Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
crámhar, cramhar
ainmfhocal, firinscneach
báisteach a bheadh sé a chroitheadh anuas; rilleadh báistí ach beochan beag gaoithe a bheith léithe; ach deirtear freisin le báistigh mhairbh é, nó báisteach a d'imeodh ina riascannaí; moirt bháistí.
+
Tá an-chrámhar ann.
Tá sé ag caitheamh an-chramhar báistí.
TUILLEADH (11) ▼
Is fhearr dhuit scoireadh muran leat thú fhéin a fhliuchadh leis an gcramhar bhradach sin.
B'fhéidir go nglanfadh sé suas as an gcramhar báistí sin as seo go tráthnóna. Ní bhíonn a leithide sin buan.
Ní bheadh an cramhar sin achar ar bith do do fhliuchadh, dhá mbeifeá fúithi.
'Sé an scéal é, níl foscadh in aon áit ón gcramhar báistí sin, mar 'sé an chaoi a bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agam ligean liom fhéin abhaile agus an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aiteall: meas tú nár mhaith an beart é?
Tuige ar fhan tú amuigh do do chailleadh fhéin faoin gcramhar caca sin, agus neart breithe agat ar an rud sin a dhéanamh lá eicínt eile.
Shílfeá go bhfuil goití geala ar an spéir chuile phointe, agus má tá fhéin, is beag an mhaith sin. Dheamhan aitealla a thiocfas dó ach ar an gcramhar sin go faoithin.
Níl aon trua le déanamh dhaoibh, nár tháinig abhaile fearacht chuile dhuine eile. Nach raibh a fhios agaibh nach mbeadh an lá in araíocht aon bhuille a dhéanamh ó thosaigh sé ar an gcrámhar sin!
Dheamhan a chos a chuaigh ar foscadh fhéin nuair ba mheasa a bhí an cramhar báistí inniu. Sin é atá santach ag an obair!
B'fhearr dúinn fanacht scaithín eile go bhfeice muid linn. 'Sé mo mheas go righneoidh an lá as an gcramhar sin ina dhiaidh sin, ach foighid a bheith againn tamaillín!
Is olc í an cramhar bháistí sin ag fataí anois. Feicfidh tú dúchan amárach nó tá mise ag dul amú go mór.
Tá chuile shórt ina mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál ar bith báistí is sailí ná í. Dá gcaitheadh sé foracan breá in éindí agus éirí as ansin, níor leath dochair é, ach tá an cramhar sin mífholláin.

crámhar in iontrálacha eile (1)

 
Amach sa Mí Mheáin a theagas an dúchan. Uair mharbhánta cheo is measa. Sin í a bhuac. M'anam agus ná raibh ag an diabhal go bhfeicfeá na lorgachaí leata leis théis oíche a gcaithfeadh sé crámhar beag báistí