carraera
—
fear cairr nó cairte; fear a bhíos síoraí go leor i ndiaidh cairr, nó a bhíos ag tarraingt ualaí i gcairt, acht is áirid.
a.
+–
D'airigh mé carraera ag dul soir an tráth sin agus gan an chéad eadarshuth gluite (glaoite) ag an gcoileach — d'airigh mé carr ualaigh (mar a bheadh carr móna ann, nó carr ualaigh. 'Sé an carr a d'airigh sé, ach 'sé fear an chairr adeirtear go minic i gcásannaí den tsórt seo) ag dul soir (go Gaillimh) agus gan an coileach glaoite an chéad uair san oíche.
Tá P. Ó S. ina charraera ag an dug anois.
TUILLEADH (5) ▼
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí ag ceasacht páí an tseachtain seo ghabh thart, agus go raibh siad ag brath ar tabhairt suas mura bhfaighidís ardú. Tá siad réidh leis déarfainn. Séard a dhéanfar, na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
Cloisim torann cairr. Carraera atá ann, tá mé ag ceapadh — fear a rachadh de ghnáth le móin srl. go dtí áit áirid eicínt.
Gairm na gcoileach! Beannacht Dé dhuit, bhí carraeraí ag dul soir sular tháinig an cúpla abhaile — bhí sé ina dheireadh oíche. Carraeraí a bheadh ag dul 'na bhaile mhóir le móin nó a samhail, agus a mbeadh coisméig mhaith rompu, corraíonn siad faoi dheireadh oíche i riocht is nach mbeadh maith an mhargaidh thart rompu.
Carraera móna, guail, plúir srl. é.
Dheamhan cos aon charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin go mbíodh an oíche caite thar droim go minic. D'fhanaidís ag ól agus ag ragairne faoi bhealach dhá n-éiríodh leob aon phínn airgid a bheith ar iompar acub.
b.
goile carraera.
+–
D'íosfadh sé an oiread le carraera, bail ó Dhia air! — tá sé mórthráthach, nó tá an-ghoile aige. Is iondúil go dtéadh carraeraí i bhfad ó bhaile, le ualaí nó i gcoinne ualaigh, roimhe seo agus go mbíodh a ngoile ina nglaic acu ar theacht abhaile dhóibh. Sin é an t-údar atá le goile carraera
I nDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread a ithe leat, bail ó Dhia ort, agus dheamhan mórán dhá shlacht ort ina dhiaidh sin!
TUILLEADH (2) ▼
Tá goile carraera agam théis an méid sin saothair.
Tá goile carraera aige, agus gan tada lena choisceadh.
·
Is tú an carraera againn — duine mórthráthach
carraera in iontrálacha eile (2)
→
fearann
Níl d'fhuílleach an cháca ach an méid sin. Beidh sé siúd ag gabháil le buile. Bíonn sé chomh goineach le carraera ar theacht ó chuairt dó chuile oíche. Is gearr air an fearann sin ar chaoi ar bith. Shílfeá go bhfuinfeadh sibh arán ó tharla nach raibh mé fhéin istigh
→
díol 2
Cuireadh díol carraera de rán (d'arán) ina mhínis (in a fhianais), ach ní fhaca mé ina dhiaidh sin gur fhága sé aon fhuílleach — bhí sé de cháil ar na carraeraí go raibh siad mórghoileach