Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Crámhar, Cramhur
ainm-fhocal, firinscneach.
báisteach a bheadh sé a chraitheadh anuas; roilleadh báistighe ach beodhchan beag gaoithe a bheith léithe; ach deirtear freisin le báistigh mhairbh é, nó báisteach a d'imtheochadh 'na riascannaí; moirt bháistighe.
+
Tá an-chrámhar ann.
Tá sé a' caitheamh an-chramhar báistighe.
TUILLEADH (11) ▼
Is fhearr dhuit scuireadh maran leat thú fhéin a fhliuchadh leis a' gcramhar bhradach sin.
B'fhéidir go nglanfadh sé suas as an gcramhar báistighe sin, as seo, go trathnóna. Ní bhíonn a leithide sin buan.
Ní bheadh an cramhar sin achar a' bith do do fhliuchadh, dhá mbeitheá fúithe.
Sé'n scéal é, níl fascadh in aon-áit ó'n gcramhar báistighe sin, mar sé'n chaoi 'bhfuil sé dhá caitheamh anuas díreach. Is mó an bhrath atá agham leigean liom fhéin abhaile, a's an giota fataí sin a fhágáil go ndéana sé aithdeal: meastú nar mhaith an beart é?
Tuige ar fhan tú amuigh do do chailleadh fhéin faoi'n gcramhar caca sin, a's neart breithe agad ar a' rud sin a dhéanamh lá eicínt eile.
Shílfeá go bhfuil goithtí geala ar a' spéir 'chuile phuinnte, a's má tá fhéin is beag a' mhaith sin. Dheamhan aithdeala a thiocfas dó, ach ar an gcramhar sin go faoithin.
Níl aon-truaighe le déanamh dhaoib, nar tháinic abhaile fearacht 'chuile dhuine eile. Nach raibh fhios agaibh, nach mbeadh an lá in araidheacht aon-bhuille a dhéanamh, ó thosuigh sé ar a' gcrámhar sin!
Dheamhan a chos a chuaidh ar fascadh fhéin, an uair ba mheasa a bhí an cramhar báistighe indiu. Sin é atá sanntach ag an obair!
B'fhearr duinn fanacht scaithín eile, go bhfeiceamuid linn. 'Sé mo mheas go roighneocha an lá as an gcramhar sin 'na dheidh sin, ach foighid a bheith aghainn, tamaillín!
Is olc í an cramhar bháistighe sin ag fataí, anois. Feicfe tú dubhachan ambáireach nó tá mise ag dul amudha go mór.
Tá chuile shórt in a mhoirt ag an gcramhar sin. Dheamhan cineál a' bith báistighe is sailighe ná í. Dá gcaitheadh sé foracán breagh in éindigh a's eirghe as annsin, níor leath-dochair é, ach tá'n cramhar sin mío-fholláin.

Crámhar in iontrálacha eile (1)

 
Amach ins an Mí Mheáin a theagas an dubhachan. Uair mharbhánta cheo is measa. Sin í a bhuac. M'anam agus ná raibh ag an Diabhal go bhfeicfeá na lorgachaí leathta leis th'éis oíche a gcaithfeadh sé crámhar beag báistighe