Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
cosúlacht
ainmfhocal, baininscneach
ginideach uatha: cosúlachta
1.
cuma, crot, deilbh, cumraíocht, gotha, cruth, deallradh; ar aon bhéas.
a.
+
Tá cosúlacht bháistí, ghála, sheaca, thoirní srl. air.
Níl aon chosúlacht aitealla air fós.
TUILLEADH (8) ▼
An bhfuil cosúlacht glanadh ar bith ag teacht air? — aon chosúlacht go nglanfadh an lá.
Is air atá cosúlacht an fhuaicht.
Diabhal bréag nach air an oíche atá an droch-chosúlacht.
Dheamhan dea-chosúlacht ar bith ar an aimsir; is air atá an droch-chosúlacht.
Tá an-chosúlacht bháistí air — gotha báistí.
Is air atá cosúlacht an gheimhridh!
Is olc an chosúlacht atá air — tá drochghotha ar an aer, uair mhór atá air.
An bhfuil aon chosúlacht ligean faoi air fós?; bhfuil aon chosúlacht claochmaithe air? (drochlá, duine agus taghd air srl.)
+
Cosúlacht oilc, feirge, báis, pósta, imeachta, dúiseachta srl.
Tá sé in am aige cosúlacht eicínt a chur air fhéin feasta — cuma pósta, oibre, imeachta, nó pé ar bith rud a bheadh i gceist.
TUILLEADH (8) ▼
M'anam más leis pósadh i mbliana go bhfuil sé in am aige cosúlacht a chur air fhéin feasta. Beidh an Carghas ina mhullach d'aon iarraidh.
Ceadh nach bhfuil aon chosúlacht air ach mar sin? Shíl mé go raibh sé ag dul ag pósadh bog te an lá faoi dheireadh.
Breá, más leat a dhul ann, nach gcuireann tú cosúlacht (imeachta) eicínt ort fhéin feasta!
Dheamhan cosúlacht corraí fós air, ná cuid de chosúlacht.
Dheamhan cosúlacht (báis srl.) fós air.
Tabharfaidh sé isteach í i mbliana (pósfaidh sé). Tá sé ag cur cosúlacht air fhéin.
Is beag an chosúlacht pósta atá air.
Déarfainn rud eicínt le Seán anseo, bail ó Dhia air, go bpósfadh sé go gairid, mar 'sé is mó cosúlacht.
+
'Sé is lú cosúlacht maitheasa dhá bhfaca mé ariamh — níl cuma oibre ar bith air.
An bhfuil aon chosúlacht éirí fós air?
TUILLEADH (2) ▼
Tá, cosúlacht na leisce! Sin í an chosúlacht atá air, 'sí sin.
Cuir cosúlacht eicínt oibre ort fhéin, agus ná bí ag imeacht ag rámhóireacht mar sin.
·
Ní hé do chosúlacht fhéin atá air siúd chor ar bith — níl sé ar aon bhéas leat, ní hé do bhealachsa atá leis, nó ní hionann snua dhaoibh.
Ná bí do do chur féin i gcomórtas le Jude chor ar bith. Is beag an baol gurb é do chosúlacht fhéin atá uirthi sin.
+
Tá cosúlacht bhuartha, dhona, mhaith, bhrónach, olc srl. air.
Tá cosúlacht meisce air shílfeá.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé a chuir cosúlacht an oilc air fhéin.
Dheamhan cosúlacht óil ar bith a chonaic muide air.
Dheamhan cosúlacht den rath atá sé a chur air fhéin le aon bhean a fháil.
Tá an-chosúlacht air — duine a bheadh ag breathnú go maith (ciall amháin).
Is mór atá cosúlacht na haoise ag teacht air.
M'anam gur maith uaidh cosúlacht na hóige a choinneáil.
·
Is olc an chosúlacht aonaigh atá air — beidh drochaonach ann. Ní bheidh mórán ar an aonach.
+
Ón gcosúlacht a chuir sé air fhéin, deir tú leat fhéin go ndéanfadh sé cat is dá rioball, ach ba gearr le dhul é ina dhiaidh sin, nuair a féachadh amach é.
Ón gcosúlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon duine beo go bhféadfaí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail faitíos mé leis an gcosúlacht a chuir sé air fhéin.
+
Caillte ar an mbóthar a gheofar é oíche eicínt. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air agus chomh dúlaí is atá sé san ól.
Mura dtuga sé aire dhó fhéin, de dhroim tí a bheas sé. Tá a fhios ag an saol Fódlach nach é a mhalrait de chosúlacht atá air.
TUILLEADH (4) ▼
