Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
clabaire
clabachán go hannamh
duine a bhíos ar siúl i gcónaí; duine a mbeadh a dhá dhíol le rá aige; duine a sceithfeadh rún nó a dhéanfadh béadán, nó a leithid.
+
Clabaire ceart é sin.
Dheamhan a leithide de chlabaire a d'fheicfeá in do shiúl lae.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon ghnaithe agat rud ar bith a ligean leis an gclabaire sin.

Féach freisin

cab

clabaire in iontrálacha eile (7)

 
I nDomhnach, níl gnaoi ar bith agamsa ar a chuid clabaireachta sin. Chuile bhall agamsa ach clabaire. Níor thaitnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
 
druid 3
Clabaire críochnaithe é, agus más ea féin, ní raibh druid aige i gcaitheamh na hoíche. Ba mhaith an fáth ar ndóigh. Chuir an gaiscíoch mór scáth air
 
dual 1
Is dual Seáinín anseo thuas dó a bheith ina chlabaire — Seáinín a uncail
 
díle 1
M. Ó M., clabaire ceart é. Bíonn sé gróigthe thiar i gclúid Ph. Sh. chuile oíche agus ní thabharfá samhail ar bith dhó ann ach gramafón: gramafón a ngreamófaí cloigeann béar dó. É ansiúd in aon cheirtlín amháin agus déarfá go mba í an díle a bheadh ag teacht air lena mbíonn de chaint aige. Níl neart ag aon duine eile a bhéal a oscal beag ná mór. B'fhiú dhuit P. Sh. a fheiceáil ag breathnú air agus cáir air chomh mór agus a bheadh ar eilifint ag slogadh uaidh
 
Bíonn an clabaire sin ar an nathaíocht sin dólámh. Is acmhainneach uaidh daoine eile a chur in árachaigh a chéile, má thugann siad aird ar bith air. Shaighdfeadh sé dhá chrígh Mhuire ina chéile
 
dún
Ní bheadh aon mhaith a bheith ag caint ar a bhéal siúd a dhúnadh. Ní dhúnfaidh béal an chlabaire sin, nó go ndúna sé in éineacht. Dúnfaidh an bás é ach sin é an méid
 
Nach in é a bhí mé ag dul a rá; murach go ndeachaigh an clabaire sin romham agus gur thosaigh sé a scéal féin