1.
cuma, crot, deilbh, cumraidheacht, gothadh, cruth, deallradh; ar aon-bhéas.
a.
+–
Tá cosamhlacht bháistighe, ghála, sheaca, thoirnighe etc. air.
Níl aon-chosamhlacht aitealla air fós.
TUILLEADH (8) ▼
'Bhfuil cosamhlacht glanadh a' bith a' teacht air? = aon-chosamhlacht go nglanfadh an lá.
Is air atá cosamhlacht an fhuaicht.
Diabhal bréag nach air an oidhche atá an droch-chosamhlacht.
Dheamhan deagh-chosamhlacht a' bith ar an aimsir; is air atá an droch-chosamhlacht.
Tá an-chosamhlacht bháistighe air = gothadh báistighe.
Is air atá cosamhlacht a' gheimhridh!
Is olc an chosamhlacht atá air = tá droch-ghothadh ar an aer, uair mhór atá air.
'Bhfuil aon-chosamhlacht leigean faoi air fós?; bhfuil aon-chosamhlacht claochmuighthe air? (droch-lá, duine a's taghd air etc.).
+–
Cosamhlacht uilc, feirge, báis, pósta, imtheachta, dúiseachta etc.
Tá sé in am aige cosamhlacht eicínt a chur air fhéin feasta = cuma pósta, oibre, imtheachta, nó pé'r bith rud a bheadh igceist.
TUILLEADH (8) ▼
M'anam má's leis pósadh imbliadhna, go bhfuil sé in am aige cosamhlacht a chuir air fhéin feasta. Beidh an Carghaos in a mhullach d'aon-iarraidh.
Ceadh nach bhfuil aon-chosamhlacht air ach mar sin? Shíl mé go raibh sé ag dul a' pósadh bog te an lá faoi dheire.
Breagh, má's leat a dhul ann, nach gcuireann tú cosamhlacht (imtheachta) eicínt ort fhéin feasta!
Dheamhan cosamhlacht corruighe fós air, ná cuid de chosamhlacht.
Dheamhan cosamhlacht (báis etc.) fós air.
Tiubharfa sé isteach í imbliadhna (pósfa sé). Tá sé 'cur cosamhlacht air fhéin.
Is beag a' cosamhlacht pósta atá air.
Déarfainn rud eicínt le Seán annseo, bail ó Dhia air, go bpósfad sé go goirid, mar 'sé is mó cosamhlacht.
+–
'Sé is lugha cosamhlacht maitheasa dhá bhfaca mé ariamh. = níl cuma oibre ar bith air.
'Bhfuil aon-chosamhlacht eirghe fós air?
TUILLEADH (2) ▼
Tá, cosamhlacht na leisce! Sin í an chosamhlacht atá air, 'sí sin.
Cuir cosamhlacht eicínt oibre ort fhéin, a's ná bí ag imtheacht a' rámhóireacht mar sin.
·
Ní hé do chosamhlacht fhéin atá air siúd chor a' bith = níl sé ar aon-bhéas leat, ní hé do bhealach-sa atá leis, nó ní h-ionann snuadh dhaoib.
Ná bí do do chuir féin i gcomórtas le Jude chor a' bith. Is beag a' baoghal gurb é do chosamhlacht fhéin atá uirre sin.
+–
Tá cosamhlacht bhuadhartha, dhona, mhaith, bhrónach, olc etc. air.
Tá cosamhlacht meisce air shílfeá.
TUILLEADH (6) ▼
'Sé 'chuir cosamhlacht an uilc air fhéin.
Dheamhan cosamhlacht óil a' bith a chonnaic muide air.
Dheamhan cosamhlacht de'n rath atá sé a chur air fhéin le aon-bhean 'fhaghail.
Tá an-chosamhlacht air = duine a bheadh a' breathnú go maith (ciall amháin).
Is mór atá cosamhlacht na h-aoise a' teacht air.
M'anam gur maith uaidh cosamhlacht na h-óige a choinneál.
·
Is olc an chosamhlacht aonaigh atá air = beidh droch-aonach ann. Ní bheidh mórán ar an aonach.
+–
Ó'n gcosamhlacht a chuir sé air fhéin, deir [tú] leat fhéin go ndéanfadh sé cat a's dá rioball, ach badh gearr le dhul é 'na dheidh sin, nuair a féachadh amach é.