'Sé an chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha ansiúd ar an trá thirim, gan Murchadh gan Mánas. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá uirthi agus chomh deacair is atá sé í a shásamh faoi fhear — ní iarrfaidh fear ar bith í as deireadh na cúise.
Shílfeá gur ag iarraidh dóigh a dhéanamh dhíom atá tú. Dheamhan ab é a mhalrait de chosúlacht atá ort.
Bánóidh sé muid má thugtar cead a chinn dó. Feiceann tú fhéin nach é a mhalrait de chosúlacht atá air.
Dhá bhfaigheadh sé sin an té a dhéanfadh obair dó, dheamhan smeach ar bith a dhéanfadh sé fhéin ach imithe ag bóithreoireacht. Dheamhan ab é a mhalrait de chosúlacht atá air.
+
Is fear é sin atá láidir — sin nó tá sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile; is fear é atá láidir, mura bhfuil sé ag dul in aghaidh a chosúlacht'; tá cosúlacht air a bheith láidir.
M'anam muise, má tá sé folláin, go bhfuil sé fhéin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Dheamhan a bhfaca tú ariamh aon duine is caillte snua ná é.
TUILLEADH (7) ▼
Dar príosta má tá sé go lách, tá sé ag gabháil in aghaidh a chosúlacht, arae tá gotha crochadóra air.
Sin údar maith tairbh, mura bhfuil sé fhéin agus a chosúlacht ag dul in aghaidh a chéile — déanfaidh sé tarbh maith de réir cosúlachta.
Déanfaidh sí sin an-rúisc mná, sin nó tá sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile. An bhfeiceann tú an síneadh atá fúithi cheana fhéin, agus gan í ach trí déag nó ceathar déag.
Is fear é sin atá ag fáil amhgair, mura bhfuil sé ag dul in aghaidh a chosúlachta. Bhíodh sé sin ramhar beathaithe, ach dheamhan bior eanga thuas air anois.
Tá sí sin agus a cosúlacht ag dul in aghaidh a chéile go mór. Shílfeá ar a buaic agus ar a slinneán gur togha capaill í, ach dhá bhfeicfeá faoi ualach í, dheamhan a dtabharfá do sheacht mallacht uirthi. Ach níl a fhios agam nach bhfuil codaíocht ag gabháil di freisin, arae mhill sé í an chéad am.
Is diabhaltaí atá sé ag dul in aghaidh a chosúlacht muis, murab é an chaoi nach dtéann sé sa mbile buaic leis fhéin. Chonaic mise scorachaí nach gcuirfeá suntas ar bith iontub ag tabhairt gaoithe (ag ardú) don chloich sin, agus shílfeá nach bhfaigheadh forránach fir mar eisean croitheadh ar bith inti ná dhá mbeadh sí faoi dhó an oiread meáchain agus atá sí.
An bhfeiceann tú an gort fataí sin? Ní fhaca tú ariamh aon rud atá ag dul in aghaidh a chosúlachta mar é. Shílfeá ar an mbarrann atá air sin, go mbeadh gruáin d'fhataí ann, ach ar a shon sin, níl oiread cúrláin i chuile cheann acub. Bhí sé róleasaithe, agus chuir sé suas an iomarca barainne i dtús bliana. Ná bac le cur ar bith a dhéanfas é sin.
+
Tá a chosúlacht lena chois — tá a comharthaíocht lena chois; tá a chumraíocht lena chois; tá a shéala air; tá a shliocht air; is furasta a aithinte air é.
Bheadh a fhios ag aon duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosúlacht lena chois! Cé eile a mbeadh a fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, agus gur inné roimhe sin a chuir mé ann é?
TUILLEADH (2) ▼
Deile cé a dhéanfadh é, ach é. Nach raibh a chosúlacht lena chois, an té a thogair a fheiceáil.
Drochbhliain a dhéanfas sí, tá faitíos orm. M'anam go bhfuil a chosúlacht lena chois. Níl barrann shlán ag gabháil liom nach bhfuil ite ag dúchan agus gan é ina Fhéil San Seáin fós.
+
Bíonn an chosúlacht ann.
Bíonn an chosúlacht ann mar adeir an tincéara leis an asal (leathfhocal) — is léir ó dhuine nó ó bheithíoch an dea-údar nó drochúdar é. Is léir ó rud, an olc nó maith é, gan é a fhéachaint chor ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Is maith an t-údar é, bíonn an chosúlacht ann.
