earrach (50+)
→
fánach
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
+
→
féar
Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh
TUILLEADH (2) ▼
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirim dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht de phunt amach anseo san earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) — is maith an éadáil dom fhéin í le coinneáil
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
→
cleite
Tá sé ag cinnt orm abhras ar bith a bhaint as an gcleite cainte atá oraibh. Breá nach ag caint ar fheamainn dearg, nó ar phósaíochaí, nó ar earrach a bheadh sibh?
Níor tháinig aon earrach go hiomaí, is coimhthí ná é. Dheamhan earrach ar bith nach dtiocfadh cuid mhaith breacaimsire, ach níl sé ag tabhairt lá ar bith uaidh i mbliana. Ach ar chuala tú ariamh: seachain earrach an dea-gheimhridh. Níor tháinig aon gheimhreadh le mo chuimhnese ba bhreátha ná é.
B'fhearr dhuit coinicéar mná a fháil in áit eicínt a chuirfeadh an t-earrach thart duit, agus gan thú fhéin a chur síos sa talamh le obair an t-earrach seo aríst.
+
Seachain earrach an dea-gheimhridh. Chuala mé chuile lá ariamh é.
TUILLEADH (1) ▼
Má thagann an geimhreadh go maith, san earrach a thabharfas sé cothromacan síne na huaire uaidh. Luíonn sé le réasún, mura dtuga sé an drochaimsir uaidh sa ngeimhreadh, go gcaithfidh sí a theacht san earrach.
'Is maith an dóigh fataí í sin,' adeir N. leis an Dumhachín. 'Dhá bhfágtaí cupla bliain bán í, is fasair mhaith feamainne boilgíní agus special(cineál leasú siopa) a chur ansin uirthi, agus cur tús earraigh, dar mo choinsias agus bheadh an toradh chéatach uirthi. Dar sliabh bheadh'
+
→
baile
M'anam ó Dhia, go bhfuil Lá Fhéil Pádraig ar ghort an bhaile, agus gan tada den earrach déanta againn fós i mbliana.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé thar am a bheith ag stócáil. Tá an t-earrach ar ghort an bhaile.
Nár ba slán ceoil duit, a éinín! Níor chuala mé ariamh thú go mbeadh an t-earrach is an chruóg ar ghort an bhaile (fear a raibh drogall air roimh an earrach)
→
beart
B'ait liom fear ar fónamh lá an fhómhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna agus a chomhairfeadh í ina bearta. In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, agus punann is fiche i mbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (Doire an Fhéich cuirim i gcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, agus deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart i gCois Fharraige: trí ghlaic dornán, fiche dornán cois, agus cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart.
Deirimse an méid seo leat: nach áit buaile ná seanbhaile d'fhear tí is urláir a bheith istigh ar an teallach lá earraigh, agus a liachtaí rud atá le déanamh.
+
→
bocht 1
"Téann an dlí don duine bocht, mar théanns uisce an earraigh do na cearca" (seanfhocal) — sciúrann sé iad; ní fhágann sé bonn bán orthu
TUILLEADH (2) ▼
Tá faitíos orm go gcaithfidh sibh an t-earrach a dhéanamh ar mo shonsa. Tá mo chois chomh bocht fós agus a bhí sí an tseachtain ar leon mé í, hé brí cén t-údar nach bhfuil sí ag cneasú feasta.
Má tá an t-earrach déanta aige fhéin aige nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag agus píobaire! — is suarach an t-ionadh dó (is beag an dochar dhó; b'iontas é mura mbeadh; tá air aige; is ceart dó; srl.) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá cúnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag clainne, nó go leor clainne)
Ní hé a d'fheilfeadh don duine bocht a bheith buailte suas i lár an earraigh thall, ach cén neart atá air.
→
buan
Arú inné a bhí sé ag caint ar láí nua a cheannacht, ag ceapadh nach mbainfeadh sé an t-earrach as an tseanláí sin. Féacha fhéin gur beag an rud is buaine ná an duine.
+
→
buille
Is mór an buille air go raibh sé buailte suas i gcaitheamh an earraigh. Níor chuir sé síol i dtalamh fós i mbliana.
TUILLEADH (2) ▼
Níl gair agaibh aon bhuille marbh a ligean ionaibh fhéin aríst go mbí an t-earrach curtha.