Ó'n gcosamhlacht atá ar an áit, ní shílfeadh aon-duine beo, go bhféad(f)aí sagart a dhéanamh as.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail faitchíos mé leis an gcosamhlacht a chuir sé air fhéin.
+–
Caillte ar a' mbóthar a gheobhthar é, oidhche eicínt. Ní hé 'mhalrait de chosamhlacht atá air, a's chomh dúlaidhe a's atá sé ins an ól.
Mara dtuga sé aire dhó fhéin, de dhruim tighe a bheidheas sé. Tá 'fhios ag an saoghal fódlach, nach hé a mhalrait de chosamhlacht atá air.
TUILLEADH (4) ▼
Sé'n chaoi a mbeidh sí ar ball, fágtha annsiúd ar a' tráigh thirm, gan Murrchadha gan Maghnus. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá uirre, a's chomh deacair a's atá sé í 'shású faoi fhear. = ní iarrfa fear a' bith í, as deire na cúise.
Shílfeá gur ag iarraidh dóigh a dhéanamh dhíom atá tú. Dheamhan ab é 'mhalrait de chosamhlacht atá ort.
Bánócha sé muid, má thugtar cead a chinn dó. Feiceann tú fhéin, nach hé a mhalrait de chosamhlacht atá air.
Dhá bhfaghadh sé sin, an té 'dhéanfadh obair dó, dheamhan smeach a' bith a dhéanfadh sé fhéin, ach imthighthe a' bóithreoireacht. Dheamhan ab é a mhalrait de chosamhlacht atá air.
+–
Is fear é sin atá láidir — sin nó tá sé fhéin a's a chosamhlacht in aghaidh a chéile; is fear é atá láidir, mara bhfuil sé ag dul in aghaidh' chosamhlacht'; tá cosamhlacht air a bheith láidir.
M'anam muise, má tá sé folláin, go bhfuil sé fhéin a's a chosamhlacht in aghaidh a chéile. Dheamhan a' bhfaca tú ariamh aon-duine is caillte snuadh ná é.
TUILLEADH (7) ▼
Dar príosta má tá sé go lághach, tá sé a' gabhail in aghaidh 'chosamhlacht, arae tá gothadh crochadóra air.
Sin ughdar maith tairbh, mara bhfuil sé fhéin a's a chosamhlacht ag dul in aghaidh a chéile = déanfa sé tarbh maith de réir cosamhlachta.
Déanfa sí sin an-rúisc mná, sin nó tá sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile. 'Bhfeiceann tú an síneadh atá fúithe cheana fhéin, a's gan í ach trí déag nó ceathar déag.
Is fear é sin atá 'faghail amhgair, mara bhfuil sé ag dul in aghaidh a chosamhlacht'. Bhíodh sé sin ramhar beathuighthe, ach dheamhan bior-eanga thuas air anois.
Tá sí sin a's a cosamhlacht ag dul in aghaidh a chéile go mór. Shílfeá ar a buaic a's ar a slinneán gur togha capaill í, ach dhá bhfeicfeá faoi ualach í, dheamhan a dtiubharfá do sheacht mallacht uirre. Ach níl fhios agham nach bhfuil codaigheacht a' gabhail di freisin, arae mhill sé í an chéad am.
Is diabhaltaidhe atá sé ag dul in aghaidh a chosamhlacht muis, marab é an chaoi nach dteigheann sé sa mbile buaic leis fhéin. Chonnaic mise scurachaí, nach gcuirfeá sonntas a' bith ionnta(b) a' tabhairt gaoithe (ag árdú) do'n chloich sin, a's shílfeá nach bhfaigheadh forránach fir mar eisean craitheadh 'bith innte, ná dhá mbeadh sí faoi dhó an oiread meadhchain a's tá sí.
'Bhfeiceann tú an gort fataí sin? Ní fhaca tú ariamh aon-rud atá ag dul in aghaidh a chosamhlacht' mar é. Shílfeá ar a' mbarrann atá air sin, go mbeadh gruadháin d'fhataí ann, ach ar a shon sin, níl oiread cubharláin is chuile cheann aca(b). Bhí sé ro-leasuighthe, a's chuir sé suas an iomarca barrainne idtús bliadhna. Ná bac le cur a' bith a dhéanfas é sin.