Dheamhan is móide gur taibhse ar bith a bhí ann ach go mbíonn an chosúlacht ann, mar adeir an tincéara leis an asal.
Cá bhfios dúinne go bhfuil tada ann (siógaí nó taibhsí). Ach bíonn an chosúlacht ann ina dhiaidh sin.
+
'Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht' (seanfhocal).
Níor mhiste dhuit dhá mbeifeá gan buille ar bith a dhéanamh ach cuir an-chosúlacht ort fhéin — dhá dtrian den damhsa an chosúlacht tá a fhios agat.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan is móide leithphínn rua ag an bhfear ach go bhfuil sé an-fheistithe, agus nach in é a mbíonn cailíní óga a iarraidh. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht, mar adeireadh M. Bh. fadó.
Dheamhan ar mhiste duit dhá mbeifeá gan aon choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach lig goití ort fhéin ar a dhul amach ar an urlár duit. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Dheamhan ceo ceirde aige ach an oiread liomsa murach na goití, ach nach in é a dhóthain. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.
Muise dheamhan fios aige sin céard a bhaineanns de ghunna ach dhá ligean air féin, nuair a fhaigheanns sé daoine simplí le géilleadh dhó. Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht. Is cóir adeir an fear fadó fhéin.
b.
+
'Sé a chosúlacht nach ndéanfaidh sé aon aitealla go faoithin
Báisteach go deo anois é. 'Sé a chosúlacht é.
TUILLEADH (5) ▼
Fear i dteannta anois é. 'Sé a chosúlacht é.
Tá sé bánaithe. 'Sé a chosúlacht é.
'Sé a chosúlacht nach ndéanfaidh sé aon suaimhneas mura dtugtar cead a chomhairle fhéin dó.
I nDomhnach, 'sé a chosúlacht go bhfuil sé spréachta.
'Sé a gcosúlacht go ndéanfaidh siad raic mura bhfuil ag Dia (na ríochta ag ullmhúchan i gcomhair cogaidh)
+
Bhí sé ar meisce i gcosúlacht; de réir cosúlachta
Níl sé ar fónamh i gcosúlacht.
TUILLEADH (4) ▼
Níl sé i gcosúlacht a bheith ró-óg, ach ní fhéadfadh sé a bheith an-tsean.
Dheamhan a bhfuil sé i gcosúlacht a bheith an-fhoghlamtha, ach ní bheadh a fhios agat ina dhiaidh sin.
Níl an féar i gcosúlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreofadh sé ina dhiaidh sin fhéin.
Ní teach an-mhór é i gcosúlacht, ach tá áirge mhaith ina dhiaidh sin ann taobh istigh.
2.
·
An bhfuil aon chosúlacht ann fós? — an aithneofá ar an mbean go bhfuil sí ag iompar?
Shílfeá go mbeadh sé in am aici cosúlacht eicínt a bheith ann feasta.
3.
leagan éadain srl. pictiúr.
a.
+
Is leis an athair is mó atá sé ag gabháil i gcosúlacht. Níl mórán cosúlachta aige leis an máthair chor ar bith.
'Sé is lú cosúlacht le na Céidigh; níl mórán cosúlacht aige le na Céidigh chor ar bith (na Céidigh muintir na máthar nó an athar)
TUILLEADH (3) ▼
An té a chuirfeadh i gcosúlacht é le seanPh., bheadh dul amú mór air. Níl cosúlacht ar bith eatarthub.
Ní fhéadfá é a chur i gcosúlacht liomsa, mar níl sé ag dul i gcosúlacht liom beag ná mór.
Is mór atá sé ag gabháil i gcosúlacht leis an bplíoma is seanathair dó.
+
Tú fhéin nó do chosúlacht a bhí ann — thú féin nó do thaisí
Muran tú fhéin a chonaic mé, 'sé do chosúlacht a chonaic mé, sin nó tá mearbhall orm.
TUILLEADH (3) ▼
Nach mé nach n-aithneodh é go deimhin! Síleann tú gur caoch atá mé! É fhéin nó a chosúlacht a bhí ann. Thabharfainn mionna an leabhair air!
Ba é S. N. Ph. nó a chosúlacht a bhí ann. Nach n-aithneoinn an feic bradach in áit ar bith!
Dar ndóigh, muran tú, 'sé do chosúlacht a chonaic mé, agus fág mar sin é.
b.
·
Cuir a chosúlacht go Meiriceá — pictiúr.
B'éigean cosúlacht an mhalraigh sin a chur go dtí N. go Meiriceá. Bhí sí ag strócántacht dá iarraidh.

