaíochta ar chuid de na daoine
 
fál
Bhí cúigear acu in mo dhiaidh agus gan fál ná fálach agam le dhul uathu. Isteach liom tigh Th. Sh. faoi dheireadh, agus d'fhuagair mé cara agus coimirce air
+
Níor chuir sí an deachma ariamh ar cairde — theagadh an t-airleacan ag gáirí chuici i gcónaí; ní raibh sí ariamh gan díol a freastail a bheith aice; dá dteagadh glaoch airgid ar bith uirthi, bheadh sí in ann freastal dó ar an toirt
TUILLEADH (5) ▼
Tá a fhios agamsa nár iarr tú fhéin ná do mhuintir punt ná scilling ar aon duine ariamh. Ní raibh aon chall daoibh leis. Muise diabhal ar chuir mise fhéin an deachma ariamh ar cairde ach oiread, ná cuid dhá chur
Bhí fuíoll na bhfuíoll acu i gcónaí. Níor chuir siad an deachma ariamh ar cairde go dtí an saol seo féin, ach níl sa mbuachaill óg seo atá sa mbaile anois ach cúl le rath. Is cuma leis é ach ól agus ceol agus ragairne
Ní raibh aon teallach istigh ar an mbaile seo nár chuir an deachma ariamh ar cairde ach iad féin. Bhí tarraingt a láimhe go maith ariamh acu. Má bhí féin ba mhaith an oidhe sin orthu, mar níor ghann ná níor ghortach faoi iad
Ar ndóigh bail ó Dhia ort, agus an tslí atá agat, níor ceart go mbeadh aon chall duit an deachma a chur ar cairde, ní hé sin do dhaoine dona mar mo leithidese é. Ach chreidim go bhfuil dola mór ort mar sin féin. Ní fhéadfaidh tusa a theacht le fataí tura mar a fhéadfas muide
Is diabhlaí aibéil a tháinig siad sin anuas sa saol! Dar príosta chonaic mise iad muis, agus ní chuirfidís an deachma ar cairde, ach bíonn a lá féin ag chuile dhuine. Agus sin é an deis a bhfuil siad anois: sirriam ag teacht orthu. Is fiú do chuile dhuine an buachaill sin a choinneáil óna dhoras muis, má fhéadann a chumhachta chor ar bith é
 
dealbh 2
Ní dhéanann sé ní dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconsa beag údaí, ag cur cara chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin is go dearfa, is aige atá saol an duine uasail
 
dealg
Ón tráthnóna ar leag muid a chuid claíochaí, bhí a dhealg sáite aige ionamsa uaidh sin amach. Chreid sé i gcónaí gur mise an ceann feadhain a bhí ann. Ar ndóigh ní raibh sé ag dul i bhfad amú ach oiread. D'íoc mé ann ag an scoil. Uair ar bith a bhfuair sé deis ar bith orm, 'sé nár lig ar cairde é, ach broicneáil bhuailte a thabhairt dom féin. Bhí an cat mara críochnaithe orainn freisin agus a dhul ag cur araoide ar bith ar a chuid claíochaí …