+–
Tá a chosamhlacht le na chois = tá a comharthaidheacht le na chois; Tá a chumraidheacht le na chois; tá a shéala air; tá a shliocht air; is furast' aithinte air é.
Bheadh fhios ag aon-duine beo gurb é a ghoid an coirce. Nach bhfuil a chosamhlacht le na chois! Cé eile a mbeadh fhios aige go raibh an mála sin amuigh sa scioból, a's gur indé roimhe sin a chuir mé ann é?
TUILLEADH (2) ▼
D'eile cé 'dhéanfadh é, ach é. Nach raibh a chosamhlacht le na chois, an té a thogair a fheiceál.
Droch-bhliadhain a dhéanfas sí, tá faitchíos orm. M'anam go bhfuil a chosamhlacht le na chois. Níl barrann shlán a' gabhail liom, nach bhfuil ithte ag dubhachan, a's gan é in a Fhéil San Seáin fós.
+–
Bíonn an chosamhlacht ann.
Bíonn an chosamhlacht ann mar deir an tincéara leis an asal. (leath-fhocal) = is léar ó dhuine nó ó bheithidheach an deagh-ughdar nó droch-ughdar é. Is léar ó rud, an olc nó maith é, gan é 'fhéachaint chor a' bith.
TUILLEADH (3) ▼
Is maith an t-ughdar é, bíonn an chosamhlacht ann.
Dheamhan's móide gur taidhbhse 'bith a bhí ann, ach go mbíonn an chosamhlacht ann, mar deir a' tincéara leis an asal.
Cá bhfios duinne go bhfuil tada ann (sidheogaí nó taidhbhsí). Ach bíonn an chosamhlacht ann 'na dheidh sin.
+–
'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht' (sean-fhocal).
Níor mhiste dhuit dhá mbeitheá gan buille 'bith a dheanamh, ach cuir an-chosamhlacht ort fhéin — 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht tá fhios aghad.
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan's móide leithpighinn ruadh ag a' bhfear, ach go bhfuil sé an-fheistighthe, a's nach shin é 'mbíonn cailíní óga a iarraidh. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht', mar deireadh M. Bh. fadó.
Dheamhan ar mhiste duit, dhá mbeitheá gan aon-choisméig dhamhsa dhéanamh ariamh, ach leig goithtí ort fhéin, ar a dhul amach ar an urlár duit. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
Dheamhan ceo ceirde aige, ach an oiread liomsa, marach na goithtí, ach nach shin é a dhóthain. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht'.
Muise dheamhan fios aige sin, céard a bhainea(nn)s de ghunna ach dhá leigean air féin, 'nuair a fhagha(nn)s sé daoine simplidhe le géilleadh dhó. 'Dhá dtrian de'n damhsa an chosamhlacht.' Is cóir adeir an fear fadó fhéin.
b.
+–
'Sé a chosamhlacht nach ndéanfa sé aon-aittealla go faoithin (aithtealla = aith-deal).
Báisteach go deo anois é. 'Sé a chosamhlacht é.
TUILLEADH (5) ▼
Fear idteannta anois é. 'Sé a chosamhlacht é.
Tá sé bánuighthe. Sé a chosamhlacht é.
'Sé a chosamhlacht nach ndéanfa sé aon-suaimneas, mara dtugtar cead a chomhairle fhéin dó.
InDomhnach, 'sé a chosamhlacht go bhfuil sé spréachta.
'Sé a gcosamhlacht go ndéanfa siad raic mara bhfuil ag Dia (na ríoghachta ag ollmhachan i gcomhair cogaidh).
+–
Bhí sé ar meisce i gcosamhlacht; de réir cosamhlachta
Níl sé ar foghnamh i gcosamhlacht.
TUILLEADH (4) ▼
Níl sé i gcosamhlacht a bheith ro-óg, ach ní fhéadfadh sé a bheith an-tsean.
Dheamhan a bhfuil sé i gcosamhlacht a bheith an-fhoghluimta, ach ní bheadh 'fhios aghad 'na dheidh sin.
Níl a' féar i gcosamhlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreoghfadh sé 'na dheidh sin fhéin.
Ní teach an-mhór é i gcosamhlacht, ach tá áirge mhaith 'na dheidh sin ann, taobh istigh.
2.
·
'Bhfuil aon-chosamhlacht ann fós? = an aithneochthá ar a' mbean go bhfuil sí ag iomchur?