Féach freisin

cosúlacht in iontrálacha eile (50+)

 
Téirigh ag an dochtúr leis an taobh sin agat faitíos na timpiste. Deir tú go bhfuil an phian ag smearadh amach. Sin dea-chosúlacht. Deir siad má smearann an phian gur comhartha é nach bhfuil aon easna briste. Ach ní bheadh a fhios agat. Is fhearr a dhul roimhe in am
 
faoisc
Ar faoisceadh na tornapaí seo chor ar bith. Ní hé a gcosúlacht gur faoisceadh.
 
fliche
Is mó an chosúlacht atá ar an tráthnóna go ngabhfaidh sé chun fliche.
 
Cáid ag dul chuig an gcoláiste sin anois é? … Seacht nó hocht de bhlianta. Agus gan aon chosúlacht air críoch ar bith a bheith air fós! Éiríodh sé as agus iarradh sé an dole. Ba é ba somhaoiní dhó. Is olc an rud a bheith ag iascach ar pholl gan freagairt.
 
Meas tú an bhfuil sé siúd chomh dólom agus atá a chosúlacht? Tá sé an-fhágtha, an-mhaolscríobach ag imeacht. Shílfeá agus a bhfuil d'airgead ag a dheirfiúr go gcuirfeadh sí foireann air agus gan é a bheith sna ceamachaí mar siúd. Ach chreidim nach miste léithe
 
Is olc an chosúlacht an camán luatha sin muis. Tuilleadh den uair mhóir. Ach grásta Dé, ní éireoidh sé as an ngairfean chor ar bith.
 
Dheamhan lá ó tháinig cuimhne dhom, nár chuala mé an ceann céanna ag ceisneamh, agus ag ligean tinnis uirthi fhéin, ach tá sí ansiúd ina ruacán caillí fós agus gan cosúlacht ar bith báis uirthi.
 
Dar mo choinsias muise, mura bhfuil an capall an-mhín, ní hin é an cinnire ab fhearr liom ina héadan — bás bradach. Má chuireann sí cosúlacht ar bith uirthi, dheamhan an dóichíde rud a dhéanfadh sé sin ná cead an bhealaigh a thabhairt di
 
Tá sé ag déanamh cipiléireacht eicínt le móin le gabháil chun seachtaine, ach dheamhan mórán cosúlacht ar an bportach go raibh sé ann.
 
Ní hin é an chaoi le clochneart a chaitheamh ón ngualainn chor ar bith. Níl tusa ag cur deis ar bith ort fhéin léithe. Ar an láimh atá tú ag cur an stró ar fad, i leaba é a chur ar an ngualainn agus ar an slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú ag cur cosúlacht chaite eicínt ort fhéin!
 
Nach coimhthíoch an sórt duine é nach dtiocfadh i láthair comhluadair. Feicfidh tú gurb é an chaoi a mbeidh sé, nuair a thiocfas tuilleadh dhá aois, ar an gcaoi chéanna a raibh an t-athair. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air!
 
Shílfeá go raibh sé in am agat éirí as an slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosúlacht fós ort agus thú ag céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céanna a chur as do chreatlaigh.
 
Tá sé cúirialta go leor i gcosúlacht, ach téirigh sa gceann sin leis go bhfeice tú!
 
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fia, ní mór dhó airgead lena tógáil. D'íosfadh sí siúd an tsáith Mhuimhneach, 'sé sin, mura bhfuil sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile.
 
Is maith a chruthós sí nó tiocfaidh sí ó chrích. Ní hé a mhalrait dhe chosúlacht atá uirthi anois. Tá an ghrian ag dul siar agus gan aon fhear dhá hiarraidh.
 
beo 2
Dúirt cailleach na clúide nár bheo léithe a beo ó b'éigean di athrú as an mbaile. Ach dheamhan mórán clóice a bhí uirthi ina dhiaidh sin i gcosúlacht.
 
Má bhíonn sé taobh le beochan, beidh an scéal go maith, ach tá faitíos orm go n-éireoidh sé ina stoirm thinte. Ní hé mhalrait de chosúlacht atá air.
 
Ina bhrachán a bheas sé — ní hé a mhalrait de chosúlacht atá ar an saol.
 
