Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Carraera
fear cairr nó cairte; fear a bhíos síorruidhe go leor in diaidh cairr, nó a bhíos a' tarraingt ualaighe i gcairt, acht a's áithrid.
a.
+
D'airigh mé carraera ag (d)ul soir a' tráth sin, a's gan an chéad eádarshuth gluidhte (glaoidhte) ag a' gcoileach = d'airigh mé carr ualaigh (mar bheadh carr móna ann, nó carr ualaigh. 'Sé an carr a d'airigh sé, ach 'sé fear a' chairr adeirtear go minic i gcásannaí de'n tsórt seo) ag (d)ul soir (go Gaillimh) a's gan an coileach glaoidhte an chéad uair 'san oidhche.
Tá P. Ó. S. in a charraera ag a' dug anois.
TUILLEADH (5) ▼
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí a' ceasacht páighe an tseachtmhain seo (gha)bh thart, a's go raibh siad a' brath air tabhairt suas, mara bhfaghaidís árdú. Tá siad réidh leis déarfainn. 'Séard a dhéanfar na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
Cloisim torann cairr. Carraera atá ann, tá mé 'ceapadh = fear a rachadh de ghnáth le móin etc. go dtí áit áithrid eicínt.
Gairm na gcoileach! Beannacht Dé dhuit, bhí carraeraí ag (d)ul soir, sul ar tháinic an cúpla abhaile = bhí sé in a dheire oidhche. Carraeraí a bheadh ag dul 'na bhaile mhóir le móin nó a samhail, a's a mbeadh coisméig mhaith rómpa, corruigheann siad faoi dheire oidhche, i riocht's nach mbeadh maith an mhargaidh thart rómpa.
Carraera móna, guail, plúir etc. é.
Dheamhan cos aon-charraera a bhíodh sa mbaile an tráth sin, go mbíodh an oidhche caithte thar druim go minic. D'fhanaidís ag ól a's a' ragairne faoi bhealach, dhá n-eirigheadh leo(b) aon-phighinn airgid a bheith ar iomchur aca(b).
b.
+
D'íosfadh sé an oiread le carraera, bail ó Dhia air! = tá sé mór-thráthach, nó tá an-ghoile aige (is iondamhail go dteigheadh carraeraí i bhfad ó bhaile, le ualaighe nó igcoinne ualaigh, roimhe seo, a's go mbíodh a ngoile in a nglaic acu ar thoidheacht abhaile dhóibh. Sin é an t-ughdar atá le 'goile carraera').
InDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread 'ithe leat, bail ó Dhia ort, a's dheamhan mórán dhá shlacht ort 'na dheidh sin!
TUILLEADH (2) ▼
Tá goile carraera agham th'éis an méid sin saothair.
Tá goile carraera aige, a's gan tada le na choisceadh.
·
Is tú an carraera againn = duine mór-thráthach.

Carraera in iontrálacha eile (1)

 
díol 2
Cuireadh díol carraera de rán (d'arán) ina mhíainis (in a fhiadhnuis), ach ní fhaca mé in a dheidh sin gur fhága sé aon-fhuighleach = bhí sé de cháil ar na carraeraí go raibh siad mór-ghoileach