Shílfeá go mbeadh sé in am aice cosamhlacht eicínt a bheith ann feasta.
3.
leagan éadain etc. pictiúr.
a.
+–
Is leis an athair is mó atá sé a' gabhail i gcosamhlacht. Níl mórán cosamhlacht' aige leis a' máthair chor a' bith.
'Sé is lugha cosamhlacht le na Céidigh; níl mórán cosamhlacht aige le na Céidigh chor a' bith (na Céidigh muinntir na máthar nó'n athar)
TUILLEADH (3) ▼
An té a chuirfeadh i gcosamhlacht é le sean-Ph. bheadh dul amudha mór air. Níl cosamhlacht a' bith eatorra(b).
Ní fhéadfá é 'chur igcosamhlacht liomsa, mar níl sé a' dul i gcosamhlacht liom beag ná mór.
Is mór atá sé a' gabhail i gcosamhlacht leis an bplíoma is sean-athair dó.
+–
Tú fhéin nó do chosamhlacht a bhí ann = thú féin nó do thaisí.
Maran tú fhéin a chonnaic mé, 'sé do chosamhlacht a chonnaic mé, sin nó tá mearbhall orm.
TUILLEADH (3) ▼
Nach mé nach n-aithneochadh é go deimhin! Síleann tú gur caoch atá mé! É fhéin nó a chosamhlacht a bhí ann. Thiubharfainn mionna an leabhair air!
Badh é S. N. Ph. nó a chosamhlacht a bhí ann. Nach n-aithneochainn an feic bradach in áit ar bith!
Dar ndóigh, maran tú, 'sé do chosamhlacht a chonnaic mé, a's fág mar sin é.
b.
·
Cuir a chosamhlacht go Meriocá = pictiúr.
B'éigean cosamhlacht an mhalraigh sin a chur go dtí N. go Meriocá. Bhí sí a' strócántacht dá iarraidh.
Cosamhlacht in iontrálacha eile (27)
Dheamhan lá ó tháinic cuimne dhom, nachar chuala mé an ceann céadna a' ceisniú, a's a' leigean tinnis uirre fhéin, ach tá sí annsiúd in a ruacán caillighe fós, a's gan cosamhlacht a' bith báis uirre.
→
cinnire
Dar mo choinsias muise, mara bhfuil an capall an-mhín, ní shin é an cinnire ab fhearr liom in a h-éadan — bás bradach. Má chuireann sí cosamhlacht a' bith uirre, dheamhan a' dóichide rud a dhéanfadh sé sin, ná cead a' bhealaigh a thabhairt di.
Tá sé a' déanamh cipiléaracht eicínt le móin, le gabhail 'un seachtmhaine, ach dheamhan mórán cosamhlacht ar a' bportach go raibh sé ann.
Ní shin é an chaoi le cloich-neart a chaitheamh ó'n ngualainn chor a' bith. Níl tusa a' cur deis a' bith ort fhéin léithe. Ar a' láimh atá tú a' cur an stró ar fad, i leaba, é 'chuir ar a' ngualainn a's ar a' slinneán. Anois b'fhéidir! Tá tú a' cur cosamhlacht chaithte eicínt ort fhéin!
Shílfeá go raibh sé in am aghad eirghe as a' slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosamhlacht fós ort a's thú a' céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céadna a chur as do chreatalaigh.
Má phósann sé an cráisiléad siúd, dar fiadh, ní mór dhó airgead le na tógáil. D'íosfad sí siúd an t-ádh Mhuimhneach, sé sin, mara bhfuil sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile.
Fáisc do chuid éadaigh suas ort fhéin, a's ná bíodh cosamhlacht chomh briollach sin ort.
→
buan
Is buan a' stróic shléibhe í sin, in a dheidh sin. Tá sí fhéin a's a cosamhlacht in aghaidh a chéile.
Is fada an lá ag iarraidh ceart a bhaint amach sib, agus ní fheicim go bhfuil mórán cosamhlacht' oraí(bh) fós.
→
imigh as
Tá chuile chosamhlacht air, ach cosamhlacht imtheacht' as. = déarfa go raibh sé ag tuitim chun feola ó'n a ghothadh, ach ar aon-chor, ní raibh sé ag tanuidheachan a dhath.
