Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dlifear
aidiacht
fuaim: dlifear, glifior
 reachtúil; de réir dlí; ag luí le dlí; dlisteanach, cóir, ceart.
+
Bhí sé dlifear an rí sin a chur isteach — de réir dlí; reachtúil
Níl sé dlifear aige sin a bheith sa bposta sin, dhá mbeadh ceart le fáil. Ach níl ceart le fáil. Ní hé is measa dar ndóigh, ach an dream atá dhá choinneáil ann
TUILLEADH (6) ▼
An sílfeása anois an bhfuil sé dlifear acu sin a bheith ag dul timpeall ar an gceird sin chor ar bith. I nDomhnach ní cheapfainnse go bhfuil. Ach diabhal an miste leo sin a bheith dlifear dhó nó gan a bheith. Oibreoidh siad leo
Bhí sé ráite ariamh nach raibh sé dlifear ag póilíos a dhul ag tógáil fuisce ar shochraideacha, ach an bhfeiceann tú an chaoi atá orthu anois. Chuartaigh siad istigh faoin gcorp ansin thiar an lá faoi dheireadh. Fhóbair gur thóg siad an corp anuas den bhord. Diabhal a gceapfainn féin go gcuirfí mórán ar fhear poitín nuair is cúrsaí sochraide é
Níl sé dlifear ag fear ar bith a charr ná a chapall a bheith ar an taobh ó thuaidh de bhóthar agus é ag teacht anoir. Má mharaíonn mótar do chapall ort, nó thú féin sa gcás sin, dheamhan comhaireamh na sop le fáil agat … Féach leo é go bhfeice tú
Má tá sé dlifear ag fear a chol ceathar a phósadh, shílfeá go mbeadh sé dlifear aige a dheirfiúr a phósadh. Ach níl … Ara ná bac leis an ngrifisc sin i gC. Phósfaidís sin a máthair. Ní sampla ar bith do Chríostaithe iad sin
Cén sórt leibideacht sin ort? Má bhí sé dlifear aige féin a dhul sa gcosán nach bhfuil a fhios agat go raibh sé dlifear aige a rogha duine a thabhairt ann. Dlí dhuit féin atá agatsa … Cuirfidh mise mo rogha geall leatsa anois má thugann sé chun dlí iad faoina bhacadh go gcaithfidh sé iad. Caithfidh agus caoch a dhuine sin
Ná bac thusa lena boic mhóra sin. Níl rud ar bith nach bhfuil dlifear acu sin. Ní comórtas ar bith do dhaoine dona iad. Buailfidh piar acu sin isteach chun dinnéir leis an mbreitheamh. Ólfaidh siad dalladh fuisce. Meánn tusa an dtiocfaidh an breitheamh ina aghaidh sin sa gcúirt lá arna mhárach. 'Sé nach dtiocfaidh, agus ná creid thusa ó aon duine go dtiocfaidh. Aithníonn siad sin a nduine féin a mhic ó mo chroí thú. Is orthu nach bhfuil an mhoill

dlifear in iontrálacha eile (1)

 
Is cuma sa diabhal é a bheith dlifear nó gan a bheith. Meas tú an gcomhaireann Dia seacht mbliana ná deich mbliana. An té nach n-íocfaidh an dliteanas, beidh sé roimhe ansiúd ar Leabhar an Chuntais. Sin í an leabhar a bhfuil géilleadh a bheith di agus ní hiad leaibhríní beaga bhreitheamh na héagóra