Clabaire
—clabachán, go h-annamh
—
duine a bhíos ar siubhal i gcomhnuidhe; duine 'mbeadh a dhá dhíol le rádh aige; duine a sceithfeadh rún nó dhéanfadh biadán, nó a leithid.
+–
Clabaire ceart é sin.
Dheamhan a leithide de chlabaire a d'fheicfeá in do shiubhal lae.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon-ghna(ithe) agad rud ar bith a leigean leis a' gclabaire sin.
Clabaire in iontrálacha eile (7)
InDomhnach níl gnaoi 'bith agamsa ar a chuid clabaireacht' sin. 'Chuile bhall aghamsa ach clabaire. Níor thaithnigh clabaire ariamh liom, thar chineál duine ar bith.
→
druid 3
Clabaire críochnuighthe é agus má seadh féin, ní raibh druid aige igcaitheamh na h-oíche. Ba mhaith an fáth 'ar ndú'. Chuir an gaiscidheach mór scáth air
→
díle 1
M. Ó. M. clabaire ceart é. Bíonn sé gróigthe thiar i gclúid Ph. Sh. 'chuile oíche, agus ní thiubharfá samhail ar bith dhó ann ach "gramafón": "gramafón" a ngream(óchth)aidhe cloigeann "béar" dó. É annsiúd in aon-cheirtlín amháin agus déarfá go mbadh í an díle a bheadh ag teacht air len a mbíonn de chaint aige. Níl neart ag aonduine eile a bhéal a oscal beag ná mór. B'fhiú dhuit P. Sh. a fheiceál ag breathnú air, agus cáir air cho mór agus a bheadh ar "elifeaint" ag slugadh uaidh
→
dólámh
Bíonn an clabaire sin ar an nathaidheacht sin dólámh. Is acmhuinneach uaidh daoine eile a chur in árachaí a chéile, má thugann siad áird ar bith air. Shaghdfadh sé dhá chrích Mhuire in a chéile
→
dún
Ní bheadh aon-mhaith a bheith ag caint ar a bhéal siúd a dhúnadh. Ní dhúinfidh béal an chlabaire sin, nó go ndúinidh sé in éinfheacht. Dúinfidh an bás é ach sin é an méid
Nach shin é a bhí mé ag dul a rádh; marach go ndeachaidh an clabaire sin romham, agus gur thosuigh sé a scéal féin