→
dalba
Is dalba an aimsir í, agus gan cosamhlacht claochmhú ar bith air. Má mhaireann an sneachta seo i bhfad eile, beidh beithidhigh criogtha, an uair nach féidir a leigean amach. Ach diabhal mé go bhfuil na daoine féin in an-chaoi freisin
→
dealg
Dealg sceiche a thóig sé an chéad uair agus ní thiubharfadh sé cead d'aonduine a dhul in a goire nó go ndearna sí cois bhocht ins an deire. Chuir mé ceirín léithe le cupla oíche ag ceapadh go dtarraingeochadh sé an droch-adhbhar, ach dheamhan cosamhlacht air scaradh fós léithe. Níl ceirín ar bith adeir siad is fhearr ag dealg ná teanga an tsionnuigh dá mbeadh sí againn. Tharraingeochadh sí sin de ghort an gharta é, ach cá'il sí? Sin é an buille.
→
diaidh
Is maith atá an sean-bhicycle sin ag cruthachtáil agus é a bheith indiaidh a chéile fós. Is maith an t-achar agad é sin anois. Ní mheasaim go mbeidh sé i bhfad eile indiaidh a chéile muis. Tá cosamhlacht an-chraithte anois air
Ní bhfuair muid tada ann ach an doicheall. Dheamhan láimh féin a craitheadh linn ná fáilte a cuireadh romhainn. Bhí siad cho gruamánta, agus gan smid de'n chaint aca … Bail ó Dhia ort! Tae muis! Bhí cosamhlacht mhór orra siúd go deimhin, a dhul ag réidhteach dhuinn. D'imigh linn ar an dá luath agus a bhfuair muid an deis
→
doiligh
Ní raibh aon-bhanbh ar an margadh is lugha a raibh cosamhlacht údair air ná é. Déarfá len a fheiceál narbh fhiú deich triuf é. Ní cheannóchadh sé ar a bhfaca sé ariamh é, marach nach raibh sé indon ní b'fhearr a dhéanamh. Ach feacha in a dheidh sin gur maith a chruthuigh sé. Bhí moladh mór ar na bainbh ar tugadh an t-airgead mór orra. Ach bhuail an droch-cheann amach uiliog iad. An rud is doilighe le duine b'fhéidir gurb é a leas é.
→
dol 1
Níl an uair briste fós. Níl mórán cosamhlacht claochmú ar an aer sin ó thuaidh. Dola eile sneachta atá air cho siúráilte agus atá cluais ar do cheann = níl an claochmú ar fáil fós (ó shioc go báisteach). Tá tuairt eile shneachta air
Is dramhsach dona an tsuaróigín do bhean a casadh air, faoi dheireadh thiar, léis (tar éis) a raibh de ghoittí aige. Go deimhin is gearr an bás uaithe, nó tá sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile
→
déan 1
Is mór m'fhaitíos nach ndéanfaidh sé aon-ghnatha faoi nachar eirigh leis posta ar bith a fháil fós. Nach sílfeá go mbeadh sé in am aige cosamhlacht eicínt a chur air féin feasta
→
díle 1
Dheamhan aithdeal ná aithdeal ná cosamhlacht ar bith air. Tá ceann-faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnuí.
→
dúd
Is diabhlaí atá sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Ní cheapfadh duine go deó dhi go bhfuil focal foghluim' in a pluic, ach is dúd í in a dheidh sin. Tá neart scoláireacht' uirre
→
dúil
Má's léithe siúd atá a dhúil, tá faitíos orm gur mór an mearbhall atá ar mo dhuine bocht. Ní scarfaidh sí siúd le cianóig ruaidh go mbeidh sí in athchur an anama, agus m'anam gurb iomdha bliain é sin fós, mara bhfuil sí féin agus a cosamhlacht in aghaidh a chéile. Is duine críonna a bheadh indon a rádh céard a dhéanfas sí siúd fós len a cuid airgid.
Ná bac le cosamhlacht thart a bheith air. Ag dul 'un fad (faid) atá sé. Dubhairt Churchill an lá faoi dheireadh go mbadh cogadh go ceann trí bliana fós é
Is maith í an fhoighid, ach is olc í an fhaillighe. Tá faitíos orm go bhfágfaidh tú thú féin, nó nach mbeidh aon-mhaith dhuit a dhul romhat féin. Tá an rud sin anois ag dul duit leis an fhad seo, agus gan cosamhlacht ar bith air imeacht