Is mór is fiú dhuit an ceann oibre sin a bheith críochnaithe agat, arae is féidir leat do scíth a ligean anois agus corrbhuille marbh a ligean in do chuid oibre go dtaga earrach aríst.
+
→
airigh
Ní airím go bhfuil an aimsir bhreá chor ar bith ann lena bhfuair mé d'fhuacht ar bhóthar Bhoth Loiscthe an t-earrach seo (chuaigh) bhart (thart)
TUILLEADH (3) ▼
D'airigh mé corr (cabhar adeirtear) na diallaite ag tógáil sáimhín earrach orm (fc. aireach)
Caithfidh sé go n-airíonn sé ciste (.i. ór folaithe) i ngarraí na hiothlann, mar is ann atá sé ó tháinig earrach.
Ní aireoidh mé í go dtaga an t-earrach agus gan aon duine agam le fágáil i gcionn na bpáistí — san earrach a thuigfeas mé go mba mhór an leas dom a cúnamh agus bíodh sé agam.
+
→
amach
San earrach amach a bhí ann agus cuimhním go maith go raibh mé ag cur bréige thuas i mbarr an bhaile.
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon chruóg air cois a thógáil ón gcois eile amach go hearrach aríst.
Bheadh sé in am ag duine a bheith ag téisclim faoi chomhair an earraigh ó Lá Fhéil Bríde amach.
Beidh cruóg an earraigh orainn ón tseachtain seo amach.
Caithfear tosaí ar an earrach uaidh seo amach ("ó seo amach" amantaí ach is minicí adeirtear "uaidh seo amach".)
→
anuas
Tá Seán P. anuas orainn nuair nár thug muid lá seirsí (r leathan) dhó san earrach (seirsí = seisrí)
→
feac 2
Feacfaidh sé é féin an t-earrach seo, ní hionann agus ariamh. Tá an cúnamh imithe uaidh anois — lúbfaidh sé é féin; caithfidh sé obair a dhéanamh
→
feamainn
'Sí an fheamainn dubh a fhásas ar na clocha amach go dtí díthrá rabharta móir. Leasú maith í. Baintear san earrach í le sceana, agus cuirtear amach ar thalamh fataí í.
→
fonn
Níl aon fhonn earraigh air — fonn a dhul ag déanamh obair an earraigh .i. treabhadh agus fuirseadh srl.
→
furú
Diabhal mé gur aréir ag an dó dhéag a chlog a bhí an furú ar fad air. Shílfeá go mba lá earraigh aige é! Ar ndóigh is cóir adeir siad, gur tráthnóna a níos an tóin an tochras
Mura bhfuil rud ar bith níos fóintí le déanamh aige anois, ach a dhul ag cur chrainnte, is fánach an fear é. Caitheann sé an geimhreadh chuile bhliain ar an gcipiléireacht sin, agus ní bhíonn sop seanleasú amuigh aige ach a dteagann earrach. Mo chreach é.
+
→
fómhar
Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar — ní sa samhradh is mó a bhíos an teas ach sa bhfómhar; san earrach agus ní sa ngeimhreadh is measa an cruatan
TUILLEADH (1) ▼
Ní sa samhradh is meirbhe a theagas an uair ach amach sa bhfómhar, aimsir bhainte an choirce. Ní thigeann fuacht go hearrach ná teas go fómhar ar ndóigh
→
imeacht
Chaith mé in imeacht earraigh uilig ar an gceird sin, ach b'fhearr dhom a bheith in mo chónaí scáth ar thug sí de chluais dom
→
iompair
Is olc an bhean iompair cléibh a fuair sé teacht an earraigh agus eile — níl sí sách láidir ná sách urrúnta le cléibh feamainne aoiligh srl. a iompar agus an t-earrach ar fáil
Ní dhearna sé fionna feanna an t-earrach seo, ach soir agus anoir go dtí an tsráidbhaile seo thoir ag féachaint cén blas a bhí ar an bpórtar
→
fír
An bhfuil fír ar bith ionat? Breá nach n-éiríonn tú de do chadairne agus rud eicínt a dhéanamh ar fud an tí. Is deas an tráth é a bheith ag breacadh do loirgní i mbéal an earraigh thall