dea-earrach
—ainmfhocal
—
earrach a bheadh go breá, tirim, cóiriúil nó freagrach.
·
Ní theagann dea-earrach ar bith anois
Féach freisin
→
earrach
dea-earrach in iontrálacha eile (4)
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
→
fuacht
Tháinig an fuacht luath i mbliana. Diabhal mé go raibh laethantaí ann faoi Fhéil Michil agus sháraigh siad aimsir ar bith a thiocfadh amach i ndubhluachair na bliana. Ó tá sé le caitheamh aige is fhearr é a chaitheamh (an fuacht a chaitheamh) luath sa ngeimhreadh ná a bheith dhá bhuachailleacht go dteaga earrach. Is mairg earrach an dea-gheimhridh ar chuala tú ariamh é?
→
déan 1
Rinne sé an-gheimhreadh go dtí seo, pé ar bith cén chaoi a dtiocfaidh an t-earrach. Deir siad nach mór dhuit a bheith ar do shon féin ar earrach an dea-gheimhridh. Níor moladh ariamh é