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin agus ná bíodh cosúlacht chomh breallach sin ort.
 
bruach
Tá an lot ina chora fré chéile anois le na bruachannaí atá ag teacht air. Dheamhan bréag nach ar an láimh atá an droch-chosúlacht.
 
aer
Má bhíonn cosúlacht deoir as aer air, 'sí an áit istigh a áit
 
buan
Is buan an stróic shléibhe í sin ina dhiaidh sin. Tá sí fhéin agus a cosúlacht in aghaidh a chéile
 
buil
'Sé a chosúlacht nach buil leis tada ar fónamh a dhéanamh ar chuma ar bith, hé brí cén mhístaid ná millteanas a dhéanfas sé
 
Tá a ghlúin ina búistiún ag gabháil chun seachtaine agus níl aon chosúlacht traoitheadh fós uirthi.
 
ainm
Bhí sé in ainm is a bheith ag dul ina shagart an bhliain cheana ach is beag an chosúlacht sagairt atá anois air
 
amach
Bíonn cosúlacht an gheimhridh air ó Fhéil Muire Mór amach.
 
Is fada an lá ag iarraidh ceart a bhaint amach sibh, agus ní fheicim go bhfuil mórán cosúlachta oraibh fós.
 
'Sé a chosúlacht go séidfidh sé amach anois í — báisteach
 
áirc
Bheadh an áirc déanta agat ó thosaigh sé, agus dheamhan cosúlacht tús na deireadh fós air.
 
Éireoidh na daoine amach níos measa, réir a gcosúlachta.
 
airde 2
Ní dhéanfaidh sé níos mó airde de réir a chosúlacht'.
 
anam
Tá sé chomh maith do na daoine a dhul ag déanamh a n-anama, mar 'sé a chosúlacht gurb é deireadh an domhain é.
 
aníos
Níl cosúlacht aníos ar bith orthu — cosúlacht fáis
 
Is mó an chosúlacht ardú atá uirthi (ar an stoirm) ná claochmú. Oíche gártha anois í.
+
Níl aon chosúlacht (ghotha) athrú ar an uair
TUILLEADH (6) ▼
Scabhaitéara críochnaithe thú agus ní hé a athrú de chosúlacht atá ort — cosúlacht an scabhaitéara atá ort
Déanfaidh sé báisteach anois. Ní hé a athrú de chosúlacht atá air
Príosún a gheobhas tú as a dheireadh. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ort
Báite a bheas tú ar ball. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ort agus an tóir atá ar shnámh agat
Ag iarraidh achrainn atá sé. Ní hé a athrú de chosúlacht atá air
Aimsir bhriste í anois go cheann píosa. Ní hé a athrú de chosúlacht atá ar an spéir anocht
 
faill
An bhfuair an madadh sin faill ar bith ar an sionnach? Cheapfainn dhá bhfaigheadh nár stró ar bith dhó caoch láimhe a dhéanamh dhó nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile
 
farra
Dhá gclaochmaíodh an farra bradach seo b'fhéidir go ngabhfadh an uair chun cineáltais, ach tá chuile chosúlacht air ach claochmú
 
Tá na tamhnachaí sin fáltasach théis gur suarach an chosúlacht atá orthu. Bíonn slí airgid acu ina dhiaidh sin
 
féith 1
Tá gruannaí géara aige agus goinfhéasóig air cheana théis nach bhfuil na deich mbliana sáraithe aige. Déanfaidh sé an-spliota fir: sin nó tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile. Tá féith ón tsinsir ann. Is furasta a aithinte air é.
 
Tá an-dea-chosúlacht ar an oíche, ach ní bheadh a fhios agat. Tá an ghealach an-ghreadhnach. Ní rachainn faoi dhuit nach báisteach a d'fheicfeá roimhe mhaidin. Deir siad nach féidir oíche fhómhair a thrust. Oíche fhómhair nó intinn mná óige. Sin é adeir siad. Dheamhan a mbíonn de ghaisce ar chuid de an mná óga muis!
 
Tá chuile chosúlacht air ach cosúlacht imeachta as — déarfaidh go raibh sé ag titim chun feola óna ghotha, ach ar aon chor, ní raibh sé ag tanaíochan a dhath
 
imigh
Cé a shílfeadh go n-imeodh sé d'aon iarraidh mar sin agus nach raibh fear sa tír ba láidre ná é i gcosúlacht — duine a gheobhadh bás tobann
 
imní
Bhuail imní mé, agus bhuail sí go maith mé, nuair a bhain sé an dó dhéag agus gan aon chosúlacht teacht air
 
ith
Nuair nach bhfaca mé fhéin aon chosúlacht aon ghreim le n-ithe, lig mé liom fhéin — nuair nach bhfaca sé go raibh aon chosúlacht ar mhuintir an tí aon bhia a chur faoi réir, d'imigh leis